Tá an ceathrú sraith de Reacher (Prime) ar ais agus Alan Ritchson sa phríomhról arís mar spailpín fánach na gcnámh briste, an t-iarphóilín airm a thaistealaíonn na Stáit Aontaithe ag cur múineadh na mbróg ar dhrochbhuachaillí. Is in Philadelphia atá an tsraith an t-am seo agus eachtra gan choinne a cheapann Reacher i bhfáinne fí eile foréigin.
Fáinne fí? Bhuel, níl i gceist le saol Reacher ach foréigean. Ar éigean go gcuirtear am amú le rud ar bith eile. Tarlaíonn eachtra, tógann na péas Reacher, ní réitíonn Reacher leis na péas, saortar é, déanann cúpla ruifíneach iarracht Reacher a thógáil agus buaileann Reacher an cac astu; tógann an CIA Reacher gan chúis, buaileann Reacher an cac as an CIA, teitheann sé agus cúpla leathchara leis – bhuel, caithfidh Reacher dúrúnta labhairt le duine inteacht! – aimsíonn siad scéim rúnda CIA – na bastaird! – agus polaiteoir, ionraice nó mí-ionraice, beidh le feiceáil – agus ar aghaidh linn.
(Ó, agus tá nod do Pulp Fiction Tarantino i radharc amháin. Sea, bhain sé gáire asam.)
Aicsean! Aicsean! Aicsean! Ná déan do mhachnamh ar a thanaí agus atá an plota nó ar mhí-éifeacht agus éagumas na n-údarás.
Trí chlár le chéile a chuir Prime ar fáil in aon bhabhta amháin agus d’amharc an scríbhneoir seo ar na trí cinn in aon iarraidh amháin. Agus seo á scríobh, níl clár a ceathair feicthe agam agus ní heol dom cad é an cor a bhí sa scéal. Ach bíodh geall gur bhuail Reacher an cac as duine inteacht.
Déarfainn gur doiligh do go leor daoine déanamh amach cad chuige a bhfuil dúil chomh mór sin ag daoine i Reacher. Lee Child a chum an carachtar an chéad lá ariamh ina chuid úrscéáltaí. Léigh mé cúpla leabhar de chuid Child mar thaighde (i ndáiríre!); léitheoireacht oilte éadrom atá ann agus níl olc ar bith agam don tsórt sin ar chor ar bith. Fear mór Wilbur Smith a bhí ionam lá den tsaol.
Bunaithe ar shaothar scríofa Child a tháinig cúpla scannán le Tom Cruise, a bhí sásta go maith, ach bhí Cruise róbheag ag an ról de réir mórán daoine a léigh na húrscéaltaí. Fathach fir atá ann mar Ritchson agus tá matáin ar a chuid matán. Chuirfeadh sé Arnie ina laetha luatha mar Conan the Barbarian i gcuimhne duit, rud a fhóireann, nó barbarach ar a dhóigh féin atá ann mar Reacher, fear a chreideann go docht daingean sa dlí ach nach bhfuil drogall ar bith air an dlí céanna a shárú sa chás go gcreideann sé gur den riachtanas é. Tá cód aige – bíonn cód ag barbaraigh – ach is deacair an cód a dhíchódú go minic.
Cad é an cur síos is fearr ar Reacher? Sochapatach liobrálach? Buailfidh sé an cac asat agus bhrisfeadh sé an uile chnámh i do chorp ach tú teacht salach air. Ach tú teacht salach air. Ná bac le mac na batrála agus ní bhacfaidh …
Ait go leor, bíodh is nach bhfuil drogall ar lucht déanta an chláir foréigean den chuid is loime a thaispeáint dúinn, tá an-drogall orthu craiceann a thaispeáint. Téann Reacher a luí le bean sa tsraith seo ach cíoch ná tóin féin ní nochtar.
(Bhí rud beag loime sa chéad sraith, is fíor.)
Is cuma liomsa gan amhras – tá neart den stuif sin le fáil ar líne (deirtear liom!) – ach baineann sé d’éifeacht an scéil: gnéas geanmnaí ach foréigean fíochmhar. Níl a fhios agam nárbh fhearr don chlár, anois agus arís, é sin a mhalartú thart.
Tugann téarma.ie ‘dríodar’ ar an fhocal sin “slop” atá in úsáid go forleathan anois agus ábhar teilifíse agus eile faoi chaibidil. Ní dríodar, ar fad, atá in Reacher ach tá an t-ábhar ar an dé deiridh; ní féidir le lucht déanta an chláir an carachtar a fhorbairt mar ní dhearnadh forbairt mhór air sa tsaothar scríofa, de réir mar a fheicim.
Seans go dtuigeann bunadh an chláir sin fosta. Beidh sraith nua, Neagley, ar Prime i mí Mheán Fómhair. Iar-chomhghleacaí airm de chuid Reacher atá ann mar Frances Neagley (Maria Sten) agus bhí an carachtar le feiceáil i sraitheanna roimhe seo. (Tá réamhbhlaiseadh cláir ar líne cheana féin.) Beidh aicsean ann gan amhras nó trodaí oilte í Neagley fosta. Ach, cá bhfios, seans go mbeidh rud beag obair bhleachtaireachta agus scéal níos forbartha ann.
Seans.
Idir an dá linn, tá Reacher ag dul a dhéanamh na rudaí a dhéanann Reacher. Ná bac le mac na batrála…
Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Aicsean! Aicsean! Aicsean! Ná déan do mhachnamh ar a thanaí agus atá an plota'