An sainmhíniú ar ‘Gaeltacht’ na hAlban róleathan le bheith éifeachtach – sochtheangeolaí

Deir Conchúr Ó Giollagáin nach fiú ceantar atá ‘suntasach’ ó thaobh teanga de a thabhairt ar áit ar bith in Albain má táthar chun an rud céanna a rá faoi gach áit

An sainmhíniú ar ‘Gaeltacht’ na hAlban róleathan le bheith éifeachtach – sochtheangeolaí

Tá an sainmhíniú reachtúil ar céard is ceantar atá tábhachtach ó thaobh na teanga de in Albain róleathan le feidhm cheart a bheith aige, dar leis an teangeolaí Conchúr Ó Giollagáin.

Agus é ag scríobh ar an nuachtán The Herald in Albain, dúirt Ó Giollagáin nach féidir le háit ar bith a bheith “suntasach” nó tábhachtach ó thaobh na teanga de má shainítear gach áit mar áit atá tábhachtach ó thaobh na teanga de.

“Simply, if everything is significant then nothing is significant,” a scríobh an teangeolaí as Éirinn.

Dúirt sé gurb é an deacracht mhór a bhaineann leis an treoir a thugtar sa reachtaíocht a tugadh isteach anuraidh, Achd nan Cànan Albannach, ná go bhfuil sé “casta agus éideimhin araon”, cé is moite den mhír a luann bardaí toghcháin ina bhfuil níos mó ná 20% den daonra ina gcainteoirí Gàidhlig.

Dúirt Ó Giollagáin go dtagraíonn an tAcht agus an Treoir do cheantair a bhfuil nasc stairiúil leis an nGàidhlig acu nó do cheantair ina bhfuil líon “suntasach” daoine ag foghlaim Gàidhlig. Luaitear chomh maith ceantair ina mbíonn ócáidí suntasacha teanga nó cultúir. Dúirt ó Giollagáin nach “tairseacha soiléire measúnachta” iad seo.

Mhaígh sé go ndéanann an Treoir doiléir an sainmhíniú atá ar ‘suntasach ó thaobh teanga de’ agus go bhfuil sé doiléir dá réir cad iad na himpleachtaí a bheadh ag stádas mar cheantair speisialta teanga do chur chun cinn na Gàidhlig.

Thug sé rabhadh ina cholún go bhféadfadh go bhfágfadh an cur chuige atá ann faoi láthair go gcuirfí bonn faoi thuiscint “gan téagar” ar an bhféiniúlacht Ghaelach in Albain.

Dúirt sé go bhféadfadh an t-aitheantas teanga nua cur as don obair a bhaineann le “líonraí dealraitheacha sóisialta Gàidhlig” a fhorbairt.

“Is deacair a shamhlú cén chaoi a gcuirfeadh an cur chuige éideimhin seo stop le creimeadh na bpobal deireanach Gàidhlig.

“Theastódh eagna Sholaimh ó chomhairlí [áitiúla] agus comhlachtaí eile cathartha leis an neamhréir seo a réiteach,” a dúirt sé.

Dúirt sé go bhfuil an deis anois ag Rúnaí Oideachais, Cultúr agus Gàidhlig na hAlban, Màiri McAllan, “díriú ar chur chuige sochaíoch” do chúrsaí Gàidhlig agus “tús áite” a thabhairt do “chúnamh praiticiúil a thabhairt do phobail Ghàidhlig agus líonra nua cainteoirí”.

“Ag croí an ruda, tá dhá réamhriachtanas ann do chur chun cinn na Gàidhlig a bheadh bunaithe ar chúrsaí sóisialta: tacaí do na pobail a bhfuil an cumas cultúrtha acu an Ghàidhlig a thabhairt ar aghaidh go dtí an ghlúin óg, agus a chothóidh an pobal cainteoirí dúchais; agus soláthar oideachais le cabhrú le foghlaimeoirí a bheith ina gcainteoirí cumasacha Gàidhlig,” a dúirt sé.

Dúirt sé gur chóir scéim tacaíochta teaghlaigh a bhunú do theaghlaigh Ghàidhlig; gníomhaíochtaí sóisialta do chainteoirí óga Gàidhlig a thosú; cumainn agus clubanna a fheidhmíonn trí Ghàidhlig a bhunú; buiséad a shocrú d’imeachtaí pobail Gàidhlig; agus tacaíocht a thabhairt do thionscnaimh earcaíochta agus comharchumainn don phobal labhartha Gàidhlig.

Mhol an sochtheangeolaí aitheanta freisin go dtabharfaí “gné dhaonlathach” isteach sa phleanáil teanga don Ghàidhlig le go mbeadh lámh ag an bpobal féin sna hiarrachtaí atá ar bun an Ghàidhlig a chur chun cinn agus a chosaint mar theanga phobail.

Tugadh feidhm i mí na Nollag seo caite don fhoráil in Achd nan Cànan Albannach a thugann stádas don teanga in Albain. Tá bunú “ceantar atá tábhachtach ó thaobh na teanga de” ar cheann de spriocanna na reachtaíochta, foráil a chabhróidh le polaiteoirí na hAlban “polasaithe a thacóidh le fás na teanga” a chur i bhfeidhm ar bhealach níos éifeachtaí.

Is éard is “ceantar atá tábhachtach ó thaobh na teanga de” ann de réir an dlí nua ná “ceantar a bhfuil líon suntasach daoine ann a bhfuil scileanna Gàidhlig acu” (20% den daonra); ceantar nach bhfuil go leor cainteoirí Gàidhlig ann ach a bhfuil “ceangal stairiúil” aige leis an teanga; ceantar a bhfuil an t-oideachas trí Ghàidhlig ar fáil ann; nó ceantar ina mbíonn “imeacht suntasach a bhaineann leis an nGàidhlig nó leis an gcultúr Gaelach” ar siúl.

Caithfidh na húdaráis áitiúla in Albain cinneadh a dhéanamh faoi dheireadh na bliana seo cé acu an bhfuil nó nach bhfuil aon cheantar atá faoin gcúram, nó cuid de, ina “cheantar suntasach ó thaobh na teanga de”. Beifear in ann an cinneadh sin a athbhreithniú gach cúig bliana ina dhiaidh sin.

Fág freagra ar 'An sainmhíniú ar ‘Gaeltacht’ na hAlban róleathan le bheith éifeachtach – sochtheangeolaí'

  • Stiofán Mac Gabhann

    Agus sílimidne go bhfuil Gaeltacht na hÉireann rómhór (agus tá) ach samhlaigh an tír ar fad a bheith sonraithe mar Ghaeltacht mar gheall gur labhraíodh an Ghaelainn ar fud na tíre tráth dá raibh! Seafóid, a dhuine!