Tá leagan den fhíseán le fotheidil le fáil ANSEO
Tá na gníomhaíochtaí thíos bunaithe ar an gcéad 2 nóiméad agus 41 soicind den fhíseán.
Gníomhaíocht 1:
- Sula bhféachann tú ar an mír físe déan iarracht na leaganacha Gaeilge a mheaitseáil leis an míniú/focal gaolmhar.
- Déan do fhreagraí a roinnt leis an duine atá in aice leat.
- Féach ar an mír físe agus féachaigí ar na freagraí arís.
- Má bhíonn tú i bponc is féidir míniúcháin a sheiceáil ar teanglann.ie nó focloir.ie.
Gníomhaíocht 2:
- Déan iarracht na focail/frásaí thuas a chur in abairt de do chuid féin.
- Cabhróidh an íomhá thíos leis an bhfocal ‘tuarascáil’.
- Ansin déan iad a chur i gcomparáid leis na habairtí atá scríofa ag an duine in aice leat.

Gníomhaíocht 3: Ceisteanna Ginearálta:
- Féach/Éist leis an mír físe faoi dhó agus déan iarracht na ceisteanna seo a leanas a fhreagairt.
- Déan do fhreagraí a roinnt leis an duine atá in aice leat.
- Is féidir an físeán a mhoilliú trí bhrú ar chnaipe na socruithe.
- Cén ghairm atá ag Gearóid Ó Tuathaigh?
- Cén bhuntuiscint a bhí le Gaeltacht?
- ‘Gnó trí Bhéarla i rith an lae, an Ghaeilge sa tigh i rith na hoí’ Cad is brí leis an abairt sin meas tú?
- Cad a tosaíodh ag déanamh ag tús an fichiú haois?
- Cad a tháinig amach i 1926?
- Cé mhéad cainteoir Gaeilge a bhí ann?
- Cén dá aidhm a bhí ag an gCoimisiún?
- Déan cur síos ar an méid atá le feiceáil sa phictiúr thíos. Cén bhaint atá aige leis an scéal meas tú?

Gníomhaíocht 4: Líon na Bearnaí:

Fág freagra ar 'FÍSEÁN d’FHOGHLAIMEOIRÍ: ‘Brúite, basctha ach beo’ – 100 bliain na Gaeltachta'