De réir mar a chreimeann cumhacht thionsclaíoch Mheiriceá agus an fiachas ag ardú go hard os cionn 120% den olltáirgeacht intíre [OTI], tá freagra á thabhairt ag Washington leis na buiséid mhíleata is mó riamh, cogaí ina dteannta agus an t-achrann ag treisiú ón Úcráin go dtí Muir na Síne Theas.
Áitíonn Marxaigh go léiríonn sé seo go bhfuil na Stáit Aontaithe tar éis dul sa gcéim dheiridh den phairilis, agus míníonn sé cén fáth a bhféadfadh ardú BRICS+ (An Bhrasaíl, an Rúis, an India, an tSín agus an Afraic Theas, +) agus dídhollarú a bheith ina gcomhartha ar dheireadh cinnte leis an ré aonpholach. Ach de réir mar a chailleann na SAM an ceannas, nó féidearthacht an cheannais, méadaíonn an baol go dtarlóidh cogadh núicléach agus go scriosfar ár bpláinéad.
Idir an dá linn, tá an Eoraip – an chos eile faoin bhfathach a bhí le bheith ann – ag dul i laghad go mór freisin. Tá sí á bualadh ag costais arda fuinnimh, iarmhairtí bheartas smachtbhannaí i gcoinne na Rúise gur bheag a éifeacht, má bhí aon éifeacht, ar an Rúis ach a d’ardaigh costais fuinnimh san Eoraip go suntasach.
Tá sí tar éis an cath nuálaíochta a chailleadh go follasach agus í anois ina seasamh ar an imeall agus an tSín agus na SAM ag treabhadh ar aghaidh, agus an Rúis ag casadh chun an Oirthir agus chun an Domhain Theas freisin.
An Ghearmáin, ceannfort thionsclaíoch an Aontais Eorpaigh, tá sise in aimhréidh go mór.
Tá tionscail na Gearmáine ag titim as a chéile. Gach 20 nóiméad, téann comhlacht Gearmánach le fána. Thaifead Volkswagen titim go dtí thart ar a leath ar a bhrabús, Daimler Truck titim níos mó ná an tríú cuid, agus Porsche níos mó ná 90%.
Tá tréigean na hEorpa faoi lán seoil, agus an tionscal déantúsaíochta ag lorg slánú trí theitheadh. Fágann 100,000 d’oibrithe oilte na háite gach bliain. Gearrfaidh VW 50,000 post sna blianta beaga amach romhainn, agus gearrfaidh Mercedes suas le 20,000.
Tá an seachmall mór á gcrá anois, cheapadar go bhféadfaidís déanamh d’uireasa gás agus ola shaor na Rúise agus anois tá orthu gás nádúrtha leachtaithe a cheannach go daor ar rátaí laethúla. Tá an Eoraip ina suí ar áiseanna stórála gáis atá folamh agus iad ag brionglóidí ar an leictreachas ó na stáisiúin chumhachta núicléacha nach bhfuil ar fáil anois agus na stáisiúin sin scriosta agus iad ag súil lena fháil ó stáisiúin chumhachta gáis nár tógadh fiú go fóill.
Ní thaitneoidh na fíricí seo le roinnt daoine, ach mar sin féin is fíricí iad nach féidir neamhaird a dhéanamh orthu. Ni thaitneoidh siad cinnte le lucht an Atlantachais, an dream a chreideann nach féidir le haon rogha eile a bheith ann ach muid a bheith páirteach i bhfiontar an Iarthair. Ach, mar a déarfadh Galileo, eppur si muove, mar sin féin gluaiseann sé fós.
Agus má tá an Eoraip ag dul go tóin poill – agus tá – cá bhfágann sin an tírín bheag seo againne?
Tá muid i ndiaidh ár gcuid uibheacha ar fad a chur i gciseán an Aontais Eorpaigh, agus in airgead infheistíochta ón iasacht. Sé an rud is amaidí faoi seo ná go raibh an baol le feiceáil blianta roimhe seo. Go deimhin nuair a bhí Micheál Martin ina aire tionscail ag tús an chéid, dúirt seisean, atá anois ina ailtire ar an lámh a chur lena hata, nach bhféadfaimis brath ar an infheistíocht sin sa bhfadtéarma agus go mba chóir dúinn an t-am a thug sé dúinn a úsáid ar mhaithe le bunús láidir dúchasach a chruthú don gheilleagar.
Sí an fhadhb, ar ndóigh, nach féidir le rachmasóirí aonair a leithéid a dhéanamh. Bheadh sé riachtanach go mbeadh an stát ag stiúradh an gheilleagair; agus tagann a leithéid salach ar rialacha an Aontais Eorpaigh.
Ach, smaoinigh: nuair a bhain muid ballraíocht amach i 1972 bhíothas ag caint faoi chomhoibriú eacnamaíochta is trádála. Ach anois is cosúil gur tábhachtaí an ghné pholaitiúil den scéal, le comhpholasaí eachtrannach agus comhpholasaí cosanta.
Níl muid rannpháirteach i gclub eacnamaíoch a thuilleadh ach inár gcuid den ollstát nua ach ollstát atá ag dul síos ar an stáitse domhanda.
An bhfuil sé ródhéanach dúinn le briseadh lenár spleáchas iomlán ar an Aontas agus féachaint i ndiaidh ár leas féin taobh istigh, agus caidreamh eacnamaíoch a lorg leis an domhan ar fad – leis an Rúis, leis an tSín, leis an India agus leis an Domhan Theas?
Ag deireadh thiar, in ainneoin iarracht Mhicheál Martin neamhní a dhéanamh dár bpolasaí neodrachta, tá clú ar Éirinn fós ar fud an domhain mar thír a chuir tús le meath an choilíneachais.
Nárbh fhiú dúinn tosaí ag tógáil air sin?
Fág freagra ar 'Tá an tIarthar ag dul síos ach an gcaithfidh muid dul síos in éineacht leis?'