‘An Ghaeltacht Dheireanach’ – cluiche úr ríomhaireachta do pháistí atá ag iarraidh dul i ngleic leis na ‘Béarla-Saurs’

I gcluiche nua caithfidh Rua Óg agus Páidí an Ghaeilge agus an Ghaeltacht dheireanach in Éirinn a thabhairt slán ó na Béarla-Saurs

‘An Ghaeltacht Dheireanach’ – cluiche úr ríomhaireachta do pháistí atá ag iarraidh dul i ngleic leis na ‘Béarla-Saurs’

Beidh cluiche úr Gaeilge do pháistí dar teideal ‘An Ghaeltacht Dheireanach’ ar fáil ar an ardán Steam go luath.

Nuair a bheas an cluiche ar fáil ar líne, beidh duine amháin nó beirt le chéile ábalta an cluiche lán-Ghaeilge a imirt agus é mar aidhm ag an imreoir an Ghaeltacht dheireanach in Éirinn a thabhairt slán ó na Béarla-Saurs atá ag iarraidh í a scriosadh.

Tá obair mhór déanta ag Ryan Carlin, forbróir bogearraí agus bunaitheoir an chluiche, le blianta beaga anuas agus tá súil aige go mbeidh an cluiche ar fáil ar líne sna míonna amach romhainn.

“Tá scéal mór taobh thiar den chluiche agus tá an scéalaíocht iontach tábhachtach domh,” a dúirt sé le Tuairisc.

Agus é ag caint faoi scéal an chluiche, dúirt sé go bhfuil an Ghaeilge “beagnach imithe agus níl ach Gaeltacht amháin fágtha in Éirinn”. Tá na Béarla-Saurs, a bhfuil seansmaointe acu faoin Ghaeilge, “ar mhisean chun an Ghaeilge a scriosadh”.

Sa chluiche é féin beidh deis agat imirt mar Rua Óg agus Páidí, an crogall mór, chun an Ghaeltacht a shábháil ach caithfidh an dá charachtar oibriú le chéile chun é sin a dhéanamh.

“Is Gaeilgeoir den tseanghlúin é Páidí agus is Gaeilgeoir den ghlúin nua é Rua Óg. Caithfidh an ghlúin níos sine agus an glúin nua oibriú le chéile agus ní féidir leo an Ghaeilge a sábháil gan obair le chéile.”

“Taistealaíonn siad [Rua Óg agus Páidí] ar fud na hÉireann le chéile. Tá camán agus peil agat agus caithfidh tú troid in éadan na mBéarla-Saurs agus ár dteanga dhúchais a thabhairt ar ais,” a dúirt Carlin, arb as Doire ó dhúchas dó ach atá anois ag cur faoi i mBéal Feirste.

Thosaigh Carlin ag déanamh ranganna Gaeilge i mBéal Feirste roinnt bliantaí ó shin agus dúirt sé gur thug sé faoi deara go raibh an Ghaeilge “i ngach áit – ar an raidió, i scannáin agus sa rapcheol,” ach nach raibh mórán cluichí ríomhaireachta trí mheán na Gaeilge ar fáil ar chor ar bith.

“Ní fhaca mé cluiche ar bith a bhí go maith do pháistí agus foghlaimeoirí cosúil liom féin agus shíl mé go mbeadh cluiche ríomhaireachta [Gaeilge] ar ardchaighdeán an-tábhachtach don chéad ghlúin eile.”

Bheartaigh sé tabhairt faoi é féin agus tá chóir a bheith deich mbliana caite aige ag obair ar an chluiche seo nuair a bhí rud beag ama le spáráil aige.

“Sílim gur chóir don cluiche a bheith chomh furasta agus is féidir do dhaoine teacht air sa dóigh is gur féidir leo é a imirt,” a dúirt sé.

Tá súil ag Carlin an cluiche a chur ar ardáin eile cosúil le Switch agus Xbox amach anseo má bhíonn suim ag daoine ann agus má tá bhíonn ábalta maoiniú a fháil chun cuid den chostas a chlúdach.

Tá an cluiche ar fáil ar ‘wishlist’ Steam anois agus is féidir súil a chaitheamh air anseo.

Fág freagra ar '‘An Ghaeltacht Dheireanach’ – cluiche úr ríomhaireachta do pháistí atá ag iarraidh dul i ngleic leis na ‘Béarla-Saurs’'

  • Seán Ó Cobhthaigh

    Tá sé sin ar feabhas

  • Eoghan Ó Néill

    Suimiúil mar cluiche

  • Pól

    Thar cionn uilig…

  • Daltún

    Tá cuma spéisiúil air!