CULTÚR: Saoirse sa bPéacóg, Gaelmaxxing, Sceidil an Fhómhair, Bí Liom Bí, Cuilt na Dlúthpháirtíochta

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh…

CULTÚR: Saoirse sa bPéacóg, Gaelmaxxing, Sceidil an Fhómhair, Bí Liom Bí, Cuilt na Dlúthpháirtíochta

Imeachtaí Gaeilge ar fud na tíre d’Oíche Chultúir

Beidh réimse leathan imeachtaí Gaeilge ar siúl ar fud na tíre mar chuid d’Oíche Chultúir 2026 Dé hAoine an 18 Meán Fómhair, le ceol, amhránaíocht, scéalaíocht, filíocht, litríocht agus drámaíocht á gcur ar bun.

I measc na n-imeachtaí beidh oíche cheoil, amhránaíochta agus litríochta i gcontae an Chláir; oíche litríochta, ceoil agus damhsa ar an sean-nós i Maigh Nuad; agus imeacht le Raidió na Life i mBaile Átha Cliath ina mbeidh ceol, rap, hip-hop, DJanna agus filíocht ó bhéal.

Ar an Oileán Mór, beidh ceolchoirm le Tara Viscardi agus Robert Harvey agus oíche scéalaíochta ina diaidh. I Leitir Ceanainn, beidh Clíona Ní Ghallchóir i mbun amhránaíochta, filíochta agus scéalaíochta.

I nGaillimh, cuirfear drámaíocht agus litríocht i láthair in Áras na nGael, agus ar fud na Gaeltachta beidh Bop Mór na Gaeltachta ar siúl.

Tá clár iomlán na n-imeachtaí ar fáil ag www.culturenight.ie.

RAIDIÓ

Sceideal an fhómhair fógartha ag RTÉ Raidió na Gaeltachta

Tá sceideal nua an fhómhair fógartha ag RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Beidh sraith ceolchoirmeacha speisialta á reáchtáil ag an stáisiún agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann le RTÉ 100 agus 75 bliain an Chomhaltais a chomóradh. Cuirfear tús leis an tsraith i gCeoláras Coleman i nGoirtín, Contae Shligigh, ar an 16 Meán Fómhair, agus craolfar na ceolchoirmeacha beo ar an raidió.

I measc chláir eile an tséasúir beidh Cóisir Cheoil le Ceolfhoireann Coirme RTÉ i nGort an Choirce do cheolchoirm ‘Na hAmhráin is Ansa Linn’ ar an 7 Deireadh Fómhair, agus beidh sraith nua Focal ar Fhocal, atá bunaithe ar ábhar cartlainne, á craoladh chomh maith.

Beidh Foinn Cois Farraige, Blas, Pé Scéal É agus An Cúinne Dána ar ais chomh maith le cláir sheanbhunaithe cúrsaí reatha amhail Adhmhaidin, Nuacht a hAon, Tús Áite agus An tSeachtain.

I mí na Samhna, beidh craoladh speisialta beo ó Oireachtas na Samhna 2026 i gCill Airne le cloisteáil ar an stáisiún.

Tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh RTÉ Raidió na Gaeltachta.

TEILIFÍS

Sceideal an fhómhair fógartha ag TG4

Tá sceideal an fhómhair 2026 fógartha ag TG4, agus réimse leathan drámaíochta, siamsaíochta, faisnéise, ceoil, spóirt agus clár do pháistí le craoladh ó mhí Mheán Fómhair.

Beidh an dara sraith den dráma móréilimh Crá ar cheann de bhuaicphointí an tséasúir, agus fillfidh Ros na Rún agus An Deis chomh maith. I measc na sraitheanna nua beidh Aperitíf, seó cleamhnais á chur i láthair ag Mairéad Ní Chuaig agus Cúán de Búrca, agus Mo Thír, Mo Thuairim, sraith nuachta agus cúrsaí reatha le Cormac Ó hEadhra.

Tá neart ceoil sa sceideal freisin, le Gradam Ceoil TG4 2026 le craoladh beo ó Luimneach agus an tsraith nua Buille.

Biedh GAA Beo, Rugbaí Beo agus Sacar na mBan Beo ar ais freisin agus tá réimse nua clár geallta ar Cúla4, atá trí bliana ar an bhfód i Meán Fómhair.

CEOL

Bí Liom Bí: Oíche cheoil, amhránaíochta agus damhsa

Beidh Bí Liom Bí, oíche cheoil, amhránaíochta agus damhsa leis an gcláirseoir agus seinnteoir consairtín Aisling Lyons, an damhsóir ar an sean-nós agus seinnteoir consairtín Becky Ní Éallaithe, agus an píobaire uilleann agus amhránaí Muireann Ní Shé, ar an mbóthar i mí Mheán Fómhair.

Fitear ceol, amhránaíocht agus damhsa le chéile sa seó, agus tarraingíonn an triúr ar thraidisiúin agus ar oidhreacht Chonamara, Chorcaí agus Chontae an Chláir. Chomh maith le seanfhoinn, beidh ceol nuachumtha leis an triúr le cloisteáil.

Beidh an camchuairt ag tosú ag Coughlan’s i gCorcaigh, tráthnóna inniu, an 4 Meán Fómhair, agus leanfaidh sí ar aghaidh ag The Cobblestone i mBaile Átha Cliath (5 Meán Fómhair), Pot Duggans in Inis Díomáin (11 Meán Fómhair) agus Amharclann Chois Fharraige in Indreabhán (12 Meán Fómhair), i gcomhpháirt le Gliogar.

Tuilleadh eolais agus ticéid anseo.

TAISPEÁNTAS

Cuilt na dlúthpháirtíochta ag dul go Baile na Manach

Beidh ‘Cuilt na Dlúthpháirtíochta’ ar taispeáint ar an Domhnach an 6 Meán Fómhair ag an Airneán Seachtainiúil don Phalaistín i mBaile na Manach, Co. Bhaile Átha Cliath.

Cruthaíodh an chuilt le 3,000 cearnóg cróiseáilte, agus gach ceann acu in ómós do dheichniúir páiste a maraíodh sna h-ionsaithe a rinne an Iosrael ar Gaza. Chuir Niamh Bonner agus a cairde i Craftivism, an tionscnamh seo i bhfeidhm chun seans a thabhairt do dhaoine a chuid mothúchán a léiriú faoi slad na bpáistí, breis is 30,000 acu a maraíodh.

Rinne cróiseadóirí ar fud na cruinne na cearnóga agus sheol siad iad chuig Niamh leis an gcuilt a chur le chéile. Tá sé i gceist ag an ngrúpa an chuilt a thaispeáint i ngach contae in Éirinn ar mhaithe le heolas a mhéadú i measc an phobail maidir leis an gcinedhíothú sa bPalaistín.

Beidh an chuilt ar taispeáint in An Triantán (in aice le teach tábhairne Goggins) i mBaile na Manach i mBaile Átha Cliath ar an Domhnach an 6 Meán Fómhair ó 6-6.30pm.

FÉILTE

Imeachtaí Gaeilge ag Féile Imill Bhaile Átha Cliath

Cuirfear tús amárach, an 5 Meán Fómhair, le Féile Imill Bhaile Átha Cliath agus beidh sé ar bun go dtí 20 Meán Fómhair agus réimse imeachtaí beartaithe ar fud na cathrach. Beidh rogha imeachtaí trí Ghaeilge agus dátheangacha ar bun mar chuid den fhéile i mbliana, ina measc Gaelmaxxing leis an mbean grinn, Síomha Hennessy. Caitheann Síomha súil ghrinn ar a taithí ag fás aníos le Gaeilge i mBaile Átha Cliath, sula raibh an Ghaeilge ‘cool’ mar atá anois. Ticéid €17 anseo.

Beidh seó dátheangach le Cabáiste Cabaret ar bun ar an 10 Meán Fómhair san ionad Drop Dead Twice i Na Saoirsí, doirse ag 8pm. Amharclannaíocht buirlisc, damhsa, drag, amhránaíocht agus céilí ag an deireadh a bheidh i gceist leis an gcur i láthair dátheangach. Tá rabhadh ag dul leis an seó go bhfuil nochtacht mar chuid de. Ticéid anseo.

Léireofar an ceoldráma Saoirse leis an Taibhdhearc i rith na féile freisin ó 16 go 20 Meán Fómhair ar stáitse na Péacóige in Amharclann na Mainistreach. Ticéid anseo.

Tuilleadh eolais agus clár na féile anseo.

Fág freagra ar 'CULTÚR: Saoirse sa bPéacóg, Gaelmaxxing, Sceidil an Fhómhair, Bí Liom Bí, Cuilt na Dlúthpháirtíochta'