Tiocfaidh an crú ar an tairne sna laethanta seo romhainn do pháirtithe Stormont

Tá an callán ag treisiú faoi chiorruithe in institiúidí léinn, sa tseirbhís sláinte agus ar scéimeanna deonacha

Tiocfaidh an crú ar an tairne sna laethanta seo romhainn do pháirtithe Stormont

Déardaoin seo chugainn an sprioc. Foláireamh ón mBreatain do Stormont go gcaithfear tabhairt faoi bhuiséad trí bliana a aontú an lá sin nó an chumhacht pleanála airgeadais a ligean le daoine eile. Tar éis sé mhí den bhliain airgeadais reatha gan buiséad don bhliain seo gan trácht ar cheann trí bliana tiocfaidh an crú ar an tairne sna laethanta seo romhainn do pháirtithe an Fheidhmeannais.  

Is fada páirtithe Stormont ag rá nach bhfaigheann Tuaisceart Éireann maoiniú de réir riachtanais ó Westminster. Ina theannta sin deir siad go mbeadh idir £1 billiún agus £3 billiún sa bhreis ag dul don Tuaisceart dá bhfaighidís maoiniú ar an mbonn céanna le hAlbain agus an Bhreatain Bheag. Mhaígh siad nárbh fhéidir buiséad a aontú do thús na bliana airgeadais i mí Aibreáin de cheal dóthain airgid don riachtanas agus thagair siad d’easnamh £1.6 billiún.  

 Bhí dreasanna éagsúla idirbheartaíochta leis an Státchiste agus leis an Státrúnaí Chris Bryant chomh maith lena réamhtheachtaí Hilary Benn le roinnt míonna anuas. Thug páirtithe an Fheidhmeannais an t-eiteachas do thairiscint £1.1 billiún don tréimhse trí bliana 2026 – 2029. Coicís ó shin mhéadaigh an Státrúnaí Bryant an tsuim sin go £1.5 billiún. Eitíodh é sin freisin. Déardaoin scríobh Bryant chuig na ceithre pháirtí ag rá nach raibh a thuilleadh airgid ar fáil agus ag éileamh go n-aontódh siad buiséad leis i gceann seachtaine. 

Bhí an Státrúnaí diongbháilte nach raibh agus nach mbeadh aon tairiscint bhreise le fáil. Bhí airgead gann agus ní raibh aon chiste ceilte i gcúl toilg éicint, ar sé. Bhí sé do-ghlactha, dar leis, go raibh seirbhísí agus an pobal éiginnte faoina raibh i ndán dóibh de bharr na héiginnteachta faoin mbuiséad. Nuair a ceistíodh é faoi bhuiséad a rith é féin, dúirt sé gurbh fhearr leis go ndéanfadh an Feidhmeannas é ach nár mhór socrú eile a dhéanamh dá ndiúltóidís.  

Rogha an dá dhíogha é buiséad ó Westminster gan aon ionchur ag páirtithe logánta nó leanúint leis na ciorruithe a bhéas ag géarú d’uireasa buiséid. Táthar ag feidhmiú ar 95% de bhuiséad na bliana seo caite faoi láthair agus titim eile le theacht. 

Beidh le feiceáil cén freagra a gheobhaidh an Státrúnaí ach nocht gach páirtí míshástacht lena litir. Cuireadh sotal agus tiarnúlacht ina leith. Bhí sprioc ‘high noon’ (meán lae Déardaoin seo chugainn) an Státrúnaí místuama agus míréadúil, a dúirt Diane Dodds an DUP. Dúirt an UUP nár leor an méadú £1.5 billiún. Dúirt Sinn Féin freisin go raibh an tairiscint ró-íseal, nár leor é don riachtanas. Ní ghlacfadh an páirtí le leagan amach na Breataine gur chóir glacadh le maoiniú easnamhach, a dúirt siad. Bheidís ag scrúdú cé na céimeanna eile is féidir a ghlacadh, ar siad. 

Tá an chuma ar an scéal go gcreideann na páirtithe an Státrúnaí is gurb í sin a thairiscint deiridh. Ní hé sin le rá nach mbeidh siad seasta ag éileamh go scaoilfear sparán Whitehall a thuilleadh. Tá an callán ag treisiú faoi chiorruithe in institiúidí léinn, sa tseirbhís sláinte agus ar scéimeanna deonacha, i measc go leor réimsí eile gurb iad na daoine is boichte a bhíonn ag brath orthu. Tá brú chomh maith faoi na tograí móra nach bhfuil forbartha ag Stormont, na geallúintí nár comhlíonadh. Seans sa gcomhthéacs sin go mbeadh sé críonna tabhairt faoin mbuiséad seo a aontú seachas ciorruithe níos déine a cheadú anuas sa mhullach ar an bpobal. Céard is fiú cumhacht dhíláraithe mura mbaintear feidhm aisti? 

Fág freagra ar 'Tiocfaidh an crú ar an tairne sna laethanta seo romhainn do pháirtithe Stormont'