Ráiteas ‘a chosnóidh’ an Ghaeltacht sa chóras pleanála foilsithe ag an rialtas

Cé gur cuireadh fáilte roimh ghnéithe áirithe de ráiteas nua pleanála don Ghaeltacht deir lucht feachtais gur céim ar gcúl atá i gcuid dá bhfuil beartaithe ann

Ráiteas ‘a chosnóidh’ an Ghaeltacht sa chóras pleanála foilsithe ag an rialtas

D’fhoilsigh an rialtas tráthnóna ráiteas faoi chúrsaí pleanála a deir siad a thacóidh le neartú agus slánú teanga agus cultúr na Gaeltachta.

De réir an ráitis is tréimhse cúig bliana seachas deich mbliana a chaithfidh an cainteoir Gaeilge cónaí i gceantar Gaeltachta chun riachtanas áitiúil tithíochta a chruthú. Deirtear chomh maith sa ráiteas go mbeidh cead ‘saorghluaiseachta’ ag cainteoirí Gaeilge Gaeltachta idir ceantair éagsúla Gaeltachta.

Ach cé gur cuireadh fáilte roimh ghnéithe áirithe den ráiteas deir lucht feachtais gur céim ar gcúl atá i gcuid dá bhfuil beartaithe ann. Maítear nach bhfuil sé radacach a dhóthain chun dul i ngleic leis an ngéarchéim thithíochta sa Ghaeltacht ná chun tacú le caomhnú na teanga sna ceantair ina bhfuil sí fós in uachtar mar theanga phobail.

Dúirt Aire na Gaeltachta, Dara Calleary, go bhfuil cosaint na Gaeilge sa Ghaeltacht lárnach sa Dréacht-Ráiteas Pleanála Náisiúnta maidir le Tithíocht Inbhuanaithe Tuaithe agus Gaeltachta. Dúirt sé gurb amhlaidh go dtabharfadh an ráiteas cosaint níos soiléire agus níos seasmhaí don Ghaeltacht sa chóras pleanála.

Tá lucht feachtais míshásta go háirithe faoin treoir nár cheart cead pleanála a thabhairt sa Ghaeltacht do shuíomh atá níos faide ná trí chiliméadar ón áit a bhfuil cónaí ar an iarratasóir.

Gné eile den ráiteas atá ag déanamh imní do lucht feachtais teanga agus Gaeltachta ar labhair Tuairisc leo ná an clásal teanga atá molta ann d’fhorbairtí tithíochta.

An treoir do chomhairlí contae atá sa ráiteas ná coinníoll teanga a chur i bhfeidhm i bhforbairtí tithíochta sa Ghaeltacht a bheadh bunaithe ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sna limistéir pleanála teanga éagsúla sa daonáireamh is déanaí.

Faoin gcur chuige sa ráiteas, mar shampla, chuirfí 54% de thithe ar leataobh i bhforbairtí tithíochta i gceantar Chois Fharraige, i nGaeltacht Chonamara, ceann de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír.

Ach faoin bpolasaí atá i bhfeidhm ag Comhairle Chontae na Gaillimhe faoi láthair is gá 80% de thithe a chur ar leataobh do chainteoirí Gaeilge i bhforbairtí tithíochta i gCois Fharraige.

An polasaí atá ann d’fhorbairtí tithíochta i nGaeltacht Dhún na nGall faoi láthair ná go gcuirfí coinníoll teanga 85% ii bhfeidhm bhforbairtí ina bhfuil níos mó ná dhá thigh i gceist.  De réir an ráitis ní bheadh aon cheantar Gaeltachta i nDún na nGall, seachas Toraigh, in aon ghiorracht don chéatadán sin.

Clásal teanga 80% an polasaí atá i nGaeltacht na nDéise, i gcomparáid le an 35% faoi chur chuige an ráitis nua.

De réir anailís atá déanta ag Tuairisc ar fhigiúirí daonáirimh 2022, bheadh coinníoll teanga níos lú ná 50% i gceist i 19 den 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta má ghlactar leis an ráiteas.

De réir an ráitis, beidh ar gach iarratasóir ar chead pleanála chun teach a thógáil sa Ghaeltacht a chruthú go bhfuil riachtanas tithíochta áitiúil, sóisialta agus eacnamaíochta aige, ach deirtear go bhféadfaidh an t-údarás pleanála “leibhéal solúbthachta” áirithe a léiriú sa chás gur cainteoir líofa Gaeilge atá i gceist.

De réir na dtreoirlínte nua pleanála, bainfidh údaráis áitiúla leas feasta as scrúdú Gaeilge caighdeánaithe chun líofacht Ghaeilge daoine atá ag cur isteach ar chead pleanála sa Ghaeltacht a mheas.

Caighdeán líofachta B2 TEG (Teastas Eorpach Gaeilge) a bheidh ag teastáil ó dhuine amháin sa teaghlach agus is ionann an B2 agus an caighdeán céanna a mbítear ag súil leis chun go bhféadfadh duine dul faoi oiliúint mar mhúinteoir bunscoile.

Faoin ráiteas, thabharfaí isteach chomh maith coincheap an ‘tAitheantas Idir-Ghaeltachta’, a deirtear a dhéanfaidh níos éasca é do chainteoirí Gaeilge atá ina gcónaí i gceantar Gaeltachta bogadh chun cónaí agus obair i gceantar Gaeltachta eile.

An cainteoir Gaeilge ó Ghaoth Dobhair, mar shampla, a bheadh ag iarraidh a chéad teach cónaithe a thógáil i nDún Chaoin, ba leor dó cúig bliana a bheith caite aige ina chónaí i nGaeltacht Dhún na nGall chun leas a bhaint as buntáiste cúig bliana an chainteora Gaeilge i gCorca Dhuibhne.

Níl sé soiléir an mbeadh an riail chonspóideach trí chiliméadar i gceist don chainteoir Gaeilge a bheadh ag bogadh ó cheantar Gaeltachta go dtí ceantar Gaeltachta eile.

Deir an Rialtas go dtacóidh “prionsabal na saorghluaiseachta cainteoirí Gaeilge idir na Gaeltachtaí” leis an “nasc domhain teangeolaíoch agus cultúir” atá ag ceantair Ghaeltachta lena chéile.

Mar “aitheantas ar an gcroí-fhéiniúlacht theangeolaíoch agus ar an gcultúr comhroinnte seo” atá prionsabal na saorghluaiseachta Gaeltachta, a deirtear.

Maítear go bhféadfadh an tsaorghluaiseacht cainteoirí Gaeilge “cabhrú le dul i ngleic le dúshláin dhéimeagrafacha agus gheilleagracha agus dul i ngleic le meath an daonra i gceantair Ghaeltachta thuaithe níos iargúlta”.

Ba cheart, a deirtear, “an tsolúbthacht” sin “a chothromú leis an ngá atá ann an iomarca tithe cónaithe tánaisteacha agus tithe saoire i gceantair Ghaeltachta a sheachaint”.

Chuir Aire na Gaeltachta, Dara Calleary, fáilte roimh fhoilsiú an dréachtráitis.

“Sa dréachtpholasaí seo, neartaítear ár gcóras chun an Ghaeilge a chosaint i gceantair Ghaeltachta – déantar tacaíocht don Ghaeilge i gceantair Ghaeltachta níos soiléire agus níos comhsheasmhaí trí na critéir teanga a leagan amach, ar féidir iad a chur isteach le hiarratais ar áitribh nua aonair tuaithe agus ina n-éilítear go mbeadh cónaí ar chainteoirí Gaeilge i gcion d’fhorbairtí il-aonaid.”

Dúirt an tAire go raibh sé “tábhachtach a rá go n-aithnítear sa pholasaí freisin go bhfuil cultúr, teanga agus féiniúlacht shonrach ag pobal na Gaeltachta”.

Fág freagra ar 'Ráiteas ‘a chosnóidh’ an Ghaeltacht sa chóras pleanála foilsithe ag an rialtas'