Níl mórán tuisceana i measc phobal na hÉireann, agus níos lú clúdach sna meáin cumarsáide abhus, ar mhéid na feirge sa Rúis faoin ionsaí Úcránach ar Institiúid Oiliúna Múinteoirí Starobelsk, sa Lugansk, ina bhfuair 21 déagóir agus aosach óg bás.
Níor léiríodh aon chomhbhá, ach an oiread, faoin ionsaí ar chuid den Rúis – Lugansk – a mhaíonn Cív gur cuid den Úcráin é, ach ar vótáil a háitritheoirí le bheith ina gcuid den Rúis.
Dá gcreidfeadh Cív i ndáiríre gur cuid den Úcráin é Lugansk, an ndéanfaidís ionsaí ar a gcuid sibhialtach ar an mbealach seo?
Ar ndóigh agus an tIarthar ag déanamh neamhaird den ionsaí, mhaígh réimeas Chív an gur díríodh i ndáiríre ar cheanncheathrú ceannais drón Rúiseach –maíomh a mheabhraíonn ráitis Iosrael go bhfuil a n-ionsaithe ar shibhialtaigh i nGaza agus sa Liobáin dírithe ar Hamas agus Hezbollah a mharú.
Tá sé deacair ar ndóigh teacht ar fhoinsí Rúiseacha mar gheall ar an gcinsireacht a chuireann an tAontas Eorpach i bhfeidhm i gcoinne tuairiscí ón tír sin. Ach ón méad arbh fhéidir liom féin a dhéanamh amach tá pobal na Rúise le ceangal agus brú mór ag teacht ar an Uachtarán Putin mar gheall air.
Ní brú le socrú a dhéanamh leis an Iarthar, ach brú le géarú a dhéanamh ar an gcogadh.
Séard atá ag cur leis an bhfearg – agus leis an mbrú – ná an tuiscint nach bhféadfadh an Úcráin na hionsaithe dróin sin a dhéanamh gan rannpháirtíocht dhíreach NATO. Tá daoine den tuairim nach bhféadfaí na hionsaithe a dhéanamh gan tacaíocht faisnéise agus satailíte ó NATO — agus ó na Stáit Aontaithe.
In ainneoin tairiscintí síochána Trump, tá a réimeas ag leanúint ar aghaidh ag soláthar faisnéise don Úcráin chun ionsaithe dróin fadraoin a dhéanamh ar bhonneagar fuinnimh na Rúise, de réir roinnt oifigeach de chuid SAM agus na hÚcráine. Ar ndóigh níl SAM ag íoc as a thuilleadh ach an costas á fhágáil ag an Eoraip.
Chuir foinse amháin síos ar fhórsa drón na hÚcráine mar an “uirlis” atá in úsáid ag SAM chun a spriocanna a bhaint amach – geilleagar na Rúise a lagú agus Putin a bhrú i dtreo socrú a dhéanamh.
Téann méid rannpháirtíochta SAM níos faide ná comhroinnt faisnéise amháin. Cé gur dhúirt oifigeach Meiriceánach amháin go roghnaíonn an Úcráin an sprioc agus go soláthraíonn SAM faisnéis ar a laigí, dúirt oifigigh eile go raibh na Stáit Aontaithe ag socrú tosaíochtaí sprice d’arm na hÚcráine — rud a chiallódh go bhfuil na Stáit Aontaithe de facto ag roghnú cad ba cheart a bhualadh.
Sé sin le rá go bhfuil an Rúis i mbun cogaidh cheana féin le NATO. Agus sé an t-éileamh atá ag dul i méad sa Rúis ná gur chóir tíortha NATO a bhualadh go díreach mar fhreagra ar ionsaithe amhail an ceann ar Starobelsk.
An dtuigeann na daoine a chuireann fáilte roimh na hionsaithe dróin seo ar an Rúis an baol atá ann don domhan – coimhlint núicléach ag deireadh thiar – má théann an Rúis síos an bóthar contúirteach seo?
Glacann muide in Éirinn leis gurb é Putin is cúis leis an bhfadhb. Ach i ndáiríre is Iartharach é Putin. I gcomhthéacs na Rúise, ciallaíonn sé sin duine a chreideann gur chóir don Rúis a bheith leis an Iarthar.
Ba Iartharaigh iad na Boilséivigh freisin, ach ba Iarthar cumannach a bhí uathu. Is é an tIarthar inar mian le Putin a bheith páirteach ann ná Iarthar rachmasach, ach Iarthar a thabharfaidh aitheantas don Rúis mar chomhpháirtí comhionann.
Cuimhnígí: chuir Putin isteach ar bhallraíocht i NATO, chun páirt a ghlacadh i mianta na comhghuaillíochta sin maidir le ceannas domhanda. Is é an diúltú sin é a ligean isteach a thiomáin chun friotaíochta é.
Mar a deir Páirtí Cumannach na Rúise, tá Putin fós faoi dhallracht go bhfuil áit na Rúise san Iarthar. Ina ionad sin, deir an páirtí, caithfidh an Rúis féachaint soir, an radharc siar a thréigean agus a dhearbhú níos láidre fós go gcuirfidh sí in aghaidh aon bhagairt ar a ceannas agus ar a slándáil trí mhodhanna míleata, más gá.
Agus más mian le haon duine an difríocht idir Oibríocht Mhíleata Speisialta Putin agus an cogadh lánscála a mholann lucht cáinte Putin a fheiceáil, ní leor dóibh comparáid a dhéanamh idir léirscrios iomlán Gaza – cogadh lánscála – agus an scrios níos teoranta san Úcráin.
Nach cóir gach iarracht a dhéanamh uafás cogadh núicléach a sheachaint agus bealach taidhleoireachta a aimsiú le deireadh a chur leis an gcogadh i gcaoi a aithneodh imní na Rúise ar aon dul le himní na hEorpa.
Fág freagra ar 'Ní thuigeann muid fearg na Rúise faoi mharú na ndaoine óga sa Starobelsk'