A chéad agallamh i nGaeilge déanta ag ceannaire an Chomhaontais Ghlais

Agus tús curtha inné leis an téarma Dála nua, labhair Roderic O’Gorman i nGaeilge le Tuairisc faoina mhianta don Ghaeilge

A chéad agallamh i nGaeilge déanta ag ceannaire an Chomhaontais Ghlais

Tá a chéad agallamh i nGaeilge déanta ag Roderic O’Gorman, ceannaire an Chomhaontais Ghlais.

Tá O’Gorman, an t-aon Teachta Dála a bhí fágtha ag a pháirtí sa Dáil i ndiaidh an olltoghcháin dheireanaigh, ag foghlaim na Gaeilge faoi láthair.

Dúirt sé gur luigh sé isteach ar an bhfoghlaim i ndiaidh an toghcháin anuraidh agus go bhfuil sé ag freastal ar ranganna agus ag gabháil do Duolingo ó shin.

Labhair an t-iar-aire leanaí i nGaeilge le Tuairisc faoi na spriocanna don téarma Dála nua atá aige féin agus an Comhaontas Glas ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de.

Ba mhaith leis, a dúirt sé, go mbeadh deis ag gach páiste ar an oideachas lán-Ghaeilge agus tá súil aige béim a leagan ar an easpa soláthair don ghaeloideachas.

“Níl go leor spásanna ar fáil anois do pháistí atá ag iarraidh freastal ar ghaelscoil nó ar ghaelcholáiste…Níl an t-éileamh ar an ngaelscolaíocht á shásamh ag an Stát go dtí seo agus ceapaim go bhfuil sé in am go gcuirfimid plean gnímh le chéile,” a dúirt sé.

Maidir leis an ngéarchéim thithíochta sa Ghaeltacht, dúirt sé go gcaithfí gníomh a dhéanamh láithreach agus éisteacht leis na grúpaí feachtais.

Bhí “eagla” air, a dúirt ceannaire an Chomhaontais Ghlais nach raibh fágtha ach “seans amháin” scéal atá “ag dul in olcas a athrú”.

Fág freagra ar 'A chéad agallamh i nGaeilge déanta ag ceannaire an Chomhaontais Ghlais'