Bhí breis is 4,000 dalta gaelscoile ann le cúig bliana anuas nach raibh rogha acu freastal ar ghaelcholáiste ina gcontae féin dá mba mhian leo coinneáil leis an oideachas lán-Ghaeilge.
Cé go léiríonn figiúirí a chuir an Roinn Oideachais ar fáil do Tuairisc gur chinn líon beag daltaí sna contaetha sin taisteal taobh amuigh dá gcontae féin chun oideachas lán-Ghaeilge a fháil, d’fhág thart ar 95% den 4,000 dalta an tumoideachas ina ndiaidh tar éis dóibh an bhunscoil a fhágáil.
Tá na figiúirí bunaithe ar dhaltaí Rang a Sé i scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht le cúig bliana anuas.
Léirigh anailís ar an suíomh seo gur duine as gach triúr daltaí gaelscoile sa stát a théann ar aghaidh go dtí gaelcholáiste ar an meán ach tá an céatadán níos ísle ná sin in an-chuid contaetha.
De réir na bhfigiúirí, níos lú ná aon trian de dhaltaí gaelscoile a théann ar aghaidh go dtí iarbhunscoil lán-Ghaeilge in 18 de na 26 contae.
Ní raibh ach cúig chontae – Baile Átha Cliath, Ceatharlach, Dún na nGall, Muineachán agus Cill Mhantáin – ina ndeachaigh os cionn 50% de na daltaí gaelscoile ar aghaidh chuig gaelcholáistí.
San iomlán, chuaigh os cionn 22,000 páiste a bhí i ngaelscoileanna ar fud na tíre ar aghaidh go dtí iarbhunscoileanna lasmuigh den Ghaeltacht le cúig bliana anuas.
Thart ar 8,000 acusan, beagán os cionn an tríú cuid, a chuaigh ar aghaidh chun freastal ar ghaelcholáiste neamhspleách. Ach d’fhág formhór mór na ndaltaí, os cionn 14,000, an córas oideachais lán-Ghaeilge.
Ní raibh an rogha ag daltaí i leath de 26 contae freastal ar ghaelcholáiste ina gcontae féin.
Faoi láthair, níl gaelcholáiste neamhspleách ach i 13 den 26 contae sa stát. Is iad an Cabhán, an Clár, Laois, Liatroim, Longfort, contae Lú, Maigh Eo, an Mhí, Uíbh Fhailí, Ros Comáin, Sligeach, Tiobraid Árann agus an Iarmhí na contaetha nach bhfuil gaelcholáiste neamhspleách iontu.
Fágann sin nach raibh an deis ag nach mór duine as gach cúigear de dhaltaí gaelscoile an stáit dul ar aghaidh go dtí gaelcholáiste ina gcontae féin mar nárbh ann dá leithéid.
Sna contaetha sin atá gan gaelcholáiste, chuaigh 4,000 dalta gaelscoile ar aghaidh go dtí an dara leibhéal le cúig bliana anuas ach ní dheachaigh ach thart ar 200 acusan, nó 5%, ar aghaidh chun freastal ar ghaelcholáiste. Bhí ar na daltaí sin uile taisteal lasmuigh dá gcontae féin chun freastal ar ghaelcholáiste.
Bhí ceithre chontae sa stát nach ndeachaigh aon dalta gaelscoile ar aghaidh chuig gaelcholáiste le cúig bliana anuas – an Cabhán, Liatroim, Longfort agus an Iarmhí. Chuaigh os cionn 600 dalta gaelscoile sna contaetha sin ar aghaidh go dtí an dara leibhéal sa tréimhse sin ach ní dheachaigh oiread agus duine acu ar aghaidh chun freastal ar ghaelcholáiste neamhspleách.
Tá an easpa soláthair don oideachas lán-Ghaeilge ag an dara leibhéal luaite go minic i measc na gcúiseanna leis an titim a thagann idir an bhunscoil agus an iarbhunscoil ar líon na ndaltaí a fhaigheann a gcuid oideachais trí Ghaeilge.
Tá “bearnaí” sa soláthar lán-Ghaeilge aitheanta ag an Roinn Oideachais agus tá feachtais ar bun timpeall na tíre ag éileamh go dtógfaí gaelcholáistí nua ach tá an Roinn fós ag diúltú aon scoileanna nua a thógáil.
Tá tuarascáil le foilsiú ag an gCoimisinéir Teanga an fómhar seo maidir leis an soláthar oideachais iarbhunscolaíochta lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.
Fág freagra ar 'Breis is 4,000 dalta gaelscoile fágtha gan an rogha freastal ar ghaelcholáiste ina gcontae féin'