Dúirt Céad-Aire an Tuaiscirt, Michelle O’Neill, gur léirigh Fleadh Cheoil na hÉireann i mBéal Feirste “go soiléir gur láidre ár dtodhchaí chomhroinnte ná iadsan ar mian leo sinn a choinneáil siar”.
Meastar gur thug os cionn milliún duine cuairt ar Bhéal Feirste don fhéile cheoil a chríochnaigh ar an Domhnach agus a d’fhág sráideanna na cathrach ag preabarnach le ceol is rince na tíre le seachtain.
Agus an Céad-Aire ag scríobh san Irish News, dúirt sí gur ócáid chorraitheach a bhí sa bhféile do dhaoine.
“Ba chorraitheach an rud é ag go leor daoine cultúr na hÉireann a fheiceáil á léiriú agus á cheiliúradh ar bhealach a bhí chomh hionchuimsitheach, chomh measúil, chomh dearfach sin mar gur cheapadar nach bhféadfaí a leithéid sin a dhéanamh i mBéal Feirste.
“Ní hionann Béal Feirste an lae inniu agus deighiltí na seanlaethanta, ar dheiseanna na todhchaí atáthar dírithe.”
Dúirt O’Neill go raibh daoine ann a chreid nach bhfeicfí an Fhleadh Cheoil go deo i mBéal Feirste.
“Tá daoine feicthe agam féin agus na deora leo, go háirithe daoine atá amach sna blianta. Na mothúcháin ón gcroí sin is comhartha soiléir iad don ród fada atá curtha dínn againn, an méid atá athraithe agus léiríonn siad nach bhfuil muid ag dul ach san aon treo amháin.”
Dúirt O’Neill gur freagra é an rath a bhí ar an bhFleadh sa gcathair ar an dream sin ar “mian leo an clog a chur siar”.
“D’ainneoin an frustrachas a bhíonn ar go leor againn leosan ar mian bac a chur leis an dul chun cinn agus an clog a chur siar, is cruthúnas atá ina bhfuil feicthe againn ag Fleadh Cheoil na hÉireann i mBéal Feirste go bhfuil formhór mór an phobail ag iarraidh dul ar aghaidh, cultúr a cheiliúradh ar bhealach measúil agus leanacht orainn ag cruthú sochaí níos fearr do chuile dhuine.”
Dúirt Niall McClean, ó Chomhaltas Ceoltóirí na hÉireann na hArda, a bhí ina chomhchathaoirleach ar choiste eagraithe na fleidhe, gur ‘ócáid stairiúil’ a bhí san fhéile ocht lá.
“Tá rud déanta againn nach ndearnadh riamh sa gcathair seo cheana. Thugamar gach uile phobal le chéile agus thaitin sé thar cionn le gach duine.”
“Bhí Béal Feirste i lár an aicsin, tháinig an domhan mór isteach chugainn agus tháinig an líon is mó daoine a chonacthas riamh ag Fleadh Cheoil na hÉireann,” a dúirt McClean.
Beidh Fleadh Cheoil na hÉireann i mBéal Feirste arís an bhliain seo chugainn ón 1 go 8 Lúnasa 2027.
Dúirt Labhrás Ó Murchú, Ard-Stiúrthóir Chomhaltas Ceoltóirí Éireann gur “míorúilt” a bhí sa bhféile “éacht ceoil, éacht cairdis agus éacht cruthaitheachta”.
Bhí an fhéile ocht lá á hóstáil ag trí dhream i dteannta a chéile – Comhairle Cathrach Bhéal Feiriste, Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus CCÉ na hArda as contae na Dúin.
Dúirt an tAire Geilleagair, Caoimhe Archibald, go léiríonn réamh-mheastacháin go bhféadfadh an Fhleadh Cheoil €53 milliún breise a chur de bhiseach ar gheilleagar Bhéal Feirste.
Fág freagra ar '‘Éacht ceoil, éacht cairdis’– os cionn milliún cuairteoir i mBéal Feirste don Fhleadh Cheoil'