Imní faoi chreimeadh na Fraincise mar theanga bhaile in New Brunswick

Dúirt Coimisinéir Teanga New Brunswick go bhfuil níos lú daoine ag labhairt na Fraincise sa bhaile agus go bhfuil an baol ann go ndéanfar pobal Béarla den phobal Fraincise

Imní faoi chreimeadh na Fraincise mar theanga bhaile in New Brunswick

Tá imní léirithe ag Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla do New Brunswick, Shirley C. MacLean faoi dhán na Fraincise mar theanga phobail ina cúige – an t-aon chúige atá dátheangach go hoifigiúil i gCeanada.

Agus í ag labhairt ar phainéal cainteoirí ag Comhdháil Idirnáisiúnta Chumann na gCoimisinéirí Teanga i nGaillimh an tseachtain seo, dúirt MacLean go bhfuil lucht labhartha na Fraincise in New Brunswick ag éirí as úsáid na teanga sa bhaile agus go bhfuil baol ann go n-iompóidh an pobal sin ina phobal Béarla.

“Níl pobal na Fraincise in New Brunswick ag úsáid na teanga mar is cóir. Níltear á labhairt sa bhaile, agus tá baol ceart ann go ndéanfar comhshamhlú [leis an bpobal Béarla],” a dúirt MacLean.

Ní hé seo an chéad uair a chuir MacLean a himní faoina bhfuil i ndán don Fhraincis mar theanga phobail in New Brunswick in iúl. Labhair sí in 2023 faoi na staitisticí a léiríodh i ndaonáireamh na bliana 2021 go raibh laghdú ag teacht ar líon na ndaoine a bhí ag labhairt na Fraincise sa bhaile.

Dúirt sí ag an am go raibh an Fhraincis “á creimeadh mar phríomhtheanga i ngach daonáireamh” agus gur údar mór imní é go bhfuil laghdú le feiceáil i gcaitheamh tréimhse fhada.

Is é New Brunswick an t-aon chúige i gCeanada a bhfuil stádas dátheangach de réir bunreachta aige. Is í an Fhraincis an t-aon teanga oifigiúil atá ag Québec cé go gcaitear seirbhísí áirithe a chur ar fáil i mBéarla sa chúige sin. Tá an dátheangachas oifigiúil i réim go pointe áirithe ar fud Cheanada, de réir an dlí fheidearálaigh, ach is faoi na cúigí éagsúla a ndlíthe teanga féin a chur i bhfeidhm.

De réir an daonáirimh in 2021, ba é an Béarla an teanga ba mhó a bhí á labhairt in New Brunswick agus é ag 92% den phobal. Tá 42% den phobal ann ina gcainteoirí Fraincise, agus tá mionlaigh eile ann a bhfuil teangacha eile acu dála na Spáinnise (1%), na hAraibise (0.8%), Tagálaigis (0.6%) agus Hiondúis (0.5%).

Tá rialtas an chúige in Kinew, Manitoba, i mbun iarrachta faoi láthair an Fhraincis a chur ar comhchéim leis an mBéarla sa chúige sin. Bhí próiseas comhairliúcháin ar siúl sa chúige an bhliain seo caite.

Is é an Béarla an phríomhtheanga atá ag beagnach dhá thrian de phobal New Brunswick agus is í an Fhraincis an phríomhtheanga atá ag níos lú ná aon trian acu, ach thug 34% den phobal le fios go bhfuil an dá theanga ar a dtoil acu.

Fág freagra ar 'Imní faoi chreimeadh na Fraincise mar theanga bhaile in New Brunswick'