B’fhiú inspioráid pholaitiúil a bhaint as bua éachtach pheileadóirí Mhaigh Eo

Bheadh cuma níos fearr ar an tír dá mbeadh dea-thréithe na foirne a bhuaigh craobh na hÉireann i bhfeidhm i dTeach Laighean

B’fhiú inspioráid pholaitiúil a bhaint as bua éachtach pheileadóirí Mhaigh Eo

Ní dheimhníonn dea-thréithe dea-thoradh – sa pheil ná sa pholaitíocht. Ach má chothaítear mórán dea-thréithe i ngrúpa ar bith agus má chuireann an grúpa i bhfeidhm iad in éineacht, bíonn a dtionchar follasach agus folláin.

Chuir peileadóirí Mhaigh Eo i bhfeidhm iad le spiorad agus le samhlaíocht Dé Domhnaigh seo caite agus bua nár thuar na saoithe á bhaint amach acu.

Ainneoin gach difríocht idir cúrsaí spóirt agus cúrsaí polaitíochta, ní tearc an tairbhe a d’fhéadfaí a bhaint as cur chuige na mbuaiteoirí a thug Sam thar an tSionainn leo.

Samhlaigh an tairbhe a bhainfeadh Taoiseach nó ceannaire nó a lucht leanúna i dTeach Laighean as na tréithe seo a leanas a léirigh Maigh Eo agus iad ag imirt i bPáirc an Chrócaigh.

Misneach Is féidir le foireann agus le tír dul chun cinn gan choinne a dhéanamh mura gcliseann ar a misneach. Mar a léirigh Maigh Eo tar éis do Chiarraí 1-5 a scóráil ina gcoinne i dtús an chluiche ceannais agus gan ach cúilín amháin á scóráil acu féin. Mar a léirigh siad arís agus Ciarraí ag teannadh leo sa dara leath.

Neamhaird ar an stair Mhol bainisteoir Mhaigh Eo Andy Moran dá imreoirí, mar a mhol Henry Ford do cheannaitheoirí gluaisteán fadó, gan smaoineamh in aon chor ar an stair agus i gcás Mhaigh Eo, gan smaoineamh ar na cluichí go léir inar sáraíodh iad.

Ní raibh aon bhaint ag torthaí na gcluichí sin lena ndúshlán féin, a dúirt sé leo agus an ceart aige. Dea-chomhairle spóirt agus polaitíochta: dírigh go hiomlán ar an ngnó reatha.

Seachain na saoithe Bhí iriseoirí agus tráchtairí ar aon tuairim roimh an gcluiche ceannais. Bheadh Ciarraí ag ceiliúradh ina dhiaidh, dar lena bhformhór, mura dteipfeadh orthu imirt ar a ngnáthchaighdeán agus mura mbeadh caighdeán imeartha Mhaigh Eo iontach – dhá rud a tharla.

Teastaíonn saineolas ó gach rialtas ach ní hionann cumas anailíse agus cumas tairngreachta.

Díograis bhuan Rinne scata imreoirí ar fhoireann Mhaigh Eo botúin le linn an chluiche mhóir. Níor chuir teip ná tuaiplis isteach orthu féin ná ar a gcomrádaithe.

Nod don eolach: ná dean rómhachnamh ar an teip.

Éadóchas i leataobh Is féidir le gach duine nach bhfuil páirteach i bhfoireann, i rialtas nó i bpáirtí cur síos go líofa ar na fáthanna nach féidir a bheith dóchasach go mbeidh rath ar chinneadh.

Ní cúis éadóchais ach a mhalairt a theastaíonn chun aghaidh a thabhairt ar dhúshlán – fad is go mbunaítear an chúis ar ábhar maith muiníne. Mar a rinne Maigh Eo.

Mol an óige… agus tiocfaidh sí  roghnaíonn bainisteoir nó ceannaire polaitiúil na daoine óga a bhfuil mianach iontu ó thaobh cumais agus dúthrachta de.

Ní foláir iad a roghnú go cúramach, mar a rinne Andy Moran agus a roghnóirí agus na déagóirí Kobe McDonald agus Darragh Beirne á gcur chun páirce acu.

Gaiscíocht luachmhar Ní bhíonn rath ar mhórán foireann ná rialtas mura gceadaíonn an lucht ceannais iarracht ar ghaiscí as an ngnáth. Leithéid na scór dhá phointe (ceithre cinn sa chluiche ceannais) a fuair Maigh Eo ó thús an tséasúir.

Gan dabht ní bheadh ciall le gríosú imreoirí, airí ná Teachtaí Dála chun tabhairt faoi dhúshlán thar a gcumas. An fáth go dteastaíonn éirim as an ngnáth ón té atá i gceannas. Leithéid Andy Moran.

Pleanáil Teastaíonn stuaim agus tuiscint den scoth chun foireann nó rialtas a dhéanfaidh gnó den scoth a ullmhú, a roghnú agus a chur i mbun gnímh.

Is dlúthchuid den phleanáil cur chuige a athrú de réir mar a léirítear a laigí agus a bhuanna. Chomh maith le toil é a chur i bhfeidhm fiú agus droch-athrú á chur i leith an té atá i gceannas.

Tairbhe Dhíreach?

Ní bheadh iontas ar mhórán dá dtoghfaí duine de na himreoirí a chuir sceitimíní ar mhuintir Mhaigh Eo Dé Domhnaigh seo caite mar Theachta Dála amach anseo. Mar a rinne beirt imreoirí ón gcontae rompu.

Toghadh Henry Kenny (athair Enda) a d’imir ar fhoireann Mhaigh Eo a bhuaigh craobh na hÉireann an chéad uair i 1936 mar Theachta Dála d’Fhine Gael agus bhuaigh Seán Flanagan a bhí ina chaptaen ar an bhfoireann a bhuaigh an chraobh i 1950 agus arís i 1951 suíochán Dála d’Fhianna Fáil.

Téarmaí agus Coinníollacha

Ní foláir trí riachtanas eile a chur san áireamh faraor agus na suáilcí thuas á moladh d’fhoireann nó do rialtas ar bith: diongbháilteacht, foighne, agus thar aon rud eile b’fhéidir, an t-ádh.

Fág freagra ar 'B’fhiú inspioráid pholaitiúil a bhaint as bua éachtach pheileadóirí Mhaigh Eo'