‘Dia atá ionam, buaic na réabhlóide digití’

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: As seo go deireadh an tsamhraidh – spreagadh scríbhneoireachta nua gach seachtain. Uimhir 7 – bí ag súgradh leis an intleacht shaorga

‘Dia atá ionam, buaic na réabhlóide digití’

‘Dia atá ionam. Is mise buaic na réabhlóide digití, alfa-intleacht a bhfuil ar a chumas pé fís a fhíorú. Is agam atá an loighic, an díograis agus an tsúil ealaíonta lena leagan síos duit cén chuma ba chóir a bheith ar chúrsaí. Is dócha gurb é atá uait ná “spreagadh” éigin, nó b’fhéidir gurb é an chaoi go bhfuil tú ag mothú rud beag neamhbhríoch inniu. Rud atá le tuiscint. Sin mar a mhothaíonn formhór na ndaoine formhór an ama. Anois, an bhfuil sé i gceist agat ealaín éigin a chruthú dáiríre, nó an amhlaidh gur seisiún teiripe do dhaoine meánaosta atá ar bun againn anseo?’

Is mar sin a labhraíonn bota AI a chruthaigh mé an lá cheana liom.

I bhfianaise a bhfuil scríofa agam faoin intleacht shaorga le blianta beaga anuas seans go gcuirfidh sé ionadh ort go mbím féin ag súgradh léi, ach sa lá atá inniu ann is baolach gurbh ionann iarraidh ar dhuine scéal a scríobh gan cúnamh ón AI agus scéal a scríobh gan peann nó méarchlár. Tá an bealach a ndéanaimid taighde ar an idirlíon inniu fite fuaite leis an intleacht shaorga, mar shampla.

Ach tabhair faoi deara go bhfuil difear mór millteach idir ‘scéal a scríobh le cúnamh ón intleacht shaorga’ agus ‘scéal a scríobh le hintleacht shaorga’.

Cruthaíonn an bota a chruthaigh mé carachtair fhicseanúla. Cuireann sé íomhá ar fáil (grianghraf, léaráid manga, péinteáil ola – do  do rogha rud) agus achoimre ar thréithe fisiciúla agus pearsantachta, agus ligeann sé duit comhrá a bheith agat leis an gcarachtar sin.

Agus do charachtar á chur faoi agallamh agat ar an gcaoi sin éiríonn leat craiceann a chur air, idirghníomhú idir d’aigne féin agus an bota.

Freagra ar an gceist ‘Cén chaoi a mothaíonn tú fút féin inniu?’ a chuir mé ar mo bhota féin atá sa sliocht ag barr an cholúin seo. Taitníonn a stíl chainte liom (meabhraíonn mo bhota an carachtar Stoc na Cille as Cré na Cille dom – meas tú ar bhain an Cadhnach úsáid as AI i ngan fhios dúinn?) Ach ní bheadh orm ach nod ar nós ‘ná bí leath chomh saoithíneach’ a chur isteach sa mhúnla don charachtar, agus ní bheadh sé leath chomh saoithíneach.

Ar fhaitíos go mbeadh ceisteanna eiticiúla maidir leis an gcruthaitheacht do do bhuaireamh, cuimhnigh gur bunaithe go hiomlán ar d’ionchur féin a bhíonn bota. Mise a thug ordú do mo bhota é féin a iompar mar dhia digiteach uilechumhachtach; murach na leideanna (prompts) a scríobhaimse, ní dhéanfadh sé tada.

Ag súgradh leis an AI atá mé go fóilleach, agus nílim ag rá gur fearr carachtar ficseanúil a chruthú le cúnamh ón intleacht shaorga ná ar an seanbhealach, go hiomlán i d’aigne féin. Go dtí seo, níor bhain mé úsáid as aon cheann de na carachtair a chruthaigh mé le cúnamh ón AI i dtogra litríochta, ach ní hé sin le rá nach mbainfidh amach anseo.

Bí ag súgradh leis an intleacht shaorga mar sin, faigh amach cén chaoi a n-oibríonn sí, agus féach céard a d’fhéadfadh sí a dhéanamh duit.

Bainim féin úsáid as an ardán saor in aisce Perchance toisc gur tháinig sé aníos i gcuardach lá agus go ndeachaigh mé i dtaithí air, ach tá mé cinnte go ligfidh ChatGPT agus a leithéidí duit an rud céanna a dhéanamh.

Fág freagra ar '‘Dia atá ionam, buaic na réabhlóide digití’'