In 2022 shiúil Séamus Ó Tuama i dtreo Halla na Cathrach Bhéal Feiste lena mhac a bhí deich mbliana d’aois ag an am, agus lena athair Diarmuid agus iad páirteach in An Lá Dearg. Siúlóid a bhí ann a d’eagraigh an Dream Dearg, feachtas na cosmhuintire ar son na Gaeilge. Meastar gur ghlac 17,000 duine páirt sa tsiúlóid ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál go Halla na Cathrach Bhéal Feirste.
Bhí trí ghlúin de mhuintir Uí Thuama le chéile an lá sin, agus iad sa gcathair inar tógadh iad ag siúl ar son chearta teanga phobal na Gaeilge.
Lá speisialta a bhí ann do Dhiarmuid, athair Shéamuis. Agus iad ag seasamh ag Halla na Cathrach chas sé chuig Séamus agus dúirt sé, “nuair a bhí mise deich mbliana d’aois, ní thiocfaidh linn é seo a dhéanamh”.
Thug an lá sin na glúnta le chéile, a deir Séamus. “Dúirt m’athair liom gur ciorcal iomlán a bhí sa nóiméad sin.”
Ní raibh a fhios aige ag an am go mbeadh a athair imithe ar shlí na fírinne níos lú ná bliain níos deireanaí. Cailleadh Diarmuid in Eanáir 2023, agus d’fhág sé nótaí do leabhar ina dhiaidh a raibh deich mbliana caite aige ag obair air.
“Bhí sé doiligh,” a deir Séamus. “An dóigh a tharla an bás, fuair muid amach i mí na Samhna go raibh ailse air agus go raibh sí forbartha go maith. Bhí muid i gcónaí dóchasach, ach bhí sé ag staid a ceathair, ghlac mé chun na hotharlainne é i mí na Nollag.
“Dúirt siad linn i ndiaidh dó an bhithóipse a dhéanamh go raibh siad chun plean a chur le chéile agus an galar a throid. Thug mo bhean chéile spreagadh dom agus dúirt sí, suífidh muid síos agus déanfaidh muid scéal d’athar a thaifeadadh. B’in an plean a bhí ann, ach thit sé marbh sula raibh an toradh na bithóipse ar ais.”
Tamall ina dhiaidh sin, chuaigh Séamus ar ais chuig oifig a athar agus tháinig sé trasna ar na leabhráin a raibh a athair ag obair orthu le deich mbliana roimhe sin. Bhí sé ag iarraidh stair Bhéal Feirste a insint trí shúile na nGael.
“An rud a spreag é, ná in 2013 bhí Comhairle Cathrach Bhéal Feirste ag iarraidh ceiliúradh a dhéanamh ar Bhéal Feirste, 400 bliain. Chuir sé seo olc ar m’athair a bhí ag rá go bhfuil Béal Feirste i bhfad níos sine ná sin. Séard a bhí sé ag iarraidh a dhéanamh ná scéal Bhéal Feirste a insint ó pheirspictíocht na nGael agus bhí go leor den obair sin déanta aige – tháinig sé chomh fada leis na trioblóidí. Ní raibh uaimse ach píosa beag páipéar gainimh a chuimilt tríd an leabhar agus é a thabhairt chun foilsitheoirí.”
De réir mar a lean sé air leis an obair agus é ag dul tríd na nótaí a bhí fágtha ina dhiaidh ag a athair, thug sé faoi deara go raibh scéal eile ag teacht chun tosaigh freisin, scéal a theaghlaigh féin, scéal a bhí fite fuaite le stair phobal Bhéal Feirste.
“D’airigh mé go raibh an leabhar seo ag teacht óna chroí agus go raibh a phaisean le mothú tríd. Ag an am céanna bhí rud eile idir lámha aige, an scéal teaghlaigh. Bhí crann teaghlaigh déanta aige, agus bhí na carachtair seo ar fad a bhí le feiceáil ann.
“Chuaigh sé siar go 1790 agus thosaigh mé ag fáil amach níos mó faoi na daoine seo, ag déanamh taighde i gCorcaigh, i gcartlann mhíleata Bhaile Átha Cliath, i Londain, agus rith sé liom go raibh saol cuid de na daoine seo ag rith le dhá thrian den leabhar eile.”
Chonaic sé go raibh scéal a shinsir ag teacht le scéal na cathrach agus iad ag maireachtáil trí na himeachtaí staire a bhí a athair ag scríobh fúthu ar bhonn níos leithne. Tosaíonn an scéal le Daniel Twomey, feirmeoir óg a chuaigh isteach in arm na Breataine agus a tháinig go Béal Feirste sna 187oidí aníos as Ceann Toirc i dtuaisceart Co. Chorcaí.
“Ar ndóigh labhair m’athair i ndubh agus bán agus de réir mar a chuaigh mé ar aghaidh thug mé faoi deara go raibh píosaí liatha sa scéal. Tá muid anseo i mBéal Feirste mar gheall ar Daniel Twomey agus tháinig sé sin mar gheall ar arm na Breataine.
“An rud a bhí romham ná an comhthéacs a thuigbheáil. Bhí sé ina fheirmeoir óg, ní raibh seisean ag iarraidh a bheith san arm, rinneadh slad ar an bhfeirmeoireacht i rith an ocrais mhóir agus díbríodh na daoine. Tháinig sé go Béal Feirste agus bhuail sé le bean a bhí ag obair sna muilte i mBéal Feirste agus phós siad, agus sin é an fáth go bhfuil muid i mBéal Feirste inniu.”
Bhí contrárthachtaí i saol a shin-sin-seanathair a chuir Séamus ag cuimhneamh arís ar an dtuiscint a bhí aige féin ar an stair. Fuair sé amach gur cuireadh Daniel go dtí an Éigipt in 1882 ag troid in arm na Breataine mar chuid den chór leighis.
Bhí sé ar dhuine de bhuíon 40,000 a cuireadh anonn le hionsaí a dhéanamh ar an gceantar thart ar Chanáil Suez. Tháinig sé ar ais go Béal Feirste ina dhiaidh sin agus d’fhág sé an t-arm in 1883, agus shocraigh sé féin agus a bhean Sarah síos agus bhí naonúr clainne orthu. Ní raibh an saol éasca do Chaitlicigh i mBéal Feirste ag an am, áfach.
“Ag an am sin i mBéal Feirste bhí rudaí olc do Chaitlicigh ba chuma cén stair a bhí agat leis an arm. Ba chuma fá dtaobh seirbhís do bhanríon Victoria, bhí círéibeacha seicteacha ag tarlú ag an am i mBéal Feirste, agus fud fad na hÉireann agus mar gheall ar an bhfás tionsclaíoch bhí Caitlicigh ag bogadh isteach go dtí an chathair agus bhí cineál ‘powder keg’ ann a bhí réidh le pléascadh.”
Chuaigh an chéad ghlúin eile de mhuintir Uí Thuama leis an náisiúnachas agus iad gníomhach sna gluaiseachtaí a bhí ag teacht chun cinn sa gcathair agus ar fud na tíre in éadan smacht na Breataine.
“Agus mar gheall air sin chas páistí Daniel uilig leis na náisiúnachas agus bhí baint acu leis na hiarrachtaí in aghaidh na bpogram sna 1920idí. Gabhadh James (mac le Daniel) i 1912 mar gheall ar a bheith ag crochadh póstaeir ag moladh do dhaoine gan a ghabháil isteach sna péas.”
Tá an chastacht sin agus na mionsonraí lárnach i gcur chuige an leabhair seo agus an t-údar ag insint scéal phobal Bhéal Feirste. Diúltaíonn sé don léamh simplí ar stair na cathrach.
“Ní féidir leat stair Bhéal Feirste a léiriú trí throid idir Protastúnaigh agus Caitlicigh. Má amharcann tú siar ar stair Bhéal Feirste, léiríonn na scéalta nach raibh an tírghrá riamh aontaobhach ná Caitliceach amháin. An phríomhargóint a bhí ag m’athair ina leabhar ná gur imir rialtas na Breataine an cárta seicteach i gcónaí chun smacht a imirt ar an tír agus muintir na tíre.”
D’fhás sé féin aníos i rith ghluaiseacht athbheochan na Gaeilge i mBéal Feirste. Bhí a athair i measc na gceannródaithe sa gcéad bhunscoil lán-Ghaeilge sa gcathair – Bunscoil Phobal Feirste.
Thosaigh Séamus ar scoil i 1979, thart ar 100 bliain ó tháinig Daniel Twomey go Béal Feirste ar dtús. Ba é a athair an chéad príomhoide sa scoil, nuair a chuala sé faoin mbunscoil Ghaelach, d’éirigh sé as a phost buan mar mhúinteoir agus chuaigh sé ag obair sa scoil go deonach ó 1971 go 1984.
“Dúradh leis na tuismitheoirí agus na múinteoirí go raibh siad ag briseadh an dlí. Tugadh ‘illegals’ orm féin agus na daltaí eile. Curaclam ar leith a bhí ann, ní raibh siad ag cloí le curaclam an Tuaiscirt mar go raibh sé sin iontach gallda. Bhí muid ag foghlaim fúinn féin, faoi thír s’sagainn, stair, dúlra s’againn, achan rud. D’éirigh linn agus i 1984 tugadh aitheantas oifigiúil don scoil.”
Do Shéamus, tá scéal na scoile agus scéal a theaghlaigh fite fuaite le stair Bhéal Feirste, agus chuir sé roimhe an scéal a insint ón dearcadh sin sa leabhar agus an obair a chuir a athair tús léi a thabhairt chun críche.
“D’amharc mé ar an leabhar má chineál clabhsúir a fháil agus an comhrá a chríochnú. Ach tá níos mó ceisteanna agam ná freagraí anois! Braitheann sé go mór ar chomhthéacs na dtréimhsí agus peirspictíochtaí agus mar a d’athraigh siad i rith na staire. Ba bhreá liom é a phlé leis, ach ar ndóigh ní féidir é sin a dhéanamh.”
Fág freagra ar 'AGALLAMH: ‘Má amharcann tú ar stair Bhéal Feirste, ní raibh an tírghrá riamh aontaobhach ná Caitliceach amháin’'