An samhradh ba theo riamh in Éirinn ó tosaíodh an taifead in 1900

Deir Met Éireann go raibh an meánteocht i míonna an tsamhraidh mheitéareolaíoch 2.03ºC níos airde i mbliana ná mar an meánteocht fadtéarmach in Éirinn

An samhradh ba theo riamh in Éirinn ó tosaíodh an taifead in 1900

Ba é samhradh na bliana seo an samhradh ba theo ó tosaíodh ag coinneáil taifead dá leithéid in Éirinn sa bhliain 1900, dar le Ráiteas Aeráide Samhraidh Met Éireann do shamhradh 2026.

Seo í an dara bliain as a chéile a bhfuil an meánteocht is airde sáraithe i míonna an tsamhraidh. Rinne lucht Met Éireann anailís chuimsitheach ar shonraí sealadacha ó stáitiúin aimsire na heagraíochta ar fud na hÉireann agus fuair gurbh é an mheánteocht i míonna an Mheithimh, Iúil agus Lúnasa 16.28ºC – 0.09ºC níos airde ná meánteocht an tsamhraidh mheitéareolaíoch in 2025.

Bhí sé 2.03ºC níos airde ná an mheánteocht fhadtéarmach idir na blianta 1961 agus 1990, agus 1.5ºC níos airde ná an mheánteocht fhadtéarmach idir na blianta 1999 agus 2020. Deir Met Éireann gur tharla sé cinn de na deich samhradh ba theo in Éirinn le 25 bliain anuas agus nár tharla aon cheann de na deich samhradh ab fhuaire sa tréimhse chéanna.

Sáraíodh an taifead don samhradh ba theo i 14 stáisiún aimsire – na trí cinn ar fad atá i mBaile Átha Cliath agus na trí cinn ar fad atá i gCorcaigh ina measc. Bhí an lá ba theo ann i ndeich gcinn eile de stáisiúin aimsire.

I bPáirc an Mhúraigh i gcontae Chorcaí a bhí an dara tonn teasa ab fhaide riamh, ceann a mhair 13 lá.

Ba i mBaile Átha an Rí in oirthear chontae na Gaillimhe a taifeadadh an teocht ab airde an samhradh seo – 32.2ºC, ar an 17 Meitheamh. Deir Met Éireann go raibh sé “grian as an ngnáth ann” san oirthear agus sa deisceart an samhradh seo agus “gruama” san iarthuaisceart.

Bhí samhradh na bliana seo an-tirim, freisin, cé nárbh é ba thirime riamh. Ba é an 22ú samhradh ba thirime ó tosaíodh ag taifeadadh na báistí in 1941. Tharla péire de na samhraí ba thirime ó bhí an bhliain 2001 ann. Bhí níos lú báistí ann, ar meán, i mbeagnach gach ceantar sa tír agus ba i bPáirc an Phaghanaigh i gCeatharlach a bhí an triomach ab fhaide – 66 lá.

Bhí tréimhsí tirimse (15 lá gan 1mm báisteach) ann i ngach stáisiún aimsire de chuid Met Éireann idir an 1 Iúil agus an 2 Lúnasa a mhair idir 19 agus 33 lá. Bhí triomach iomlán (15 lá gan 0.2mm báisteach) ann i 12 stáisiún i lár tíre, sa deisceart agus san oirthear. Mhair an triomach sin idir 15-27 lá ón 1 Iúil go dtí an 28 Iúil.

“Cruinneacháin teasa” a leath ar fud na hEorpa chomh fada ó thuaidh le hÉirinn ba chúis leis an teaspach mór i gcaitheamh an tsamhraidh, dar le Met Éireann.

Bhí mí Iúil ar cheann de na míonna ba theo, ba thirime, agus ba ghrianmhaire riamh in Éirinn. Tháinig báisteach agus scamaill isteach le frontaí aimsire ón Atlantach ó am go chéile i gcaitheamh na míosa sin ach ba chuig an tuaisceart agus san iarthar a tháinig siad sin. Bhí sé tirim den chuid is mó i nach mór gach cearn eile den tír i mí Iúil.

Fág freagra ar 'An samhradh ba theo riamh in Éirinn ó tosaíodh an taifead in 1900'