Míoltóga, míorúiltí agus cruachás na seacláide

Tá na míoltóga beaga [corrmhíolta na gCiarraíoch] linn aríst i gConamara anois, tádar i dTír Chonaill, tádar in áit ar bith a bhfuil talamh portaigh ann, ar fud na tuaith

Míoltóga, míorúiltí agus cruachás na seacláide

Míorúilt ag an Séipéal

Chuir an sagart bail ó Dhia ar an mbeirt fhear a bhí i mbun saothair. “Tá sibh ag déanamh obair mhaith,” arsa seisean. “Bheadh muid níb fhearr, a Athair, ach go bhfuil muid ite ag na míoltóga beaga,” a deir an bheirt.

Bhíodar ag maisiú láthair dhealbh bheannaithe taobh amuigh de Theach an Phobail i gCarna i gConamara.

“Ní bheidh na míoltóga sin ann i bhfad eile,” a deir an sagart pobail, an tAthair Seán Mac Filibín. Agus ní raibh.

Maireann an scéal fós. Níltear in ann a dheimhniú gur tharla an mhíorúilt seo ach bhí leigheasanna agus míorúiltí luaite leis an Athair Mac Filibín. Má bhí sé in ann ag na míoltóga beaga, ní theastódh fiosrúchán ar bith sa Vatacáin le naomh a dhéanamh de.

Beannacht Dia leo uilig.

Tá na míoltóga beaga [corrmhíolta na gCiarraíoch] linn aríst i gConamara anois, tádar i dTír Chonaill, tádar in áit ar bith a bhfuil talamh portaigh ann, ar fud na tuaithe. Tagann siad chuile bhliain, na mílte acu agus ná mba fearr a bheidh siad!

Dream coilgneach míoltóga an phortaigh. Míoltóga na nGarbhchríocha a thugtar orthu. De bhunadh na hAlban iad agus tá cosán dearg déanta acu chuig an taobh seo tíre ariamh anall. Más tada é, meastar go bhfuileadar níos nimhní sna Garbhchríocha. Tádar chomh tréan ansin agus go bhfuil córas réamhaisnéise míoltóg ann. Gan bhuíochas de sin uilig, meastar go mbíonn caillteanas na gcéadta milliún punt de bharr na míoltóga beaga ar thionscal turasóireachta na hAlban. Abraíonn beagnach leath na ndaoine a théann chuig na Garbhchríocha nach bhfillfidh siad ansin go deo aríst, sa samhradh ar aon nós.

Cuireann míoltóg na nGarbhchríocha droch-cháil ar threibh na míoltóg uilig. Áirítear go bhfuil na céadta cineál míoltóg sa saol ach níl ach beagán acu a théann sa tóir ar fhuil ón gcine daonna. Is iad na cinn bhaineanna a bhíonn sa tóir ar an bhfuil in Éirinn; ní bhacann na cinn fhireanna le fear ná bean.

Ach an bhfuil maith ná maoin do thada sna míoltóga?

Bhíodh fear na timpeallachta i gcontae an Chláir agus i gConamara, Tim Robinson, á gcosaint. Bhaineadar le dúchas na timpeallacha agus an nádúir, a d’abraíodh Tim, agus d’fhaigheadh na fáinleoga beathú astu. Bhuel, ní bheadh muid i ndiaidh a mbéilí ar na fáinleoga ach bhfacthas dom gur bhrónach an scéal é ag na fáinleoga má thángadar as tíortha coimhthíocha ar thóir mhíoltóga Chonamara.

Tuairiscítear as Toronto go bhfuil plá de mhíoltóga tagtha chucusan faoi láthair agus go bhfuil an spéir plúchta acu. Bíonn faisean acu cruinniú ar an gcathair sin scaití ach caithfear cothrom na Féinne a thabhairt dóibh, ní bhaineann siad fuil ná faic as an duine. Tá faisean eile ag míoltóga Toronto sa méid agus gurb iad an mianach fireann is mó a bhíonn ag dul thart. Deirtear gur ag faire ar na míoltóga baineanna a bhíonn siad. Bhuel bheadh ciall éigin ag baint leis sin seachas a bheith ag speireadh daoine.

Ach an bhfuil maith ná maoin do thada sna míoltóga dháiríre?

B’fhéidir gurbh fhearr an cheist a chur ar an gcaoi seo: “an bhfuil dúil agat sa tseacláid?” Ceist shimplí ach scéal casta.

I bhfad ó bhaile i nGuine na Fraince agus Mhalaeisia na hÁise fásann na pónairí cacó go tréan agus go flúirseach. Seo iad na plandaí agus na pónairí atá ina mbunábhar ag an tseacláid. Ar chúis éigin, tá feosaíocht tagtha ar an gcacó, agus tá saineolaithe gaibhte go bun an údair.

Dá bhféadfaí pailniú agus síolrú sa mbreis a dhéanamh ar na plandaí cacó, bheadh an soláthar seacláide slán. Rinneadh dianfhiosrúchán agus fuarthas amach gur cineál míoltóg bhídeach, a bhfuil ga agus gangaid inti, is ábalta ar cheird an phailnithe. Chuaigh saineolaithe isteach go croí an phónaire agus thóg amach suas le 400 feithid agus míoltóg a bhí ag guairdeall thart ansin. Rinneadh scrúdú eolaíochta orthu sin agus fuarthas amach gurb iad na míoltóga a bhfuil an ga iontu is mó, go mór fada, a dhéanann pailniú ar phónaire na seacláide.

Ach ar nós na bhfear ag Séipéal Charna is fuath leis na feilméaraí cacó an phúir míoltóg.

Teastaíonn míorúilt eile i ngort na seacláide.

Fág freagra ar 'Míoltóga, míorúiltí agus cruachás na seacláide'