Seo cur síos ar dhá chomhrá – an chéad cheann sna Stáit Aontaithe agus an dara ceann in Éirinn – a léirigh an tslí ina gcuireann an ghéarchéim thithíochta as don tír ar dhóigh nach bpléitear rómhinic sna meáin.
Comhrá i Nua-Eabhrac: Ina shuí ar bhinse i bpáirc i mBrooklyn a bhí scríbhneoir an cholúin seo seachtain ó shin nuair a chuala sé glór Éireannach. Bean sna luath-thríochaidí a bhí ag caint le beirt bhan eile fad a bhí súil á coimeád acu ar a bpáistí agus iad ag déanamh spraoi sa chlós súgartha.
Mar is eol do dhuine ar bith a chuala tuin chainte na hÉireann in áit éigin thar lear, is leor focal nó dhó de ghnáth chun a dheimhniú go bhfuil tú ag éisteacht le saoránach eile ón oileán iathghlas.
Mar a dhéanann go leor Éireannach thall bhí síorchomparáid á déanamh aici idir a saol i Nua-Eabhrac agus an cineál saoil a bheadh aici dá bhfillfeadh ar a tír dhúchais.
Ba ghairid ach b’eolach an chomparáid a rinne sí idir a hionad dúchais i gCill Mhantáin agus Nua-Eabhrac agus í ag cur síos ar bhuanna agus ar lochtanna an dá thír.
Tá a mac ceithre bliana ag freastal ar naíscoil ar cuid í den chóras réamhscolaíochta dhá bhliain a chuireann cathair Nua-Eabhrac ar fáil saor in aisce do gach páiste sa chathair.
Íocann rialtas na hÉireann as scéim faoina gcuirtear cúram leanaí nó luathoideachas ar fáil saor in aisce do pháistí ar feadh dhá bhliain. Ach tá córas Nua-Eabhrac eagraithe agus maoinithe ar leibhéal níos airde agus múinteoirí oilte chomh maith le cúntóirí ina bhun.
Dá mbeadh sí féin agus a fear céile Meiriceánach ina gcónaí arís in Éirinn, a dúirt sí, b’fhéidir go mbeidís ábalta naíscoil nó naíonra cóngarach a aimsiú a bheadh ar aon chaighdeán le córas Nua-Eabhrac. Nó b’fhéidir nach mbeadh toisc nach bhfuil an freastal mar an gcéanna i gcóras na hÉireann.
Ar an taobh eile den chomparáid, cé nach bhfuil córas sláinte na hÉireann gan locht measann sí gur fearr é ná córas na Stát Aontaithe. Ó thaobh costais de, dar léi, agus ó thaobh an phrionsabail atá i réim abhus – fiú mura gcuirtear i bhfeidhm é i gcónaí – gur chóir cóir leighis a chur ar fáil ar bhonn cothrom do chách.
Is ina dhiaidh sin a thagair sí don chúis nach dóigh léi go bhfillfidh sí ar Éirinn chun cónaithe. Ní foláir a rá go bhfilleann sí ar Chill Mhantáin gach samhradh.
Ní parthas é Nua-Eabhrac ó thaobh costais lóistín de, a dúirt sí, ach is fusa áit chónaithe ar cíos agus ar théarmaí réasúnta a aimsiú thall ná abhus.
“Is deise an saol a bheadh agam sa bhaile ar go leor bealaí dá mbeinn ábalta íoc as áit chónaithe ar cíos agus teach a cheannach ar ball. Níl seans dá laghad ann faoi láthair go mbeinn ábalta ceachtar rud a dhéanamh in Éirinn.”
Comhrá i Baile Átha Cliath: Ar an mbealach abhaile maidin Dé Céadaoin bhí tiománaí tacsaí ag plé cúrsaí eisimirce le linn turais ón aerfort go lár na cathrach.
Chuaigh a iníon 23 bliain d’aois ar imirce go Perth na hAstráile bliain ó shin. Níl rún aici filleadh ar Éirinn, a dúirt sé, ach b’fhéidir go n-athróidh sí a hintinn tar éis cúpla bliain.
Ní maith lena hiníon na hAstrálaigh, a dúirt sé. Na fir go háirithe mar gheall ar an dearcadh seobhaineach atá acu, dar léi.
Bhí an chuid eile dá scéal ar aon dul leis na scéalta a chuireann Éireannaigh eile abhaile ón Astráil: an aimsir bhreá, raidhse deiseanna fostaíochta ar phá maith agus scata Éireannach óg mar chomhluadar.
Bheadh an tiománaí dóchasach go bhfillfeadh a iníon ar Éirinn dá gcreidfeadh sé go mbeadh tithíocht ar chostas réasúnta ar fáil abhus sna blianta atá amach romhainn. Níl sé muiníneach ná dóchasach.
“Cheannaigh mise teach i gCluain Aodha [atá i gcontae na Mí, 16 ciliméadar ó lár na cathrach) tríocha bliain ó shin. Dá dtiocfadh m’iníon ar ais ní bheadh seans ar bith aici teach a cheannach a bheadh chomh cóngarach don chathair, ná ionad ar bith ar cíos a aimsiú arbh acmhainn di é a íoc.”
Ní dóigh leis go leigheasfar an ganntanas mura dtógfar tithíocht phoiblí ar scála nach bhfuil á dhéanamh ná beartaithe faoi láthair. Toradh an ghanntanais, dar leis: rachaidh an seandream sa mbaile i líonmhaire agus gan deis ag mórán dá bpáistí filleadh ar thír a muintire.
“Níl tír chomh breá le hÉirinn ar domhan, dáiríre,” a dúirt sé, “ach briseann an teip seo mo chroí.”
Iar-nóta: Dúirt an t-aire tithíochta James Browne le linn agallaimh ar Virgin Media Dé Luain go raibh gach dícheall á dhéanamh aige leis an ngéarchéim thithíochta a leigheas.
Is le méadú ar sholáthar tithe nua a leigheasfar an fhadhb, a dúirt sé. Dhiúltaigh sé tagairt do dháta áirithe faoina mbeadh súil aige go rachadh easpa dídine i laghad.
Measann saineolaithe san Institiúid um Thaighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) go dtógfar 38,500 i mbliana agus thart ar 40,000 in 2027. De réir an mheastacháin sin, theastódh méadú sa bhreis ar chaoga faoin gcéad ar an ráta tógála sa tréimhse ina dhiaidh sin chun sprioc tógála an rialtais (300,000 teach faoi 2030) a bhaint amach.
I dtuairisc a d’fhoilsigh an Institiúid Dé Céadaoin dúradh, i bhfianaise na spriocanna tithíochta nár baineadh amach roimhe seo, go rachaidh easpa tithíochta in olcas arís i mbliana agus an bhliain seo chugainn.
Ní raibh meastachán sa tuairisc ar na blianta ina dhiaidh sin.
Fág freagra ar '‘Níl tír chomh breá le hÉirinn ar domhan ach briseann an teip seo ó thaobh tithíochta mo chroí’'