Déanfar ateangaireacht bheo go Gaeilge ar an aitheasc ‘Staid an Aontais’ Choimisiún an Aontais Eorpaigh den chéad uair riamh amárach. Is í Uachtarán Choimisiún na hEorpa, Ursula von der Leyen, a thabharfaidh an t-aitheasc do Pharlaimint na hEorpa agus í ag leagan amach tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain atá romhainn.
Is é seo an chéad uair i stair an Aontais Eorpaigh go mbeidh an pobal in ann éisteacht le haitheasc Staid an Aontais i nGaeilge agus an óráid á tabhairt beo. Ní bheidh le déanamh ach an Ghaeilge a roghnú ó liosta na dteangacha i roghchlár an fhíseáin bheo a bheidh á chraoladh ag 8am amárach.
Agus an óráid á tabhairt blianta eile roimhe seo, bhí téacs na cainte ar fáil i nGaeilge ach ní raibh an tseirbhís ateangaireachta beo ann. Beidh ateangaire ann inniu le Gaeilge a chur ar chaint an Uachtaráin von der Leyen.
Deir Coimisiún na hEorpa go n-úsáidfidh von der Leyen an óráid i mbliana le clár oibre a leagan amach don Aontas Eorpach “chun freagairt do riachtanais mhuintir na hEorpa le tionscnaimh nithiúla”.
“Is tráth é seo freisin chun ómós a thabhairt do mhuintir na hEorpa, laochra laethúla: mar shampla, na lúthchleasaithe parailimpeacha a bhain amach an méid a dhealraigh a bheith dodhéanta, na hoibrithe daonnúla a sheachadann cabhair ar an túslíne,” a deirtear ar shuíomh an Choimisiúin.
Meastar go leagfaidh von der Leyen an-bhéim ina haitheasc ar “neamhspleáchas na hEorpa” a bhaint amach agus an chuing eacnamaíochta agus teicneolaíochta, atá ag na Stáit Aontaithe, an Rúis, agus tíortha eile taobh amuigh den Aontas ar thíortha an Aontais, a bhriseadh.
“Le bliain anuas, is ar chumas na hEorpa gníomhú i ndomhan atá ag athrú a neartú a bhí ár gcuid iarrachtaí dírithe. D’oibrigh an Coimisiún Eorpach chun borradh a chur faoin iomaíochas, spleáchais straitéiseacha a laghdú, an chosaint a neartú, tacú leis an Úcráin, comhpháirtíochtaí domhanda a leathnú, agus an daonlathas agus saoránaigh a chosaint.
“Is é is aidhm do na hiarrachtaí sin Eoraip níos neamhspleáiche, níos sláine agus níos rathúla a fhorbairt. Táimid ag léiriú go bhfreagraíonn an Eoraip le chéile nuair a thugtar ár ndúshlán,” a deirtear ar shuíomh an Choimisiúin.
Beidh an tUachtarán von der Leyen ag labhairt os comhair Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg ag 8am maidin amárach. Craolfar an t-aitheasc beo ar shuíomh an Choimisiúin agus beidh taifead agus téacs na hóráide ar fáil ar an suíomh ina dhiaidh sin.
Jimmy Ó Conghaile
Tá seo go maith. Feictear dom gurb iad aistitheoirí agus ateangairí an AE atá ar thús cadhnaíochta anois ó thaobh téarmaíocht a chumadh agus is iad an tslat tomhais anois ó thaobh fheabhas na teanga. Tá cloiste agam gur minic a ghéilleann aistritheoirí Thithe an Oireachtais dá gcuid saineolais go fiú. Ar ndóigh ní bheidh Doncha Ó hÉallaithe sásta sin a admháil agus déarfadh sé gur cheart d’aistritheoirí an AE a bheith sa bhaile ag múineadh páistí bunscoile sa Ghaeltacht, ach ní féidir gach duine a shásamh.
Eoin
Nasc chuig an mbeoshruth anseo: https://commission.europa.eu/strategy-and-policy/state-union_ga