Tá díomá ar na ceardchumainn faoi Ráiteas Samhraidh an rialtais i dtaobh a hEacnamaíochta, ach tá lucht gnó is infheistíochta ag cur fáilte roimhe. An ndearbhaíonn an ráiteas seo cá seasann an rialtas sa deighilt aicmeach?
Ar thaobh amháin tá SIPTU, an ceardchumann is mó sa tír, a deir go gcothaíonn an ráiteas imní thromchúiseach agus dhomhain. Deir siad go gcuirfidh an pacáiste fioscach atá laghdaithe go suntasach brú ar sheirbhísí poiblí, go ndéanfaidh sé dochar do chaighdeán maireachtála na n-oibrithe agus go bhfágfaidh sé cúrsaí airgeadais an stáit i mbaol.
Ach ar an taobh eile, deir Grant Thornton go gcuireann siad fáilte roimh bhéim an rialtais, mar a deir siad, ar obair a dhéanamh fiúntach agus ar thacú le fiontraíocht.
Dúirt Leas-Ard-Rúnaí SIPTU, Greg Ennis: “Is suntasach agus is scanrúil á ísle is atá an pacáiste fioscach atá leagtha amach i Ráiteas Eacnamaíoch an tSamhraidh i gcomparáid le pacáiste na bliana seo caite, in ainneoin na fírinne atá soiléir – go bhfuil boilsciú ag dul i méid, go bhfuil an daonra ag fás, agus déimeagrafaic na tire ag dul in aois.
“Is é fírinne an scéil gur ar éigean a chlúdóidh an pacáiste caiteachais na costais bhunlíne dhéimeagrafacha agus bhoilscithe. Fágann sé sin beagnach nach bhfuil aon spás ann le haghaidh infheistíocht shubstaintiúil i gcúram leanaí, pacáiste costais maireachtála a mbeadh brí leis chun costas fuinnimh a laghdú an geimhreadh seo, maoiniú a chur ar fáil do scéimeanna atá á n-éileamh amhail pinsin, nó dul chun cinn fiúntach ar bith a dhéanamh chun deireadh a chur le bochtaineacht i measc an lucht oibre.”
Ach is cosúil nach dtugann an rialtas aon aird ar stocaireacht na gceardchumann. B’fhéidir toisc go dtuigeann siad nach ndéanfaidís rud ar bith faoi ach caint. Feicfimid sna cainteanna faoi mhargadh nua pá don earnáil phoiblí an mbeidh SIPTU, mar shampla, sásta beart a dhéanamh de réir a mbriathar.
Bhuel, más é sin an rud is mó a bhfuil súil acu leis, is é sin an méid is mó a gheobhaidh siad.
Is fiú breathnú ar an díospóireacht sa rialtas mar gheall air seo. Ní hé cúrsaí tithíochta nó an costas maireachtála – na hábhair imní is mó a luaitear sna pobalbhreitheanna – atá ag déanamh imní dóibh, ach cáin phearsanta.
Ba é an Tánaiste Simon Harris an chéad duine amuigh ag dearbhú gurbh é pacáiste don cháin ioncaim phearsanta an tosaíocht a bhí aige féin. Ach is ar éigean go raibh an méid sin ráite aige sara raibh an Taoiseach Micheál Martin ag dearbhú don phobal freisin go raibh pacáiste cánach teaghlaigh ar an mbealach.
Is cosúil go bhfuil an dá mhórpháirtí i gcoimhlint le chéile faoi cé acu is túisce a inseoidh dá lucht leanúna an dea-scéal don mheánaicme.
Tá an pobal buartha faoin ngéarchéim tithíochta, ach creideann an rialtas, is cosúil, go bhfuil cibé vótaí a bhí le cailleadh mar gheall air caillte cheana is nach ndéanfaidh sé aon dochar dóibh lá toghcháin. Ach cé acu a bheidh chun tosaigh? Sin scéal eile, agus cath eile atá á throid faoi láthair.
I raith an ama go léir, tá an dá pháirtí chomh dílis is a bhí riamh don Aontas Eorpach, in ainneoin na fianaise go bhfuil trioblóid mhór i ndán don aontas.
Tá drochscéal na hEorpa soiléir, cé nach n-admhaítear é nó nach bpléitear é.
Tá earnáil tionsclaíochta na Gearmáine ag titim as a chéile. Agus is drochscéal é sin don Aontas Eorpach ar fad mar is í an Ghearmáin bunchloch earnáil déantúsaíochta an AE féin.
Ní thagann lá nach mbíonn droch-scéal faoi chomhlacht eile sa Ghaermáin. Tuairiscíodh titim 50% ar bhrabús Volkswagen le déanaí. An tríú cuid a bhí i gceist Daimler Truck agus thit Porsche os cionn 90%.
Tá an lagú ag dul ar aghaidh go tréan, Tá 100,000 oibrí ag fágáil gach bliain. Gearrfaidh VW 50,000 post sna blianta beaga atá romhainn. Gearrfaidh Mercedes suas le 20 000 post.
Tá an tAE anois ag íoc as an seachmall sotalach go bhféadfadh sé déanamh gan ghás agus ola ar phraghas íseal ón Rúis agus is gá gás nádúrtha leachtaithe daor a cheannach ar rátaí laethúla ina ionad.
Ach tá an rialtas ag súil go mbeidh sé ceart go leor ar an oíche is nach gá aon rud a dhéanamh faoi nó aon infheistíocht stáit a dhéanamh sa i déantúsaíocht a thabharfadh cosaint dúinn nuair a thitfidh an tóin as an gciste cánach a íocann na comhlachtaí Meiriceánacha.
Bheadh a leithéid in aghaidh rialacha an Aontais ar ndóigh.
Fág freagra ar 'Is léir i ráiteas airgeadais an tasmhraidh cén dream a bhfuil tús áite á thabhairt ag an rialtas dóibh'