Tá sé ráite ag an bhFeisire Eorpach Billy Kelleher go gcaithfear cur leis an soláthar altranais ar Chléire chun cúram sláinte a chinntiú do mhuintir an oileáin.
Deir an Feisire d’Éirinn Theas gur gá don rialtas gníomhú chun a chinntiú go mbíonn cúram sláinte agus bunseirbhísí ar fáil do phobal an oileáin.
Dúirt Kelleher gur scríobh sé chuig an Aire Sláinte Jennifer Carroll-MacNeill ag éileamh uirthi teagmháil a dhéanamh le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoin scéal tar éis do dhaoine a bhfuil cónaí orthu ar an oileán Gaeltachta agus a dteaghlaigh dul i dteagmháil leis.
Dúirt Kelleher gur léiríodh imní nach mbíonn altra ar an oileán go lánaimseartha agus gur maíodh go dtarlaíonn sé go minic nach mbíonn cúram altranais ar fáil. Dúradh gur annamh go mbíonn cúram ar fáil ar chor ar bith i rith an tsamhraidh nuair a bhíonn an séasúr turasóireachta faoi lán seoil.
Dúirt Kelleher go bhfuil daonra Chléire ag dul in aois agus riachtanais chasta chúram sláinte acu.
“Bíonn tástáil fola le déanamh go rialta ar go leor acu, mar shampla. Gan altra lánaimseartha, bíonn ar dhaoine taisteal go dtí an mórthír agus is minic go dtógann sé idir 8-10 uair an chloig orthu dul isteach agus amach,” arsa Kelleher.
“Níl sé seo cóir ná sábháilte i mo thuairimse. Teastaíonn idirghabháil pholaitiúil ón mbarr uile chun déanamh cinnte go gcuirtear leis an chlúdach altranais agus chun a chinntiú go bhfuil sé praiticiúil agus sábháilte ag cách cónaí ar oileán.”
Dúirt Kelleher gur iarr sé ar an Aire Sláinte go gcuirfí leis an soláthar altranais ar Chléire agus, dá bhféadfaí, go bhfostófaí altra sláinte phoiblí ar an oileán chun go mbeadh rochtain ag muintir Chléire ar na seirbhísí céanna a bhíonn ag daoine ar an mórthír.
“Má tá muid ag iarraidh go bhfanfadh níos mó daoine, go háirithe iad siúd atá ina gcónaí i bpobail Ghaeltachta, ar ár n-oileáin agus i gceantair iargúlta, caithfidh muid na seirbhísí atá ag teastáil uathu a chur ar fáil,” a dúirt Kelleher.
Tháinig an scéal an mhí seo nach bhfuil aon pháiste ag freastal ar an scoil náisiúnta ar Chléire i mbliana den chéad uair riamh.
Fág freagra ar 'Níl na bearnaí sa chúram sláinte ar Chléire ‘cóir ná sábháilte’ – Feisire Eorpach'