Tá sé céad bliain anois ó foilsíodh Tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta agus tá an domhan athraithe go mór ó shin. Ar bhealach, tá na ceantair Ghaeltachta ar na réigiúin is mó a bhfuil athruithe tagtha orthu le céad bliain anuas, agus, ar bhealach eile, is beag athrú suntasach atá tagtha orthu. Tá siad fós iargúlta, tá an daonra iontu fós beag, agus tá Gaeilge fós mar theanga phobail in san gcuid is mó de na háiteanna ar aithníodh mar Ghaeltacht in 1926. É sin ráite, tá an Ghaeltacht athraithe ó bhun ó 1926, agus an teanga dá bánú tuilleadh le chuile ghlúin a thógtar inti agus a imíonn ceal deiseanna a bheith ar fáil dóibh.
Ní féidir a shéanadh ach go bhfuil cuid de na ceantair ar dúradh go raibh Gaeilge mar theanga laethúil iontu i 1926 nach bhfuil focal Gaeilge le cloisteáil iontu níos mó. Ach, caithfear a rá freisin, áfach, go bhfuil ceantair a áiríodh mar chroílár na Galltachta i 1926 a bhfuil pobail láidir agus croíúil Gaeilgeoirí iontu anois.
Ceann eile de na hathruithe is mó atá tagtha ar an nGaeltacht ná an méid cuairteoirí a thagann chomh fada léi, turasóirí agus scoláirí a thagann de bharr go bhfuil spéis acu sa gcultúr nó mar go bhfuil siad ag iarraidh an teanga a fhoghlaim. De bharr na dturasóirí, caithfidh chuile bhaile Gaeltachta freastal orthu siúd gan aon Ghaeilge. Ní drochrud é sin i dtosach. Labhraíonn chuile dhuine sa nGaeltacht sa lá atá inniu ann Béarla líofa. Sí an fhadhb ná go bhfuil daoine bailithe i gcleachtadh ar an mBéarla. Is féidir le daoine post a fháil sa nGaeltacht gan aon Ghaeilge, mar ‘nach cuma, nach bhfuil Béarla ag chuile dhuine ar aon nós?’ Nuair a leanann an meon seo ar feadh na mblianta is nimh é a scriosann an gá le ceantar Gaeltachta ar bith.
Maidir leis na scoláirí a fhreastalaíonn ar na cúrsaí samhraidh, is le croí mór maith a thugann siad a n-aghaidh siar le coicís nó trí seachtaine a chaitheamh imithe ón mbaile chun barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge, ach tá go leor nach dtagann ach le píosa spraoi a bheith acu. Tá cuid eile freisin a chuirtear chuig cúrsaí samhraidh Gaeilge chun suaimhneas a thabhairt dá gcuid tuismitheoirí. Sé an deireadh a bhíonn aige seo ar fad ná go bhfreastalaíonn go leor ar chúrsaí Gaeltachta gan suim dá laghad acu sa teanga ná sa gcultúr, agus iompaíonn siad chuile dhuine eile ar an mBéarla.
Is ócáid mór le rá a bhí sa gcéilí fadó nuair a bhíodh an deis ag gasúir na háite aithne a chur ar na scoláirí. Bhain chaon ghrúpa gasúr taitneamh as, agus, de bharr gur Gaeilge a labhair gasúir na Gaeltachta eatarthu féin, thuig gasúir na Galltachta gur teanga bheo a bhí in san nGaeilge i measc a n-aoise féin. Agus an nós sin imithe, is minic go dtagann agus go n-imíonn scoláirí ón nGaeltacht gan aithne a bheith curtha acu ar dhéagóir áitiúil amháin. Dá gcuirfí tús leis sin arís, bheadh tuilleadh beochta sa bpobal do ghasúir na háite agus bheadh rath éigin ar na coláistí samhradh.
Tá an daonra sa nGaeltacht le blianta beaga anuas ag fás, ach tá an caighdeán Gaeilge a labhraítear inti ó lá go lá ag titim mar go bhfuil strainséirí ag teacht isteach agus ag labhairt Béarla sa mbaile, ag cur a gcuid gasúr nach labhraíonn Gaeilge ag scoileanna Gaeltachta agus ag cur faoi ndear do chuile dhuine eile iompú ar an mBéarla ina dtimpeall. Caithfear bealach a aimsiú lena chinntiú gur le Gaeilge a thógfar gasúir atá á dtógáil sa nGaeltacht chun go mairfidh an teanga. Ní leor tuilleadh tithe a thógáil agus daoine a bhrú isteach iontu, caithfear cúram a léiriú don phobal áitiúil. Ba cheart go gcuirfí faoi ndear d’aon duine atá ag iarradh teach a cheannacht sa nGaeltacht scrúdú cumais a dhéanamh agus marc sásúil a bhaint amach. Ba cheart cead pleanála a thabhairt do ghasúir tithe a thógáil ar thalamh a muintire. Má imíonn an ghlúin óg mar nach bhfuil aon áit le cónaí acu, ní mhairfidh an Ghaeltacht fiche bliain eile, ná bac le céad.
Beidh an Ghaeltacht difriúil amach anseo. Beidh tuilleadh béime ar theicneolaíocht agus ar na deiseanna cianoibre ar fad a bheidh ag daoine. Tugann an cineál seo oibre deis do mhuintir na Gaeltachta nach raibh ag na glúnta romhainn – post nua-aimseartha a oibriú ach saol na Gaeltachta a choinneáil. I chuile cheantar Gaeltachta sa tír is iad na teaghlaigh chéanna atá ina gcónaí iontu ó 1926, síos tríd na glúnta is iad an dream céanna a bhí i chuile bhaile. Is dóigh go n-athróidh sé sin le daoine atá tar éis Gaeilge a fhoghlaim sa nGalltacht ag bogadh chomh fada le ceantar Gaeltachta chun a gclann a thógáil – agus is dea-rud an t-athrú sin. Beidh daoine sa nGaeltacht amach anseo nár tógadh inti agus nach bhfuil ag obair inti ach a bhfuil cinneadh déanta acu cónaí inti agus clann a thógáil inti.
Tá ceantair nua ag láidriú, cosúil le Béal Feirste, agus, faraor, tá ceantair eile ag dul in éag. Ach, má d’éirigh leis an nGaeltacht theacht tríd phlandálacha, péindlíthe agus gorta, is cinnte go mairfidh sí píosa eile. Táimse den tuairim gur cinnte go mairfidh teanga, pobal, agus spiorad na Gaeltachta ar feadh ar an laghad céad bliain eile chomh fada agus go ndéantar iarracht í a chaomhnú. Tá an tobar triomaithe go mór, ach tá deoir inti fós, agus ní bheidh triomach ann go brách má sheasann muintir na Gaeltachta agus Gaeil na Galltachta le chéile.
Fág freagra ar '‘Má imíonn an ghlúin óg mar nach bhfuil aon áit le cónaí acu, ní mhairfidh an Ghaeltacht fiche bliain eile, ná bac le céad’'