An intleacht shaorga (AI) a scríobh an cúigiú cuid de na hailt tuairimíochta a foilsíodh i gcúig cinn de mhórnuachtáin san Ísiltír le mí anuas – in ainneoin go raibh ainmneacha fíorcholúnaithe luaite leis na hailt.
Le cúnamh ó AI a scríobhadh cuid mhór eile.
Sin a léiríonn taighde a rinne an t-ardán iniúchta AI Report ar 252 ailt tuairimíochta a foilsíodh sna nuachtáin laethúla De Volkskrant, Het Parool, Trouw, FD agus NRC idir an 27 Iúl agus an 27 Lúnasa.
Ba é an nuachtán is faide ar chlé acu sin, De Volkskrant, ba ‘mheasa’: an intleacht shaorga a scríobh an tríú cuid de na hailt tuairimíochta a foilsíodh sa nuachtán sin sa tréimhse sin. Níor foilsíodh oiread agus alt amháin a scríobhadh le AI sa nuachtán liobrálach NRC.
I bhfreagra ar an taighde deir príomheagarthóir De Volkskrant Pieter Klok gur bhain an úsáid fhorleathan as AI i bpíosaí a foilsíodh ar an nuachtán sin le deireanas siar as, go gcuirtear in iúl do chuile scríbhneoir nach bhfuil cead AI a úsáid ach amháin mar cheartaitheoir litrithe, agus go bhfuiltear chun iarracht a dhéanamh teacht ar bhealaí chun a bhfoilsítear sa nuachtán a choinneáil slán ó AI amach anseo.
Spéisiúil go leor, dealraíonn sé go bhfuil úsáid na hintleachta saorga mar cholúnaí tuairimíochta i bhfad níos forleithne san Ísiltír ná mar atá sna Stáit Aontaithe, cliabhán an AI.
Rinne an suíomh nuachta Semaphor anailís ar ailt tuairimíochta a foilsíodh ar The Washington Post, The New York Times agus The Wall Street Journal sa tréimhse chéanna, mí Lúnasa. Níor baineadh úsáid as AI ach i 3.2% de na hailt a scrúdaíodh.
Ar an drochuair, ní chuireann an úsáid fhorleathan a bhaintear as an intleacht shaorga chun ailt tuairimíochta a scríobh aon ionadh orm féin. Gach seachtain, déanaim eagarthóireacht ar cholún a scríobhann comhghleacaí de mo chuid d’iris stíl bheatha san Ísiltír. Le bliain nó dhó anuas, tá úsáid á baint aige as ChatGPT chun sleachta fada sna colúin sin a scríobh. Rud a chruthaíonn go leor obair bhreise domsa. An lorg a fhágann ChatGPT ar a chuid colún a sciúradh díobh an príomhchúram atá agam anois, faraor.
Labhair muid faoi. Go minic. Geallann mo chomhghleacaí go ngearrfaidh sé siar ar úsáid na hintleachta saorga. Tagann feabhas ar na colúin ar feadh seachtaine nó dhó. Ach ansin tarlaíonn sé arís, is arís eile. Céard is cúis leis? a fhiafraím díom féin. Leisce? Andúil? Spleáchas?
Nó an amhlaidh go bhfuil dearcadh i bhfad róchoimeádach agamsa ar úsáid na hintleachta saorga sa scríbhneoireacht? Nó, níos measa fós, an é gur ceist aicme atá ann i m’aigne-se agus go gcuireann sé isteach orm, mar iriseoir oilte, go bhfuil sé anois ar chumas daoine nach bhfuil an oiliúint chéanna acu agus atá agam féin ailt a scríobh atá infhoilsithe?
Labhair an t-ardán iniúchta AI Report le roinnt de na scríbhneoirí Ísiltíreacha ar léirigh taighde an tsuímh sin gur bhain siad úsáid as an intleacht saorga chun a bpíosaí tuairimíochta a scríobh. Spéisiúil go leor, níor shéan éinne acu go ndearna siad amhlaidh. ‘Liom féin na smaointe, an taithí agus na hargóintí ach cuireadh na habairtí trí mhúnla teanga chun an téacs a dhéanamh níos giorra, níos loighciúla nó níos gonta,’ tuairim na coitiantachta.
Is cosúil go bhfuil dearcadh den chineál céanna ag teacht chun cinn sna Stáit.
‘Scríobhaim chuile shórt le AI na laethanta seo, ar an gcúis chéanna go mbainim úsáid as áireamhán nuair a bhíonn orm suimeanna a dhéanamh,’ a dúirt an t-infheisteoir agus an milliúnaí clúiteach Stanley Druckenmiller nuair a cuireadh ina leith siúd le gairid gur bhain sé úsáid as an áis AI Claude chun alt tuairimíochta a scríobh ar The Wall Street Journal.
Ach an bhfuil sé chomh simplí leis sin? An é nach bhfuil san AI ach uirlis scríbhneoireachta nua?
Ní raibh mé ach i mo ghasúr nuair a tháinig an ríomhaire i gcomharbacht ar an gclóscríobhán, ach ní cuimhin liom go raibh mórán ruaille buaille faoi. An chúis a bhí leis sin, déarfainn, ná nach ndearna lucht úsáidte na ríomhairí iarracht an úsáid a bhí á baint acu as an nua-theicneolaíocht a cheilt ar a gcuid léitheoirí.
Fág freagra ar 'Tá an AI ina cholúnaí tuairimíochta cheana féin…'