Imreoirí na hÉireann tréigthe ag easpa gnímh agus easpa misnigh na n-údarás

Beidh díomá ann nár ghlac na himreoirí an cinneadh gan na cluichí seo in aghaidh Iosrael a imirt ach is ar na húdaráis is mó ba cheart ár bhfearg a dhíriú

Imreoirí na hÉireann tréigthe ag easpa gnímh agus easpa misnigh na n-údarás

...
Iosrael v Éire
Staid Nagyerdei
7.45pm (Beo ar RTÉ)/
...

Sin, dar le húdaráis sláinte na Palaistíne, an líon daoine a maraíodh in Gaza ón 12 Feabhra, 2026, an lá gur tarraingíodh Éire sa ngrúpa céanna le hIosrael i Sraith na Náisiún.

Os cionn 1,400 duine a maraíodh ann ó fógraíodh ‘sos cogaidh’ mí Dheireadh Fómhair seo caite agus beagnach 74,000 ar fad a maraíodh ó thús an chogaidh le hIosrael trí bliana ó shin.

Thall in Debrecen na hUngáire anocht, imreofar ceann de na cluichí is conspóidí i stair sacair na hÉireann agus foireann Heimir Hallgrímsson le haghaidh a thabhairt ar Iosrael i Sraith na Náisiún.

Tá an fhoireann ag fáil réidh don chluiche faoi scáth nach bhfuil aon bhaint aige leis an gcailliúint 0-1 a bhí ag Éirinn i gcoinne na Cosaive Déardaoin seo caite. Ó cuireadh Éire agus Iosrael sa ngrúpa céanna sa tarraingt sin ag tús na bliana, tá feachtas ar bun chun a chinntiú nach n-imreofar an cluiche seo ná an ceann eile atá le himirt idir na foirne Dé Domhnaigh seo chugainn.

Tá an dara cluiche sin, a bhí le himirt i mBaile Átha Cliath, bogtha chun na Seirbia ag an FAI ach ní féidir éalú ón gconspóid seo.

Tá go leor daoine ann, an scríbhneoir seo ina measc, a cheapann nár chóir do na cluichí i gcoinne Iosrael dul ar aghaidh ar chor ar bith, ach fágann easpa misnigh agus easpa gnímh ón mbarr anuas go bhfuil muid anois sa bpraiseach seo.

Théis an chur is cúiteamh uilig, tháinig an crú ar an tairne maidin inné nuair a bhailigh na himreoirí le chéile chun cinneadh a dhéanamh. Reáchtáladh vóta ar cheart dul ar aghaidh leis na cluichí i gcoinne Iosrael agus, dar le píomhfheidhmeannach an FAI David Courell, mheas “móramh suntasach” gur cheart.

Cé gur tuairiscíodh go raibh suas le seachtar imreoirí a mheas nár chóir na cluichí a imirt, is é an cúl báire Gavin Bazunu an t-aon imreoir a chinn tarraingt amach ón scuad.

Beidh díomá ar mhórán nach raibh na himreoirí ar fad ar aon intinn le Bazunu, gur theip orthu an seasamh ba láidre a thógáil ach is ar na húdaráis is mó ba cheart ár bhfearg a dhíriú.

Chomh luath is a facthas an t-ár a bhí á dhéanamh ag Iosrael in Gaza, ba chóir go mbeadh cosc curtha ag Uefa ar fhoirne sacair na tíre sin ach dhiúltaigh siad sin a dhéanamh. Bhí caint ann mí Dheireadh Fómhair anuraidh go raibh Uefa chun gníomh a dhéanamh faoi dheireadh ach chuir cainteanna síochána deireadh leis sin, cé nach bhfuil deireadh curtha leis an slad.

Nuair a rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin i mí Feabhra 2022, ní chuir Uefa cosc ar na Rúisigh go dtí gur fhógair an Pholainn nach rabhadar sásta cluiche cáilithe do Chorn an Domhain a imirt i gcoinne na Rúise.

Bhí tacaíocht faighte ag an bPolainn ag an am ó roinnt tíortha eile a bhí ag diúltú cluichí a imirt i gcoinne na Rúise ach, murab ionann agus cás na Eoraifíse, ní léir go bhfuil tacaíocht faighte ag an FAI ó thíortha eile go dtacódh siad le haon baghcat ar chluichí i gcoinne Iosrael. Tá ceisteanna ann chomh maith maidir le cé chomh mór h is a bhí iarrachtaí an FAI a leithéid de bhaghcat a eagrú.

Tá sé ráite ag an FAI, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, go mbeadh praghas ródhaor le híoc dá ndéanfaí cinneadh gan na cluichí a imirt. Thabharfaí na pointí d’Iosrael cinnte ach luaigh an FAI fíneáil suas le €5.5 milliún agus an baol go mbainfí na cluichí atá le himirt in Éirinn ag Euro 2028 dóibh, cé nach bhfuil aon rud ráite ag Uefa faoi aon phionós.

Níl an rialtas saor ó cháineadh ach an oiread. Chosain an Taoiseach Micheál Martin an bainisteoir Heimir Hallgrímsson nuair a cháin agus a mhaslaigh cumann sacair Iosrael é ar na meáin shóisialta an tseachtain seo ach tá sé ráite ag Martin cheana gur chóir do na cluichí dul ar aghaidh. Ina ainneoin sin, dúirt an tAire Spóirt Patrick O’Donovan agus an t-aire stáit Charlie McConalogue nach rachadh siad chuig an cluiche baile nuair a bhí sé le himirt i mBaile Átha Cliath, léiriú ar fhimíneacht an rialtais.

Dúirt an Teachta Dála ó Fhine Gael, Barry Ward, ar an raidió inné go mbeadh tacaíocht tugtha ag an rialtas don FAI dá mbeadh an cinneadh déanta gan na cluichí a imirt. Nár smaoinigh aon duine ar é sin a rá leo roimhe seo?

Dúirt captaen na hÉireann, Dara O’Shea, gur bhraith na himreoirí go raibh siad fágtha i sáinn ag easpa gnímh an rialtais, an FAI agus Uefa maidir leis na cluichí. Fágadh scoilt sa gcampa dá bharr.

Bheadh tuairimí éagsúla i measc aon ghrúpa 26 fear óg faoin scéal. Beidh imreoirí ann a cheapann go láidir nár cheart na cluichí a imirt. Beidh imreoirí eile a cheapann gur leor gníomh éigin eile. Beidh imreoirí ann nach mbeidh ag iarraidh ach an scéal seo a chur taobh thiar díobh chomh tapa agus is féidir.

Tá imreoir amháin sa scuad, Finn Azaz, a raibh a sheanmháthair san IDF. Tá sé ráite ag Azaz roimhe seo go raibh tionchar ollmhór aici air agus go bhfuil go leor ama caite aige in Iosrael. Níl tada ráite aige faoi na cluichí seo ná faoin gcogadh agus thuigfeá cé chomh deacair is atá an scéal seo uile air.

I spórt aonair, bheadh sé níos éasca ag aon duine nach raibh ag iarraidh dul san iomaíocht le hIosrael an cinneadh sin a dhéanamh ach tá sé níos casta i gcás foirne. Beidh sé cloiste go minic ag na fir seo ó bhí siad ina ngasúir go bhfuil comhoibriú agus dlúthchaidreamh mar bhunchloch ag aon fhoireann mhaith agus nach féidir a gcomrádaithe a ligean síos. D’fhéadfadh easaontas caidrimh agus cairdeas a chur i mbaol.

Tá crógacht Gavin Bazunu le moladh agus bí cinnte go gcanfaidh an slua a ainm ag an gcluiche in aghaidh na hOstaire i mBaile Átha Cliath Déardaoin seo chugainn. Is féidir tacaíocht a léiriú d’imreoir amháin gan an chuid eile a cháineadh, áfach.

Táthar ann a deir gur cinneadh éasca atá ann agus gur chóir diúltú imirt ach cé mhéad acusan a bhfuil tada géillte acu chun seasamh a thógáil?

Is dócha nach bhfuil ach an t-aon chinneadh amháin atá ceart sa gcás seo ach ná ligimis orainn gur cinneadh simplí é.

Fág freagra ar 'Imreoirí na hÉireann tréigthe ag easpa gnímh agus easpa misnigh na n-údarás'