Cad atá ar eolas agatsa faoin Albáin, a d’fhiafraigh mé díom féin. Ní mórán é, mar a tharlaíonn.
Bhíodh sé de cháil ar an tír sin uair amháin go raibh raidhfil Kalashnikov, nó a chomhionann, ag gach fear sa tír. Is cuimhin liom tuairiscí a léamh a rinne cur síos ar an scaoileadh urchar forleathan a bhíodh ann dá mbeadh tada le ceiliúradh. Agus níos minice ná a chéile gortaíodh daoine nuair a thit na hurchair go talamh.
Agus bhíodh corrphictiúr ag teacht amach as an tír chéanna a léirigh cé chomh fhada ar gcúl is a bhíodar le linn an fichiú haois. Capall agus cairt an modh taistil coitianta a bhí ann go dtí b’fhéidir tús na mílaoise.
Ag deireadh 1991, nuair a bhí ré an Chumannachais ag teacht chun deiridh, bhí sé ráite go raibh 3,000 carr ansin don trí mhilliún duine sa daonra. Agus ní ag an ngnáthdhuine a bhí na carranna sin, ach ag an uasaicme – oifigigh an Pháirtí agus a leithéid a bhí i gcumhacht sa tír.
Bhí an Albáin cineál eisceachtúil i measc na dtíortha Cumannacha. Ní raibh aon nasc róláidir idir iad agus an Rúis, mar shampla agus coinníodh an pobal faoi smacht iomlán an Cheannaire Enver Hoxha. Bhí greim chomh docht daingean sin ar an bpobal faoi réimeas Hoxha agus an Pháirtí Chumannaigh, gur thóg sé roinnt blianta tar éis a bháis i 1983 sular tosaíodh ag scaoileadh na slabhraí orthu.
Tá cuntas iontach atá an-soléite ar staid na tíre i laethanta deireanacha an réimis sa leabhar Free le Lea Ypi. Ba léir gur chreid na daoine gur cineál naomh a bhí in Hoxha agus go rabhadar ar fad ina gcónaí i bparthas. Ba í an fhírinne ná go raibh an daonra ar fad coinnithe faoi chois, gan mórán airgid acu, gan oideachas ceart, gan eolas acu faoin domhan mórthimpeall orthu, gan rialtas ná córas daonlathach ag feidhmiú mar ba cheart.
An teachtaireacht ba láidre a bhain mé féin as an leabhar sin, ná gur féidir le tír ar bith í féin a tharraingt aníos as an staid ina bhfágann droch-chóras polaitíochta iad. Ní thógann sé an fhad sin ar dhaoine oideachas a fháil agus cúrsaí eacnamaíochta a chur ina gceart. Nuair a chuireann staid na mban san Afganastáin drochspin orm, cuimhním ar bhlianta óige Lea Ypi agus chomh maith agus a rinne sí nuair a fuair an Albáin saoirse.
Is Ollamh i Scoil Eacnamaíochta Londan (an LSE) í anois agus cáil uirthi mar údar agus mar chainteoir den scoth.
Agus tá an Albáin féin ag déanamh go maith agus í ar an mbealach le ballraíocht a fháil san Aontas Eorpach.
Tháinig an Albáin isteach in mo chloigeann cúpla uair le gairid. Casadh bean as an tír sin orainn agus muid i mBealach a’Doirín don Fhéile Ealaíne. Bhí sí taobh thiar den chuntar sa siopa ‘Éisc is Sceallóg’ béal dorais leis an teach ósta ina rabhamar ag fanacht.
D’inis sí dúinne go raibh sí ag obair ó dhubh go dubh an tseachtain a ghnóthaigh Maigh Eo Corn Sam Mag Uidhir. An lá ar thug Andy Moran agus a fhoireann an corn ar ais go Bealach a’Doirín, d’oibrigh sí 16 uair as a chéile. Ní fhaca sí a leithéid de lá ó sheas sí in Éirinn den chéad uair.
Cúpla lá ina dhiaidh sin agus mé ag ól cupán caife thíos ar an gCarraig Dhubh, léim bean óg isteach sa chaifé agus cúpla mála taistil aici. ‘Tá mé ag dul ar saoire!’ D’fhógair sí.
‘Agus cá bhfuil do thriall?’ a d’fhiafraigh muid féin, cé nach raibh aon aithne againn uirthi.
‘Corfu,’ d’fhreagair sí. ‘Agus uaidh sin go dtí an Albáin.’
Bhí an turas ar fad curtha in áirithe aici chomh maith leis an óstán san Albáin. ‘Tá sé casta agus fadálach dul ar eitleán díreach go dtí an Albáin agus do bhealach a dhéanamh ansin fhad leis an gcósta ó dheas – an áit is fearr le haghaidh saoire,’ a d’inis sí dúinn. ‘Is saoire i bhfad eitilt a fháil go Corfu agus an bád fartha a fháil uaidh sin – turas gearr – go dtí an baile saoire san Albáin.’
Bhí saoire deich lá roimpi féin agus a cairde agus d’inis sí dúinn go mbeidh costas thart ar €700 an duine orthu. Ansin thosaigh sí ag insint dúinn faoin mbia álainn nádúrtha atá le fáil san Albáin agus cáil ar chuile rud – glasraí, torthaí, feoil, éisc. Tá siad ar fad ar fáil go flúirseach.
Ansin tháinig mé abhaile agus d’inis mo chomharsa béal dorais dhom go bhfuil a hiníon imithe ar saoire. ‘Agus cá bhfuil sí imithe an babhta seo?’ a d’fhiosraigh mé.
‘Ó go dtí an Albáin,’ d’fhreagair sí. ‘Chuaigh sí go Corfu i dtosach agus bhí sí le bád fartha a fháil as sin go dtí cósta na hAlbáine.’
‘Cloisim go bhfuil an bia go hálainn ann,’ a dúirt mé féin. Rud a thug ar ais mé go dtí mo chomhrá i mBealach a’Doirín.
An raibh fonn ar mo chailín sa siopa éisc agus sceallóga filleadh ar an mbaile anois agus an méid sin dea-thuairiscí cloiste againn faoi?
‘Beag an baol. Tá mé in Éirinn le scór blianta agus tá mo chuid gasúr ag freastal ar an scoil anseo. Ní bheidh mise ag imeacht as an tír seo.’
‘Is dócha nach raibh iasc ar bith fanta agat an oíche ar tugadh ‘Sam’ go dtí an baile?’ a d’fhiafraigh muid.
‘Iasc?’ A dúirt sí agus phléasc sí amach ag gáire. ‘Ní raibh tada uathu ach ‘burgers’ ó mhaidin go hoíche. Bhí muid rite amach as na burgers ceart go leor.’ Fós féin níl fonn uirthi dul abhaile, fiú agus an bia is fearr san Eoraip le fáil san Albáin. Burgers Ballagh is fearr.
Fág freagra ar 'Deirtear gur san Albáin atá an bia is fearr san Eoraip ach is deacair burgair Bhealach an Doirín a shárú'