Tá obair ar bun ar reachtaíocht a chuirfeadh dualgas ar an stát oideachas lán-Ghaeilge a chur chun cinn agus soláthar cuí a chur ar fáil dóibh siúd ar mhaith leo freastal air.
Tugadh le fios ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais inné go bhfuil an reachtaíocht á dréachtú ag Fianna Fáil ach go bhfuil tacaíocht ó pháirtithe an rialtais agus an fhreasúra á lorg sula mbogfaí ar aghaidh léi.
Dúirt Aidan Kinsella ón ngrúpa feachtais IMEASC go raibh sé ag plé na dréachtreachtaíochta leis an Teachta Dála Naoise Ó Cearúil ó Fhianna Fáil agus go raibh sé sásta í a thabhairt chun cinn ach an tacaíocht a bheith ann.
Dúirt Kinsella go raibh tacaíocht léirithe ag Teachtaí agus Seanadóirí de chuid Fhine Gael don dréachtreachtaíocht ach go gcabhródh tacaíocht “oifigiúil” ón bpáirtí an scéal a bhogadh ar aghaidh.
“Táthar ag iarraidh go mbeadh [tacaíocht] traspháirtí ann di. Ní ó pháirtithe an rialtais amháin ach ó Shinn Féin, na Daonlathaithe Sóisialta, Páirtí an Lucht Oibre. Táthar ag lorg tacaíochta atá dáiríre traspháirtí.”
Bhí beirt ó Fhine Gael, an Seanadóir Evanne Ní Chuilinn agus an Teachta Barry Ward, ina measc siúd a léirigh tacaíocht don reachtaíocht ag an gcruinniú ach dúirt Ward gur cheap sé go mbeadh sé “an-deacair” aon reachtaíocht nach dtagann ón Roinn Oideachais a rith.
“Mura bhfuil an bille ag teacht ón Roinn, tá sé an-deacair é a fheiceáil sa dlí, caithfidh muid a bheith ionraic faoi sin,” a dúirt sé.
Mhaígh Ward go raibh toil pholaitiúil ann maidir le cur le soláthar an Ghaeloideachais ach nach raibh an Roinn ag sásamh an éilimh atá ann i measc an phobail.
“Is fadhb pholasaí sa Roinn atá ann, ní fadhb pholaitiúil,” a dúirt sé. Mhaígh sé nach dtuigeann an Roinn an fhadhb atá ann maidir leis an easpa soláthair.
Dúirt an Teachta Dála John Connolly ó Fhianna Fáil nár cheap sé go raibh reachtaíocht nua ag teastáil agus go bhfuil an dualgas atá ar an Roinn Oideachais freastal orthu siúd a bhfuil oideachas lán-Ghaeilge uathu leagtha amach cheana féin.
Dúirt sé go raibh bealaí “níos praiticiúla” ann le cur leis an soláthar lán-Ghaeilge, tacú le scoileanna Béarla athrú ina scoileanna lán-Ghaeilge ar cheann acu. Dúirt sé gur chóir na torthaí ón suirbhé náisiúnta bunscoile a foilsíodh le gairid a úsáid chun scoileanna timpeall na tíre ina bhfuil spéis san oideachas lán-Ghaeilge a aithint.
Tá an reachtaíocht don oideachas lán-Ghaeilge ar phríomhsprioc an ghrúpa IMEASC. Dúirt ionadaí eile ón ngrúpa, Rachel de Bhailís, go raibh “go leor tacaíochta” faighte ag an ngrúpa ó pholaiteoirí ach go rabhthas “tagtha go dtí an staid go gcaithfimid teacht le chéile, bogadh ar aghaidh le chéile agus céim chun tosaigh a thógáil chun an reachtaíocht a chur i bhfeidhm.”
D’iarr an grúpa ar an gcoiste Gaeilge go molfaí don Aire Oideachais Hildegarde Naughton reachtaíocht a achtú le linn ré an rialtais seo a chuirfeadh sainordú ar an Roinn Oideachais agus Óige oideachas lán-Ghaeilge a chur chun cinn, tacú leis agus soláthar cuí a dhéanamh dó.
Fág freagra ar 'Reachtaíocht ar son an oideachais lán-Ghaeilge á dréachtú, ach tacaíocht traspháirtí de dhíth'