Ryan O’Donoghue i gCiarraí
Ar an gcéad fhéachaint, déarfá nach aon rud as an ngnáth é go raibh peileadóir a bhuaigh craobh na hÉireann i mbliana ag traenáil an tseachtain seo le foireann a bhuaigh craobh na hÉireann i mbliana ach tá scéal suimiúil tagtha aneas chugainn go bhfacthas Ryan O’Donoghue ag traenáil ar i gCiarraí i rith na seachtaine le Cumann Caide na Gaeltachta.
Ar ndóigh, bhí O’Donoghue ar fhoireann Mhaigh Eo a bhuaigh ar Chiarraí i gcluiche ceannais na hÉireann mí Iúil ach cuireadh fáilte roimhe i gCorca Dhuibhne agus é ag traenáil leis an bhfoireann a bhuaigh craobh idirmheánach peile na hÉireann ag tús na bliana.
Cé go bhfuil treoirlínte pleanála an rialtais ag iarraidh go mbeadh sé níos éasca ag mhuintir na Gaeltachta aistriú ó cheantar Gaeltachta amháin go dtí ceann eile, ní heol dúinn go bhfuil Cumann Lúthchleas Gael tar éis glacadh leis an gcoincheap céanna. Níl an chuma ar an scéal mar sin go bhfuil fear Bhéal an Mhuirthead ag aistriú ó dheas chun cabhrú leis an nGaeltacht i gcraobh shinsir peile Chiarraí nó go bhfeicfear é i ngeansaí na Ríochta amach anseo.
Agus Béal an Mhuirthead ag imirt i gcoinne Chlár Chlainne Mhuiris i mbabhtaí ceathrú ceannais chraobh shinsir Mhaigh Eo amárach, bhí O’Donoghue díreach ag iarraidh deis traenála i rith na seachtaine gan tabhairt faoin turas sé uair an chloig abhaile go Béal an Mhuirthead.
Is cosúil gur ar aistear teanga i gCorca Dhuibhne atá O’Donoghue agus é ag fanacht le bean an tí mar chuid de chlár teilifíse de chuid RTÉ.
Taispeáin dúinn do chuid bonn
Measadh craobh peile na hÉireann 2026 ar cheann de na cinn ab fhearr riamh agus chinntigh an tsárimirt agus na rialacha nua go raibh cluichí breátha, taitneamhacha againn ó thús go deireadh an tsamhraidh.
Dar le hiarimreoir Dhún na nGall agus fear Ghaoth Dobhair, Eamon McGee, tá gné amháin den imirt nach bhfuil faoi bhláth, áfach, agus sin é an ‘sledging’ nó an saighdeadh idir imreoirí.
“Tá an caighdeán tite go mór,” a dúirt McGee agus é ag labhairt ar phodchraoladh spóirt The Irish News, The Monday Club. Dar le McGee, tá an saighdeadh a bhíonn ar bun éirithe seanchaite agus leamh.
Ar ndóigh, is leath ag magadh a bhí McGee ach ba léir gur bhain sé féin taitneamh ar leith as a bheith ag gríosú a chéile comhraic agus é amuigh ar pháirc na himeartha chomh fada is nach raibh ann ach píosa craic.
“Ba bherá liom a bheith ag saighdeadh le leaids Thír Eoghain,” a dúirt McGee agus scéal aige faoi a bheith ag marcáil an tsárthosaigh, Brian McGuigan lá. “Ba í sin an chéad bhliain ag [Jim] McGuinness, nó an dara bliain b’fhéidir, ach bhí mise agus Brian ag bualadh guaillí anonn agus anall agus ag caitheamh spallaí. Dúirt McGuigan, ‘I have the medals anyway, All-Ireland medals’. Anois, ní raibh tada mar sin agamsa mar fhreagra ach dúirt mé leis, ‘Well, I have five All-Ireland Gaeltacht medals.’ Tháinig straois air, tá a fhios agat.”
Anois, níl a fhios againn an raibh baileach cúig cinn de bhoinn Chomórtais Peile na Gaeltachta buaite ag McGee sular bhuaigh Dún na nGall Craobh na hÉireann in 2012 ach an chéad uair eile go gcasfaidh sé ar McGuigan, beidh sé in ann a rá leis gur thug sé leis mí an Mheithimh seo caite a shéú ‘All-Ireland Gaeltacht’, mar a deir siad i dTír Chonaill.
Cluiche Gaeltachta an deireadh seachtaine
Níl stop go fóill le dul chun cinn pheileadóirí ban Naomh Abán agus iad anois sa tóir ar áit i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Chorcaí. Níl sé ach ceithre bliana ó shin ó bhí mná Mhúscraí ag imirt sa ngrád sóisir ach tá gaisce déanta acu ó shin agus na craobhacha sóisir agus idirmheánach buaite acu i gCorcaigh agus craobhacha na Mumhan curtha leis an gcarnán chomh maith.
Anuraidh a bhuaigh Naomh Abán an chraobh idirmheánach ach níl an t-ardú céime théis aon stró a chur ar an bhfoireann agus áit bainte amach acu i gcluiche leathcheannais na craoibhe sinsir. Tá dúshlán eile le sárú acu amárach, áfach agus seaimpíní na bliana seo caite, Éire Óg, rompu. Tá cúig cinn de chluichí ceannais as a chéile bainte amach ag Éire Óg ach anuraidh a bhuadar an chraobh den chéad uair. Seaimpíní 2024, Áth Fhada, agus Mainistir na Móna, a bhuaigh naoi gcinn de chraobhacha sinsir idir 2014 agus 2023, atá sa gcluiche leathcheannais eile.
Fág freagra ar 'IS MÓR AN SPÓRT É: Ryan O’Donoghue i gCiarraí leis an nGaeltacht, taispeáin dúinn do chuid bonn agus lá mór mhná Naomh Abán'