Sín chugam mo chamán, tá an oíche chultúir chugainn arís!

Rud an-chasta an cultúr agus b’fhéidir gurb é a chasta is atá sé an rud is fearr faoi

Sín chugam mo chamán, tá an oíche chultúir chugainn arís!

Pictiúr: INPHO/James Lawlor

Aoine na seachtaine seo caite reáchtáladh Oíche Chultúir ar fud na tíre seo. Bhí beagnach 2,000 imeacht ar siúl ar chaon taobh den teorainn, cead isteach in aisce chucu ar fad. Bhí beagnach scór go leith seánra leagtha amach ag an gComhairle Ealaíon a bhí ina bhun i gcomhar le húdaráis áitiúla agus grúpaí neamhspleácha. 

Ar na catagóirí a bhí i gceist bhí na healaíona; stair agus oidhreacht; ceardaíocht agus dearadh; eolaíocht agus nósanna maireachtála; cultúr agus pobal.  

Is faoin gceann deiridh sin a tháinig an Ghaeilge agus an spórt agus a mbaineann leo. Bhí an gastranómachas luaite leis an roinn sin freisin, cé go measfainn an focal deireanach a bheith cineál galánta don chuid is mó againn, ach sin mionlocht ó chancrán seanaoiseach. 

Lena ceart a tabhairt don Chomhairle, beartas den scoth atá ann agus tá súil agam gur i mbun nirt a thiocfas sé sna blianta amach romhainn. Is mór is fiú é, ní hamháin as ucht an eolais a scaiptear, ach freisin mar gheall ar an gcaoi a gcuireann sé daoine ag comhrá lena chéile.  

I saol an lae inniu is i bhfoirm teachtaireachtaí téacs agus ríomhphoist an caidreamh is minice a bhíonn eadrainn. Tá an seanchas ar an dé deiridh, mura bhfuil a chnaipe déanta. 

Céard is brí leis an bhfocal seo ‘cultúr’ ar aon nós? Gasúr bunscoile a chuir an cheist orm agus mé ag réiteach beagán eolais d’ócáid a bhí eagraithe ag Cumainn Iomána an Spidéil agus Bhearna/na bhForbacha don Oíche Chultúir – iad ag díriú ar an gcuma a bhí ar an gcluiche sin ina gceantair fhéin ag tús an chéid seo caite. 

Mhínigh mé dó gur bhain sé leis an gcaoi ar mhair pobail ar leith seachas a chéile. Nárbh ionann an modh maireachtála, na nósanna iompair, a rogha ceoil, a dteanga, a gcreideamh ná na luachanna bhí acu. Chuile dhream agus a mbealach féin leo. Níor mhór freisin na cleachtais agus a mbaineann leo a bheith gaibhte ó ghlúin go glúin, a dúirt mé, agus mé sásta go maith le mo mhíniú. 

D’fhág an chéad cheist eile uaidh i mo bhambairne mé.

‘Cén t-achar nach mór do rud a bheith ann sular féidir glacadh leis gur cuid de do chultúr é?’  

Fágadh i mo staic mé. Le fírinne ní mór an mothú ionam fós.  

Deir na húdair nach bhfuil aon chlog ná aon uimhir ann a thomhaisfeadh a leithéid, ach nár mhór do chleachtas a bheith i réim ag trí ghlúin ar a laghad sula mbeidh seans faoin spéir ann gur féidir a rá gur cuid de chultúr é.  

Thuigfeá sin.  

Fós cé a déarfadh nach scaipeann rudaí áirithe i measc pobail níos scafánta ná sin. Nathanna cainte ar nós an fhocail ‘craic’, cur i gcás.  

Níl sé i bhfad ar chor ar bith ó chuala mé an leagan ‘Sé/Seacht’ ag fear na gceisteanna. In imeacht cúpla lá bhí sé cloiste agus ó leathdhosaen dá chuid chomhaoiseanna. Is é an cor cainte is deireanaí acu é is cosúil – agus tá súil agam go bhfaighidh tú freagra níos fearr ná fuair mise nuair a bhuail fiosracht mé – ‘Tada dáiríre’.  

Is dóigh gur cuid dá gcultúr cheana féin an focal ‘craic’ agus má mhaireann ‘Sé/Seacht’ trí scór bliain eile, beidh sin féin le háireamh.  

Nuair a cheap Bunny Carr an nath ‘Stop na Soilse’ sna 1960idí (labhair le pinsinéir faoi sin), ba bheag de cheapadh a bhí aige go raibh sé ag cur leis an gcultúr. Ná go deimhin an té a bhí chomh sásta lena chuid oibre gur dhúirt sé nó sí ‘anois atá muid ag diúl an díosail!’. 

Le filleadh ar an staidéar, thug mé faoi deara nach é an oiread sin ócáidí a d’eagraigh clubanna Chumann Lúthchleas Gael don Oíche Chultúir agus is trua sin. 

Bhain comhrá deas, suimiúil leis an gceann a ndearna mé féin freastal air faoi stair na hiomána i gCois Fharraige timpeall an ama atá luaite cheana agam. 

Ábhar iontais do go leor dá raibh i láthair ann ab ea a chloisteáil go raibh fear dubh a rugadh in Iarthar na hAfraice ag iománaíocht do cheann de chlubanna an cheantair ag an am. Osman Tisani ab ainm dó agus bhí sé ina ghiolla sa teach mór a bhí ag an tiarna talún Marcus Lynch i gCoill Bhearna.  

Tá a ainm i ndaonáireamh 1911 agus é dhá bhliain agus fiche d’aois. Cúpla líne faoina bhun tá ainm Bhríd Ní Fhátharta, col ceathrar le mo mháthair, a bhí ina searbhónta sa teach céanna. 

Ba í an Ghaeilge teanga an cheantair ag an am agus ní mba fada go raibh Tisani chomh líofa le muintir na háite. Deirtear gur dó a thóg an Loingseach an pinniúr liathróide láimhe atá ina sheasamh fós, trasna ó Theach an Phobail i mBearna. 

Ba iad lucht na gcúnna (nó na gcon) a bhí i mbun an t-aon cheann d’ócáidí spóirt Oíche Chultúir nach raibh baint acu le CLG. 

Ba sa Mhúsaem atá acu i bPáirc Shíol Bhroin, ceanncheathrú na rásaíochta con i gCathair Átha Cliath, a reáchtáladh a n-imeacht siúd. Nach é Micheál Ó Muircheartaigh a bheadh sásta gur cuireadh i nGaeilge a thugadar don phobal a theacht ‘chuig oíche a cheiliúrann pobal, cultúr agus stair Pháirc Shelbourne’. 

Cé is moite de na Cluichí Gaelacha, ní raibh spórt ar domhan ab ansa le Micheál ná an rásaíocht con. Níos minice na a chéile bhíodh gadhair aige féin. Fad a mhair sé, níor chaill sé oíche an Derby ar Pháirc Shíol Bhroin, cé go mbíodh ceann de Chluichí Ceannais na hÉireann ar siúl lá arna mhárach.  

Tobar eolais ab ea an fear céanna, trócaire Dé air. Oíche dá raibh mé leis ann chuala mé é ag rá go mba ó fhear a bhí ina Phríomh-Aire ar Shasana tráth a tháinig ainm na páirce.  

William Petty a bhí air agus ba é Iarla Shelburne a theideal. Bhí Petty ina Phríomh-Aire i 1783 agus ba lena linn a síníodh an conradh síochána a chuir deireadh le Cogadh na Saoirse na Stáit Aontaithe.  

Fág freagra ar 'Sín chugam mo chamán, tá an oíche chultúir chugainn arís!'