Tá triúr léachtóirí úra i Roinn na Gaeilge ceaptha ag Ollscoil na Gaillimhe.
Is iad na triúr léachtóirí úra, an Dr Ailbhe Nic Giolla Chomhaill, an Dr Colm Ó Cuaig agus an Dr Oisín Ó Muirthile.
Léachtóir le Béaloideas a chaith tréimhse i gceannas ar Léann na Gaeilge in Ollscoil Luimnigh roimhe seo í an Dr Ailbhe Nic Giolla Chomhaill. Údar í ar An Chaora Ghlas agus Scéalta Eile as Seanadh Farracháin.
Is saineolaí ar an Nua-Ghaeilge Mhoch agus comheagarthóir ar Dúchan: Blúirí ó Fhoclóir Mháirtín Uí Chadhain é an Dr Colm Ó Cuaig ó Charna i gConamara, a rinne PhD sa Nua-Ghaeilge in Ollscoil na Gaillimhe.
Chaith sé seal ag obair le hAcadamh Ríoga na hÉireann, áit ar oibrigh sé ar Fhoclóir Stairiúil na Gaeilge.
Tá an Dr Oisín Ó Muirthile ceaptha ina léachtóir leis an Léann Ceilteach agus ag plé le litríocht na Sean-Ghaeilge agus na meánaoise a bheidh sé.
Saineolaí é ar na teangacha Ceilteacha agus an teangeolaíocht stairiúil Ó Muirthile agus tá ina chomheagarthóir ar Proceedings of the Harvard Celtic Colloquium.
Dúirt an tOllamh Rióna Ní Fhrighil, Ceann Roinn na Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe, gur léirigh earcú na léachtóirí nua a thiomanta is atá Ollscoil na Gaillimhe do léann na Gaeilge.
Dúirt Ollscoil na Gaillimhe, go gcuirfeadh na ceapacháin úra leis an “teagasc agus leis an taighde” i Roinn na Gaeilge agus “leis an phleanáil le haghaidh MA nua sa Ghaeilge”.
alan titley
Go n-éirí libh agus leo! Ceapacháin den scoth…