Síneadh curtha le cosc ar úsáid píobán uisce i 13 contae

Tá deireadh le teacht leis an gcosc i 13 contae eile ach leanfaidh an cosc go dtí deireadh na míosa seo chugainn sa gcuid thoir agus sa gcuid theas den tír

Síneadh curtha le cosc ar úsáid píobán uisce i 13 contae

Tá sé fógartha ag Uisce Éireann go leanfar leis an gcosc ar phíobáin uisce a úsáid i 13 contae go dtí deireadh na míosa seo chugainn. Cuirfear deireadh leis an gcosc sa chuid eile den stát an tseachtain seo.

Cuireadh ordú caomhnaithe uisce i bhfeidhm an mhí seo caite agus soláthar uisce na tíre curtha faoi bhrú ag triomach an tsamhraidh

Cuireann an t-ordú cosc ar phíobán uisce a úsáid chun carr nó bád a níochán, linn ná tobán a líonadh ná uisce a chur ar an ngairdín.

Deir Uisce Éireann go raibh dea-thoradh ar an gcaomhnú uisce go dtí seo agus go bhfuil an scéal feabhsaithe i go leor ceantar. Dúradh go bhfuil an soláthar fós faoi bhrú sa gcuid thoir agus sa gcuid theas den tír, áfach.

Fógraíodh ar maidin go leanfar leis an gcosc i gCorcaigh, Port Láirge, An Mhí, Áth Cliath, Ceatharlach, Cill Dara, Cill Chainnigh, Laois, Luimneach, Uíbh Fhailí, TIobraid Árann, Loch Garman agus Cill Mhantáin go dtí deireadh mhí Mheán Fómhair.

Deir Uisce Éireann go bhfuil leibhéal an tsoláthair uisce do na contaetha sin fós ró-íseal.

Is ag 23:59 oíche Dé Céadaoin beag seo a thiocfaidh deireadh leis an gcosc i nGaillimh, Dún na nGall, Ciarraí, Maigh Eo, An Cabhán, An Clár, Liatroim, An Longfort, Lú, Muineachán, Ros Comáin, Sligeach agus An Iarmhí.

Fiú nuair a bheidh deireadh leis an gcosc, tá Uisce Éireann ag iarraidh ar an bpobal sna contaetha sin gan uisce a chur amú. Moltar, mar shampla, gan a bheith rófhada sa gcith agus gan an meaisín níocháin nó an niteoir soithí a chur ar siúl ach amháin nuair a bhíonn siad lán.

Deir Uisce Éireann go bhfuil oibreacha deisiúcháin ar phíobáin atá ag sceitheadh i measc na hoibre atá ar siúl ag an údarás uisce chun an soláthar a chinntiú.

Cé go bhfuil Gaillimh i measc na gcontaetha ina gcuirfear deireadh leis an gcosc ar phíobáin uisce a úsáid, beidh na srianta oíche ar úsáid uisce i bhfeidhm in Árainn agus in Inis Oírr go dtí go bhfógrófar a mhalairt

Tá cosc ar úsáid uisce idir 17:00 agus 09:00 gach oíche in Árainn. Tá srianta oíche i bhfeidhm in Inis Oírr idir 23:00 agus 06:00 gach oíche freisin.

Tá umair uisce óil ar fáil in Árainn go dtí a naoi a chlog ar maidin ar an 30 Lúnasa. Deir Uisce Éireann go ndéantar “gach iarracht” a chinntiú go bhfuil an t-uisce atá sna humair glan ach gur chóir do mhuintir na n-oileán é a fhiuchadh mar sin féin, ar fhaitíos go mbeadh na soithí a mbailíonn siad an t-uisce iontu neamhghlan.

Fág freagra ar 'Síneadh curtha le cosc ar úsáid píobán uisce i 13 contae'