Tá síneadh mór curtha le Scoil Dhún Chaoin, an scoil bheag Ghaeltachta a bhain cáil náisiúnta amach breis is 55 bliain ó shin nuair d’éirigh le feachtas mór í a choimeád ar oscailt.
Is é seo an t-athchóiriú is mó ar Scoil Ghobnait i gCorca Dhuibhne, nó ‘Scoil Dhún Chaoin’ mar is fearr aithne uirthi, ó tógadh an scoil in 1914.
D’fhill daltaí agus múinteoirí na scoile ar na seomraí ranga nuathógtha an tseachtain seo agus cé go bhfuil “rudaí beaga fós le cur i bhfeidhm”, dar leis an bpríomhoide Malachaí Mac Amhlaoibh, tá “gach aoinne ana-shásta” leis an bhforbairt nua.
Tá an scoil féin dhá oiread níos mó ná mar a bhí sí sular tosaíodh an athfhorbairt agus spás 234m2 ann anois, chomh maith le páirc nua imeartha agus clós nua spraoi.
Chuaigh Mac Amhlaoibh i dteagmháil leis an Roinn Oideachais den chéad uair faoi athfhorbairt a dhéanamh ar an scoil cháiliúil Ghaeltachta nach mór seacht mbliana ó shin, agus tháinig athruithe go leor ar na pleananna a bhí ann an chéad lá.
“Tá nach mór seacht mbliana ann ó chuir mé an chéad litir chuig an Roinn ag lorg spás breise do sheomra acmhainne. Dúirt oifigigh na Roinne liom go mbeinn níos fearr as seomra ranga iomlán a fháil, mar sin athraíodh an plean.
“Bhí [an Roinn] ag iarraidh go mbeadh an seomra ranga nua scartha ón seanfhoirgneamh, ach ní fhéadfaimis é sin a sheasamh, ní bheadh ciall leis i scoil beirt mhúinteoirí agus ní bheadh clós againn. Bhí orainn troid pholaitíochta a dhéanamh ar dtús, agus ansin fanacht ar na hailtirí agus na dearthóirí,” a dúirt Mac Amhlaoibh le Tuairisc.
Agus an obair ar siúl sa scoil bheag, tháinig dúshláin agus fadhbanna eile chun cinn. Fuarthas go gcaithfí córas nua séarachais agus fuíolluisce a fheistiú ar an láthair agus aimsíodh aispeist san urlár a d’fhág gur caitheadh an t-urlár ar fad a chartadh aníos agus a leagan as an nua.
“Fadhb eile a bhí ann ná cá mbeimis le linn na tógála. Bhí na foirgnimh eile sa dúthaigh in úsáid cheana féin ag grúpaí eile, agus murach cabhair agus flaithiúlacht duine dár gcomharsana bheimis i bponc ceart. Thug Mundy Wilson Piper talamh dúinn don charrchlós, do na foirgnimh réamhdhéanta, agus don ghort imeartha a fhad is a bhíomar gan dídean,” a dúirt Mac Amhlaoibh.
Beartaíodh athfhorbairt a dhéanamh ar na háiseanna eile atá ag Scoil Dhún Chaoin a fhad is a bhíothas ag tógáil na scoile nua. Dúirt Mac Amhlaoibh go raibh an clós spraoi sa scoil “seanchaite” agus gur aithin sé an deis é sin agus an gort imeartha a fheabhsú.
“Thosaíomar ag bailiú airgid, fuaireamar go leor airgid in 2023 nuair a bhíomar ag comóradh caoga bliain an fheachtais ar son na scoile in 1973. Bhí feachtas díolachán brící againn chomh maith, agus d’éirigh linn an t-airgead a chruinniú le dromchla bog a cheannach.
“Tá sé thar a bheith sábháilte agus tá na leanaí ag baint ana-thaitneamh as. Is féidir gach saghas spóirt a imirt air. Bhí an gort imeartha faighte garbh chomh maith agus tá athchóiriú déanta air sin agus gairdín forbartha in áit eile,” a dúirt Mac Amhlaoibh.
Dúirt sé nach n-aithneofaí ón mbóthar go ndearnadh an oiread sin forbartha ar an scoil agus gur éirigh leis na hailtirí agus na tógálaithe “seanchuma agus seandearadh” na scoile a choimeád.

Pictiúr: Manuela Dei Grandi
Tá leithris nua, seomra ranga agus seomra acmhainne san fhoirgneamh nua. Mhaígh Mac Amhlaoibh go bhfuil an seomra acmhainne “an-chabhrach” don suíomh ilrangach mar gur féidir daltaí áirithe a chur ann le gníomhaíochtaí ar leith a dhéanamh a fhad is atá na daltaí eile sa seomra ranga agus níos mó spáis acu.
“Tá gach aoinne ana-shásta, tá iontas ag baint leis do na leanaí fós, ach tiocfaidh meath ar an iontas sin tar éis tamaillín. Braithim níos fearr agus mé ag múineadh le cúpla lá anuas. Is féidir dul ó leanbh go leanbh agus a bheith ag cabhrú leo, a bheith ag imirt cluichí, agus ag déanamh gníomhaíochtaí ranga a bhí dódhéanta sa tseanscoil.
“Tá gach áis againn anois. Nuair a thána go Scoil Dhún Chaoin, ó scoil lán-Ghaeilge i gcathair Chorcaí, bhí sé mar aidhm agam go mbeadh na hacmhainní agus na háiseanna céanna ag leanaí Gaeltachta is a bhí ag leanaí Gaelscoile na cathrach. Tá sé sin amhlaidh anois,” a dúirt Mac Amhlaoibh.
Tá 39 dalta ar fad i Scoil Dhún Chaoin i mbliana agus triúr nua tosaithe sna naíonáin bheaga.
Bhí 23 dalta sa scoil in 1971 nuair a chinn an Rialtas í a dhúnadh. Bhí polasaí ag rialtas Fhianna Fáil scoileanna an agus beirt oide a dhúnadh agus a chónascadh idir na blianta 1965-1973. Dúnadh timpeall míle bunscoil ar fud an stáit an tréimhse sin.
Dúnadh scoileanna ar fud na Gaeltachta agus ar fud Chorca Dhuibhne le linn na tréimhse seo, agus sa bhliain 1970, cinneadh ar Scoil Naomh Gobnait i nDún Chaoin a dhúnadh, i nganfhios do phobal an pharóiste. Ní raibh muintir Dhún Chaoin sásta leis seo, agus d’éirigh pobal na scoile amach agus cinneadh an scoil a oscailt gan chead ón Roinn.
Tá súil ag Mac Amhlaoibh seirbhís iarscoile a thosú sa scoil agus an spás anois ann chuige sin, ach níl an plean sin ach ina thús faoi láthair agus fiosruithe le déanamh ina thaobh.
Dúirt sé go bhfuil súil aige go dtiocfaidh méadú ar líon na bpáistí a bheidh ag tosú sna Naíonáin Bheaga sna blianta amach romhainn, ach go bhfuil cúrsaí tithíochta ag cur isteach go mór ar theaghlaigh óga atá ag iarraidh cur fúthu sa Ghaeltacht.
Fág freagra ar 'An athfhorbairt is mó déanta ar Scoil Dhún Chaoin ó bunaíodh í'