‘Déarfaid mé go soiléir é. Níl Sinn Féin chun siúl amach as Stormont’. Céad-Aire an Tuaiscirt, Michelle O’Neill, a dúirt . Bhí leasuachtarán Shinn Féin ag labhairt ag ócáid chomórtha ar stailceoirí ocrais poblachtánacha seachtain ó shin.
Tubaiste a bheadh ann Stormont a scrios toisc go bhfágfadh sé sin airí i rialtas na Breataine i gceannas ar sheirbhísí poiblí an Tuaiscirt, a dúirt O’Neill.
Is iomaí ceard inar tharraing an ráiteas sin gáire tarcaisneach ó tá Stormont gan buiséad le cúig mhí agus seirbhísí poiblí thíos leis.
Tháinig dearbhú an Chéad-Aire salach ar thuairimíocht a bhí forleathan i rith an tsamhraidh go raibh Stormont ar an dé deiridh. Ba léir le bliain go raibh an caidreamh idir an DUP agus Sinn Féin go dona. Ó dheireadh mhí Iúil nuair a dúirt Conor Murphy, Seanadóir de chuid Shinn Féin, go raibh seans go dtitfeadh an tóin as Stormont bhí an t-aer beo le caint faoi mhífhoighid Shinn Féin agus faoi mhíshuaimhneas a lucht leanúna. Breith na coitiantachta go raibh an Feidhmeannas éagumasach agus Sinn Féin éidreorach.
Nocht pobalbhreith go raibh tacaíocht Shinn Féin agus an DUP laghdaithe. Bhí titim níos mó ar thacaíocht an DUP ná ar thacaíocht Shinn Féin ach bhí an dá pháirtí diongbháilte go gcaithfí an treocht a athrú fiú dá mba le breis teannais a dhéanfaí sin roimh thoghcháin na bliana seo chugainn. Chuir athnuachan na conspóide faoi mháirseáil Oráisteach Dhroim
Crí i bPort an Dúnáin lasair sa bharrach as an nua. Fiontar contúirteach é ach iontas a bheadh ann mura mbeadh an DUP agus Sinn Féin ag iarraidh buntáiste toghcháin a bhaint as achrann Phort an Dúnáin, as a seasamh i gcoinne a chéile faoi na hOráistigh agus áitribheoirí náisiúnacha Bhóthar Gharbh Achaidh, fa seach. Tá an nimh ag coipeadh san aighneas sin, fiú i gceantair i bhfad ó Phort an Dúnáin.
Údar imní is ea é don tsochaí fré chéile agus don bpróiseas polaitíochta a bhí leochaileach dá uireasa.
Seanphort agus meirg air is sea an léirmheas cáinteach ar an bhFeidhmeannas.
San tuairisc is deireanaí ó Pivotal, meitheal mhachnaimh sa Tuaisceart deirtear gur teip thubaisteach ab ea é nár aontaigh na hairí buiséad don bhliain reatha gan trácht ar phlean airgeadais trí bliana mar a bhí geallta. Rinneadh roinnt dul chun cinn maidir le línte feithimh ospidéil, bille faoi phianbhreith i gcásanna coiriúla agus ritheadh bille ar theanga chomharthaíochta ach liosta le háireamh iad na heasnaimh.
Is iad Páirc Mhic Easmuinn, Bóthar an A5, Straitéis na Gaeilge, Straitéis in aghaidh an Bhochtanais, Ollscoil Dhoire agus Loch nEathach chomhair a bheith marbh ag truailliú na heaspaí is mó a mbíonn trácht orthu. Cuir leo an Bille Fostaíochta (Good Jobs Bill) a bheith sáinnithe de bharr fhreasúra an DUP do phlean Caoimhe Archibald Shinn Féin. Mar bharr orthu sin liostáil Pivotal sraith ghníomhartha eile nár cuireadh tada fúthu faoi bhráid an Tionóil. Ina measc sin bhí bille in aghaidh an chiníochais. Bhí círéibeacha ciníocha gach samhradh le trí bliana. Tá 23,000 duine óg sa Tuaiscerat nach bhfuil fostaithe, faoi oiliúint ná ag foghlaim ar scoil nó coláiste.
Seacht mí atá fágtha i saolré an Tionóil seo sula scorfar é roimh thoghchán na Bealtaine. Dúshlán ollmhór é cúpla píosa den obair nár deineadh a thabhairt chun críche. I bhfianaise an drochchaidrimh idir na páirtithe an féidir talamh slán a dhéanamh de nach dtitfidh Stormont?
Céard faoi ndear an difríocht idir chinnteacht Michelle O’Neill nach mbeidh siadsan ag siúl amach agus fainic a comhghleacaithe, Conor Murphy? Níl aon ghrá léirithe ag lucht tacaíochta Shinn Féin do Stormont. Tuigim gur iarr Cathaoirleach ag seisiún d’Fhéile an Phobail ar éinne sa lucht éisteachta a lámh a chur anairde dá mbeadh caitheamh i ndiaidh Stormont orthu dá dtitfeadh sé agus nár lámh ar bith anairde.
Níl ann ach sampla beag ach tá sé ag teacht leis an tuairim nach n-iompódh a lucht leanúna dílis in aghaidh Shinn Féin dá leagfaí Stormont. Mar sin féin is cosúil gur deineadh an breithiúnas nárbh fhearrde iad siúl amach. Chuirfeadh sé srian ar vótaí aistrithe seans agus ní fheilfeadh sé don bhfiontar ó dheas.
B’fhéidir gur mhaith leo go ndéanfadh an DUP an scrios. Measann foinsí sa bpáirtí sin go ngéarófar ar fhrustrachas Shinn Féin faoi Nollaig agus go bhfaighidh siad leithscéal le himeacht. Tá an dá dhream ag súil go ndéanfaidh an dream eile an beart, más fíor.
Ní dea-thuar é don téarma nua agus an obair mhór ba cheart a dhéanamh. An t-aon rud dearfa go bhfuil glactha leis faoi láthair nach bhfuil buntáiste le baint as siúil amach.
Fág freagra ar 'Níl buntáiste le baint as siúl amach as Stormont ach níl an feidhmeannas slán'