TG4 ag súil le seirbhís nua nuachta a sheoladh roimh dheireadh na bliana, in ainneoin ‘moilleadóireacht’ RTÉ

Tá cuid den fhoireann iriseoirí a bheidh ag obair ar sheirbhís nua nuachta ar líne TG4 ag tosú ag obair an tseachtain seo

TG4 ag súil le seirbhís nua nuachta a sheoladh roimh dheireadh na bliana, in ainneoin ‘moilleadóireacht’ RTÉ

Tá súil ag TG4 a seirbhís nua nuachta ar líne a sheoladh “i dtreo dheireadh na bliana” agus cáineadh déanta ag an stáisiún ar an easpa dul chun cinn maidir le Nuacht TG4 a scaradh ó RTÉ.

Faoi láthair, RTÉ a chuireann nuacht ar fáil do TG4 mar chuid den dualgas reachtúil atá ar RTÉ 365 uair an chloig de chláir a chur ar fáil don stáisiún gach bliain. In 2022, ghlac an rialtas le moladh ó Choimisiún na Meán go mbeadh soláthar nuachta TG4 neamhspleách ó RTÉ, ach is beag dul chun cinn atá déanta ó shin.

Fuair TG4 breis is €2 milliún sa bhuiséad deireanach chun seirbhís nuachta ar líne a bhunú agus táthar ag bogadh ar aghaidh le bunú na seirbhíse in ainneoin go bhfuil an plean do neamhspleáchas ó RTÉ i sáinn i gcónaí.

Dúradh cheana go mbeadh an tseirbhís ar líne ar fáil an fómhar seo, ach ní raibh TG4 sásta aon dáta seolta a thabhairt do Tuairisc. Bhíothas dóchasach go mbeidh sí ann roimh cheiliúradh 30 bliain TG4 ar an 31 Deireadh Fómhair.

Dúirt urlabhraí de chuid an stáisiúin le Tuairisc go rabhthas ag súil anois go mbeidh an tseirbhís le seoladh “i dtreo dheireadh na bliana”.

“Is é an sprioc atá aontaithe ag TG4 leis an Roinn [Cumarsáide] ná go seolfar an tseirbhís nuachta ar líne roimh dheireadh na bliana. Ní raibh dáta an bhreithlá luaite go sonrach mar spriocdháta,” a dúirt an t-urlabhraí.

In agallamh a rinne sí leis The Journal in earrach na bliana seo, dúirt ardstiúrthóir TG4 Deirdre Ni Choistín go raibh súil ag TG4 go mbeadh “tseirbhís nuachta ilardán ar líne” ag tosú that ar Oíche Shamhna.

In aighneacht réamhbhuiséid atá ullmhaithe ag TG4, deirtear gur údar mór díomá é go bhfuil dul chun cinn “an-mhall” a dhéanamh maidir le neamhspleáchas eagarthóireachta ó RTÉ a bhaint amach don nuacht.

Ach in ainneoin na míshástachta sin le RTÉ, tá TG4 ag súil go mbeidh nuacht TG4/RTÉ toilteanach comhoibriú leis an tseirbhís nua ar líne agus acmhainní agus iriseoirí a roinnt.  I ráiteas a cuireadh ar fáil don Irish Times, dúirt TG4 go rabhthas ag súil go háirithe le comhoibriú ó cheannasaí nua Nuacht TG4/RTÉ, Joe Mag Raoghailligh, a ceapadh ina cheann feadhna ar nuacht na Gaeilge in RTÉ le déanaí.

Tá cuid den fhoireann iriseoirí a bheidh ag obair ar an tseirbhís nua nuachta ar líne fostaithe ag TG4 agus iad ag tosú ag obair an tseachtain seo. I measc na n-iriseoirí sin, tá beirt a bhí fostaithe chun nuacht Gaeltachta a chur ar fáil do The Journal, Concubhar Ó Liatháin agus Conor Brummell, Conor Ó Domhnaill a bhí le Nuacht Cúla4, Aela Ní Ghaoithín, Muireann Ní Chorcora agus Pa Sheehan.

Ceapadh an craoltóir Dáithí de Mórdha, as Dún Chaoin i nGaeltacht Chorca Dhuibne, ina cheannaire nuachta agus cúrsaí reatha i TG4 níos túisce i mbliana. Bhí ról an cheannaire nuachta folamh ó ceapadh Deirdre Ní Choistín, a bhí sa ról ar feadh beagnach dhá bhliain, ina hardstiúrthóir ar an stáisiún anuraidh. Is é de Mórdha a bheidh i gceannas ar an bhfoireann ochtar iriseoirí agus beirt eagarthóirí a bheidh ag obair ar an tseirbhís nua ar líne.

Cuireadh tús leis an bpróiseas earcaíochta d’iriseoirí agus d’eagarthóirí na seirbhíse nua os cionn trí bliana ó shin, in earrach na bliana 2023. Fógraíodh na poist do ‘eagarthóirí/léiritheoirí ábhair dhigitigh nuachta agus cúrsaí reatha’ an uair sin ach cuireadh deireadh tobann leis an bpróiseas.

Dúradh ag an am go raibh an comórtas “á chur siar mar gheall ar chúinsí a bhaineann le dearadh agus forbairt an tsuímh nua” nuachta. Níor fógraíodh na poist arís go dtí 2026.

Tuigtear do Tuairisc nach bhfuil an dá phost d’eagarthóirí leis an tseirbhís nua líonta go fóill.

Tá súil ag lucht bainistíochta an stáisiúin go dtógfaidh TG4 áit RTÉ Raidió na Gaeltachta mar ‘an chéad rogha’ ag pobal na Gaeilge ó thaobh na nuachta de.

Maíodh cruinniú foirne ag deireadh na bliana seo caite go mbeidh  an tseirbhís nua ag soláthar nuachta seacht lá na seachtaine agus go mbeidh ábhar éagsúil i gceist seachas “leagan eile ar líne de Mholscéal [seirbhís físeán ar líne TG4 atá dírithe ar phobal na Gaeilge]”.

Beidh smacht eagarthóireachta ag an stáisiún féin ar an tseirbhís úr nuachta ar líne, ach dúirt an lucht bainistíochta go mbeifí ag súil le comhoibriú RTÉ agus le hábhar a fháil ón seomra nuachta teilifíse atá ag RTÉ i mBaile na hAbhann.

Bhí cruinniú ag Bainisteoir Nuachta agus Cúrsaí Reatha RTÉ, Deirdre McCarthy, le foireann Nuacht TG4/RTÉ i gceannáras na seirbhíse nuachta sin i mBaile na hAbhann i mí Feabhra agus níorbh léir an uair sin aon athrú mór a bheith i ndán don soláthar nuachta teilifíse a chuireann RTÉ ar fáil do TG4.

Tá TG4 ag éileamh €11 milliún breise sa bhuiséad, rud a d’fhágfadh €76.4 milliún sa bhliain ag an stáisiún ina bhfuil 130 duine fostaithe,  €3.3 milliún atá á lorg mar infheistíocht i gcúrsaí nuachta in 2027. Chaithfí  €1.9 milliún de sin ar uasghrádú a dhéanamh ar an stiúideo nuachta i gceannáras an stáisiúin i mBaile na hAbhann i nGaeltacht Chonamara.

Fág freagra ar 'TG4 ag súil le seirbhís nua nuachta a sheoladh roimh dheireadh na bliana, in ainneoin ‘moilleadóireacht’ RTÉ'