Tá sé fógartha ag an gComhalta den Tionól Reachtúil (MLA) de chuid Shinn Féin, Maolíosa McHugh, go bhfuil sé éirithe as mar MLA roimh théarna nua an Tionóil.
Tá McHugh, ar cainteoir líofa Gaeilge é, ina MLA do Thír Eoghain Thiar ó 2019, nuair a comhthoghadh é in ionad Michaela Boyle. Bhuaigh sé suíochán i dtoghchán 2022 agus bhí sé ina bhall de Choiste Pobal an Tionóil a bhíonn ag plé le cúrsaí Gaeilge.
Bhí sé ina chomhairleoir ar Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin roimhe sin agus bhí sé ina Mhéara ar an gcomhairle in 2017.
Dúirt McHugh cheana nach raibh sé chun seasamh sa gcéad toghchán eile do thionól Stormont agus chinn sé seasamh siar don téarma deireanach.
“Nuair nach bhfuil sé i gceist agam seasamh sa chéad toghchán eile don Tionól i mBealtaine 2027, tá cinneadh déanta agam éirí as ar an 1 Meán Fómhair 2026, roimh thús an téarma dheireanaigh den Tionól,” a dúirt McHugh i ráiteas.
Dúirt sé gur onóir ollmhór a bhí ann ionadaíocht a dhéanamh ar mhuintir Thír Eoghain Thiar mar MLA agus ar bharda na Deirge mar chomhairleoir.
Ghabh McHugh buíochas le gach duine a thug vóta dó sna toghcháin inar sheas sé agus ghuigh sé “ádh mór” ar an té a roghnófaí ina áit.
Ghabh sé buíochas freisin le Sinn Féin agus dúirt sé go raibh sé ag seasamh siar ach go gcoinneodh sé air ag tacú le Sinn Féin agus an páirtí ag obair “i dtreo Éireann aontaithe do chách”.
Meastar go bhfógróidh Sinn Féin sna laethanta amach romhainn cé atá le comhthoghadh in áit McHugh.
Fillfidh comhaltaí ar Stormont i ndiaidh bhriseadh an tsamhraidh an tseachtain seo chugainn.
Fág freagra ar 'An Comhalta Maolíosa McHugh éirithe as mar MLA'