Tá ardú suntasach tagtha ar líon na bpointí atá ag teastáil chun freastal ar chúrsa ollscoile atá dírithe ar mhúinteoirí Gaeilge a sholáthar.
Sa gcéad bhabhta de thairiscintí an CAO a fógraíodh inné, tá 462 pointe ag teastáil chun áit a fháil ar an gcúrsa Oideachas agus Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Sin ardú 64 pointe nó 16% ón 398 pointe a theastaigh chun áit a fháil ar an gcúrsa céanna anuraidh.
Baineann céimithe ón gcúrsa cáilíocht amach chun an Ghaeilge agus teanga eile – Fraincis, Spáinnis, Gearmáinis nó Iodáilis – nó an mhatamaitic a mhúineadh ag an dara leibhéal.
Thit líon na bpointí a bhí ag teastáil chun an cúrsa a dhéanamh ó 424 go dtí 398 idir 2023-2025 ach tá ardú suntasach i mbliana.
Bunaíodh an cúrsa chun dul i ngleic leis an easpa múinteoirí iar-bhunscoile a bhí cáilithe chun Matamaitic, an Ghaeilge nó teangacha eile a mhúineadh.
D’fhógair an tAire Oideachais i mbliana go bhfuil cead tugtha chun cúrsaí nua iarchéime a bhunú in Ollscoil na Gaillimhe agus i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh do dhaoine atá ag iarraidh múineadh i scoileanna lán-Ghaeilge.
Tá na pointí iontrála a theastaíonn don chúrsa fochéime i gCorcaigh thart ar 40 pointe níos airde ná mar atá do chúrsaí iar-bhunmhúinteoireachta Gaeilge i mBaile Átha Cliath.
Thit líon na bpointí atá ag teastáil chun an cúrsa iar-bhunmhúinteoireachta ‘Gaeilge le Fraincis/Gearmáinis/Spáinnis’ a dhéanamh in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ó 440 anuraidh go dtí 423 i mbliana.
Ardú beag atá i gceist leis an gcúrsa ‘Oideachas le Gaeilge agus Nuatheangacha’ sa gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ó 420 anuraidh go dtí 422 i mbliana.
Seasmhach go maith atá na pointí a theastaíonn do na cúrsaí bunchéime iar-bhunmhúinteoireachta le Gaeilge a chuireann Coláiste Mhuire gan Smál ar fáil agus don chúrsa ‘Eacnamaíocht Bhaile agus Gaeilge’ a reáchtálann Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh.
Maidir leis an mbunmhúinteoireacht, titim de bheagán a tháinig ar líon na bpointí a theastaíonn chun tabhairt faoin mBaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge in Institiúid Oideachais Marino, cúrsa a bunaíodh do dhaoine ar mhaith leo múineadh i mbunscoileanna lán-Ghaeilge. 503 pointe a theastaíonn i mbliana, laghdú beag ón 507 a bhí i gceist anuraidh.
Bhí titim níos suntasaí ann d’iarrthóirí Gaeltachta ar mhaith leo tabhairt faoin gcúrsa, ó 496 anuraidh go dtí 470 i mbliana.
Thairg an Lár-Oifig Iontrála (CAO) cúrsa tríú leibhéal inné do bhreis is 62,000 duine. Fuair beagán faoi bhun a leath, (48%) a lorg áit ar chúrsa Leibhéal 8 a gcéad rogha ón CAO, laghdú ón 51% a bhí i gceist anuraidh. Ag Leibhéal 6/7, fuair 87% de dhaltaí a gcéad rogha.
Tháinig ardú ar líon na bpointí a theastaíonn do 54% de na cúrsaí ar fad agus titim a bhí i gceist le 38%.
Maidir le cúrsaí Gaeilge eile ag an tríú leibhéal, tháinig ardú breis is 10%, ó 368 go dtí 405, ar líon na bpointí a theastaíonn chun an cúrsa Gaeilge agus Léann an Aistriúcháin a dhéanamh in Ollscoil na Gaillimhe. Thit na pointí iontrála don chúrsa Na Dána (Cumarsáid agus Gaeilge) san ollscoil chéanna ó 368 go dtí 357.
Thit na pointí a theastaíonn chun tabhairt faoin Luath- agus Nua-Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide ó 349 anuraidh go dtí 346 i mbliana.
In Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, thit na pointí a theastaíonn don chúrsa fochéime Gnó agus Gaeilge ó 402 go dtí 381. Is trí mheán na Gaeilge uile a dhéantar an teagasc ar an gcúrsa sin. D’ardaigh na pointí a theastaíonn don chéim Tráchtáil agus Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe ó 474 anuraidh go dtí 488 i mbliana.
545 pointe (ardú trí phointe) a theastaíonn chun Dlí agus Gaeilge a dhéanamh i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, i mbliana. 559 pointe (laghdú ocht bpointe) a theastaíonn chun tabhairt faoin gcéim Dlí le Gaeilge sa gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Ní dhéantar an teagasc ar fad trí Ghaeilge sna cúrsaí sin.
Tá plé ar bun le roinnt blianta anuas faoin easpa cúrsaí tríú leibhéal a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge, go háirithe i bhfianaise na sprice uaillmhianaí atá ag Rialtas gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh sa tseirbhís phoiblí faoin mbliain 2030.
Thug an tÚdarás um Ard-Oideachas le fios níos túisce i mbliana nach bhfuil ar fáil sa tír ach dhá chúrsa tríú leibhéal a ndéantar iad a theagasc go hiomlán trí Ghaeilge agus nach cúrsaí iad a bhaineann leis an teanga féin. Is cúrsaí iarchéime iad an dá chúrsa sin.
| Institiúid | Cúrsa | Pointí 2026 | Pointí 2025 | Pointí 2024 | Pointí 2023 |
|---|---|---|---|---|---|
| Ollscoil na Gaillimhe | Na Dána (Gaeilge agus Léann an Aistriúcháin) | 405 | 368 | 411 | 436 |
| Tráchtáil le Gaeilge* | 488 | 474 | 441 | 475 | |
| Na Dána (Cumarsáid agus Gaeilge) | 357 | 368 | 399 | 484 | |
| Coláiste na Tríonóide | Luath- agus Nua-Ghaeilge | 326 | 349 | 343 | 368 |
| Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath | Gnó agus Gaeilge | 381 | 402 | 377 | 387 |
| Iar-bhunmhúinteoireacht ‘Gaeilge le Fraincis, Gearmáinis/Spáinnis* | 423 | 440 | 419 | 442 | |
| Coláiste na hOllscoile, Corcaigh | Dlí agus Gaeilge* | 545 | 542 | 522 | 545 |
| Baitsiléir san Oideachas agus Gaeilge | 462 | 398 | 408 | 424 | |
| Coláiste Mhuire gan Smál | BA san Oideachas agus Gaeilge agus Staidéar ar Reiligiún* [Durlas] |
400 | 407 | 431 | 424 |
| BA san Oideachas, Gaeilge agus Matamaitic* [Durlas] |
433 | 443 | 476 | 477 | |
| BA san Oideachas, Gaeilge agus Staidéar ar Ghnó* [Durlas] |
402 | 397 | 419 | 451 | |
| Institiúid Marino, Baile Átha Cliath | Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht) | 503 | 507 | 507 | 462 |
| Baitsiléir san Oideachas trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht) – do dhaltaí Gaeltachta |
470 | 496 | 471 | 459 | |
| Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh | Baitsiléir san Oideachas – Eacnamaíocht Bhaile agus Gaeilge* (Iarbhunmhúinteoireacht) |
400 | 398 | 429 | 442 |
| Gnó agus Gaeilge* | 386 | 339 | 307 | ||
| An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath | Dlí agus Gaeilge* | 559 | 567 | 556 | 565 |
| Oideachas le Gaeilge agus Nuatheangacha | 422 | 420 | 478 | 431 | |
| *ní dhéantar an teagasc ar fad trí Ghaeilge | |||||
Fág freagra ar 'Ardú suntasach ar na pointí CAO do chúrsa atá dírithe ar mhúinteoirí Gaeilge a chur ar fáil'