Chuir Uafáis 9/11 i Meiriceá 25 bliain ó shin dlús le díchoimisiúnú airm an IRA

Cothrom an lae seo 25 bliain ó shin a tharla ionsaithe 9/11. Tá an domhan fós ag déileáil leis an lorg a d’fhág siad ar an saol, ach in Éirinn chuir an scéin i Stáit Aontaithe Mheiriceá cor dearfach i bpróiseas na síochána

Chuir Uafáis 9/11 i Meiriceá 25 bliain ó shin dlús le díchoimisiúnú airm an IRA

Lá stairiúil scanrúil. Ceann de na laethanta sin a mbeidh cuimhne ag daoine go deo cá raibh siad nuair a fuair siad amach faoi na heitleáin ag bualadh faoin dá thúr in Manhattan. Airíodh éifeacht ionsaí Al Qaeda ar fud na cruinne. Bhí daoine as gach ceard den domhan i measc na n-íobartach, an 3,000 a maraíodh agus líon do-áirithe na ndaoine a gortaíodh nó a bhfuil tráma fós ag goilliúint orthu.

Tá an domhan fós ag déileáil le toradh an ionsaithe, an ‘cogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta’ agus na billiúin caillte dá bharr, ach anseo in Éirinn chuir an scéin i Stáit Aontaithe Mheiriceá cor dearfach i bpróiseas na síochána. Taobh istigh d’achar gearr cuireadh tús le díchoimisiúnú airm an IRA, beart a gheall ceannairí poblachtánacha ach a bhí á chur ar an méar fhada go seasta agus go leor dá lucht leanúna ag maíomh nach ndéanfaí é choíche.

Breis agus trí bliana i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta bhí Stormont i bhfostú sa chonspóid faoi dhíchoimisiúnú. Bhí David Trimble, ceannaire an UUP, éirithe as an gcéad-aireacht toisc nach raibh dul chun cinn ar bith déanta faoin díarmáil. Bhí Sinn Féin míshásta le hiompar rialtas na Breataine, an dá dhream ag cur moilleadóireacht in leith a chéile. Bhí baol géarchéime slándála agus polaitíochta ann. Bhí teannas mór i dtuaisceart Bhéal Feirste mar a raibh imeaglú agus ionsaithe á dhéanamh ag dílseoirí ar pháistí scoile Caitliceacha ar a mbealach chuig bunscoil Holy Cross. Mí roimh 9/11 géaraíodh ar an suaitheadh nuair a gabhadh triúr poblachtánach ‘Triúr na Colóime’ in Bogota agus é curtha ina leith go raibh siad ag traenáil reibiliúnaigh FARC.

Thug Richard Haass ó Roinn Stáit Washington, toscaire Mheiriceá abhus, rabhadh do Shinn Féin agus gluaiseacht na poblachta go gcaithfí an ceangal idir an IRA agus FARC a bhriseadh. Dá mbeadh an tIRA ag tacú le sceimhlitheoireacht in aon áit d’athrófaí ó bhonn an caidreamh idir iad agus rialtas Mheiriceá, a dúirt sé.

Bhí Haass i mBaile Átha Cliath ag bualadh leis an Taoiseach ar maidin an 9 Meán Fómhair, iad ag plé na sáinne sa phróiseas síochána agus polaitíochta. Faoin am a shroich a thraein Béal Feirste, bhí an t-uafás ag Ionad Domhanda Trádála Nua-Eabhrach tarlaithe. Chuir consal Mheiriceá Barbara Stephenson ar an eolas é; is cuimhin léi go ndúirt sí leis go raibh an Teach Ban slán ach gur leir go raibh an tír faoi ionsaí. Mar a bhí beartaithe bhuail Haass agus Stephenson le Gerry Adams agus Martin McGuinness ó Shinn Fein. Dúirt Haass ina dhiaidh sin gur athraigh 9/11 a chomhráití le Sinn Féin. Bheadh an cur chuige i bhfad níos déine orthu as sin amach.

Dúirt sé leo go neamhbhalbh go ndearna an sceimhle i Meiriceá athrú iomlán ar dhearcadh na Meiriceánach ar an IRA. Ní raibh aon ghlacadh, beag ná mór le sceimhlitheoireacht de chineál ar bith in áit ar bith i ndiaidh 9/11, a dúirt sé. Idir sin agus scéal Thriúr na Colóime ní bheadh foighid ag Meiriceá feasta le moilleadóireacht faoin díarmáil ná le hiarrachtaí chun a gcuid is a mbuíochas a bheith acu.

B’fhacthas do Haass go raibh tionchar ag an gceistiú i Meiriceá ar Shinn Féin agus an IRA, rinne siad athmhachnamh nuair a thuig siad go mbeadh a dtacaíocht sna Stáit i mbaol. Deir foinsí éagsúla gur chuir na cairde mór le rá in Washington, leithéidí Ted Kennedy, fainic orthu go raibh sé in am gnímh faoin díchoimisiúnú. Deirtí gurb é an Cinnéideach a dúirt leo ‘you gotta know when to fold them’.

Sna seachtainí i ndiaidh an tsléachta glacadh leis go raibh sé in am gnímh. Bunaíodh caidreamh i ndáiríre le Coimisiún an Ghinearáil John de Chastelain. Sé seachtaine i ndiaidh 9/11, ar an 23 Deireadh Fómhair, d’fhógair an tIRA an chéad dreas díchoimisiúnaithe. Ní nach ionadh thóg an próiseas blianta fada ach tugadh chun críche é in 2005 nuair a bhíothas ag réiteach do roinnt na cumhachta idir an DUP agus Sinn Féin.

Faraor níor chuir gach dream a gcuid airm as feidhm agus cuid acu sin a ghlaonn paraimíleataigh orthu féin iompaithe ar chleachtais eile, ar nós mangaireacht drugaí, an striapachas agus sracadh airgid ó lucht gnó. Contúirt don tsochaí iad dílseoirí agus easaontóirí poblachtacha ach údar faoisimh é gur lú go mór an méid airm agus armlóin atá fágtha acu.

 

 

 

Fág freagra ar 'Chuir Uafáis 9/11 i Meiriceá 25 bliain ó shin dlús le díchoimisiúnú airm an IRA'