Tacaíocht do Gianni Infantino tarraingthe siar ag an FAI

I ráiteas a eisíodh ar maidin, dúirt an FAI go ndearnadh an cinneadh an tacaíocht a tharraingt siar ag cruinniú de bhord na heagraíochta

Tacaíocht do Gianni Infantino tarraingthe siar ag an FAI

Gianni Infantino. Pictiúr: INPHO/Priscila Bütler

Tá sé fógartha ag Cumann Sacair na hÉireann (FAI) nach bhfuil an eagraíocht anois ag tacú le hatoghadh Gianni Infantino mar uachtarán ar FIFA.

Sheol an FAI litir ag tacú le Infantino chuig FIFA níos luaithe i mbliana ach tá sé ráite anois go bhfuil an litir sin tarraingthe siar.

I ráiteas a eisíodh ar maidin, dúirt an FAI go ndearnadh an cinneadh an tacaíocht a tharraingt siar ag cruinniú de bhord na heagraíochta. Dúradh gur scríobhadh litir eile chuig FIFA ag míniú cén fáth go bhfuil an cinneadh seo déanta ag an FAI.

Dúirt an FAI go rabhthas buíoch as an tacaíocht atá tugtha ag FIFA do chúrsaí sacair in Éirinn ach go bhfuil cúis mhór imní ann anois maidir le cúrsaí rialachais, trédhearcachta agus easpa comhairliúcháin.

“Ag cuimhneamh ar na dúshláin rialachais a bhí le sárú ag an FAI le blianta beaga, braitheann an Cumann go bhfuil dualgas faoi leith orainn an dea-chleachtas a éileamh agus cloí leis,” a dúradh sa ráiteas.

Tá brú mór ar Gianni Infantino ó tháinig plean a bhí aige cuid de Chorn an Domhain a dhíol le hinfheisteoirí príobháideacha chun solais. Tá an plean caite i dtraipisí ó shin ach tá UEFA, AFC agus CONCACAF ina measc siúd atá ag iarraidh go dtabharfaí bata agus bóthar d’Uachtarán FIFA.

Tá UEFA tagtha amach go láidir in aghaidh Infantino agus a dtacaíocht dá atoghadh tarraingthe siar ar roinnt tíortha eile san Eoraip – Sasana, an Bhreatain Bheag, an Ghearmáin, an tSeirbia, an Ghréig, an tSualainn agus tá tÉire anois ina measc.

Sular tarraingíodh an chonspóid seo, measadh go dtoghfaí Infantino ina uachtarán in athuair sa Mhárta seo chugainn agus gan aon duine tagtha chun cinn le seasamh ina choinne. Meastar anois áfach go dtiocfaidh ar a laghad iarrthóir amháin eile chun cinn roimh an spriocdháta d’ainmniúchán iarrthóirí ar an 18 Samhain.

Tá tacaíocht léirithe ag roinnt cónaidhmeanna náisiúnta do Infantino, áfach – an Airgintín, Catar, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha agus Maracó ina measc.

Ghabh Infantino leithscéal as plean a bhí aige leas i gCorn an Domhain agus comórtais eile de chuid FIFA a dhíol le comhlacht príobháideach cothromais.

Is é an plean réamhfhiontair a bhí ag FIFA, an ‘Forward Enterprise Plan’, leas 21% de bhrabús na todhchaí ó Chorn an Domhain a dhíol le Thrive Capital ar $4.2 billiún. Comhlacht príobháideach cothromais sna Stáit Aontaithe é Thrive Capital atá á rith ag Joshua Kushner, deartháir le Jared Kushner atá pósta le hiníon le hUachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump.

Chinn an 55 ball atá ag UEFA baghcat a dhéanamh ar gach Corn an Domhain a bheadh ann feasta dá ngabhfaí ar aghaidh leis an bplean díola mura gcomhlíonfaí roinnt coinníollacha a bhí leagtha síos ag an aontas.

Deir UEFA go bhfuil an baghcat fós i bhfeidhm in ainneoin go bhfuil sé fógartha ag FIFA nach bhfuiltear ag dul ar aghaidh leis an bplean. Deir UEFA nach bhfuil na coinníollacha uile comhlíonta agus go bhfuil muinín caillte aige in uachtaránacht Gianni Infantino.

Fág freagra ar 'Tacaíocht do Gianni Infantino tarraingthe siar ag an FAI'