An sceideal a líonadh; sin an chéad riail, bíodh nuachtán, suíomh ar líne nó stáisiún teilifíse i gceist. Saoithiúil go leor na roghanna a rinne na cainéil Cheilteacha le sceideal an deireadh seachtaine seo caite a líonadh; spéisiúil ach neamhghnách fosta. Chuaigh S4C, BBC Alba agus TG4 i muinín an spóirt le hábhar a chur ar fáil, ach spórt nach samhlófá le cultúr na dteangacha Ceilteacha i ngach aon chás.
Dairteanna a bhí ar S4C, Dartiau, cluiche a shamhlaím, bíodh sé ceart nó éigeart, le plobairí móra Sasanacha. Bhí craobh náisiúnta dairteanna na Breataine Bige ar siúl agus is faoi S4C a bhí sé clúdach beo a dhéanamh ar an ócáid. Bhí tráchtaireacht bhreá bhríomhar sa Bhreatnais agus fotheidil chomhuaineacha Bhéarla ar fáil don té nach raibh an teanga aige – agus bhí na himreoirí, fir agus mná, géarshúileach géaruilleach agus gearr sa choim leis.
(Sin deireadh leis an réamhchlaonadh sin!)
“Saoithiúil” an aidiacht a tháinig chun béil agus mé ag amharc ar na seónna. Bhí dáimh ag an scaifte leis an ócáid agus b’fhéidir gur aimsigh siad macalla den bhogha fhada, an gléas cogaidh sin ar bhain na Breatnaigh úsáid chomh héifeachtach sin as ag cath Crug Mawr, sna dairteanna ligthe lúfara lonracha.
(Is é Lugh Lámhfhada naomhphátrún imreoirí dairteanna, dála an scéil. An tsaíocht Cheilteach beo faoi cheilt.)
Cibé, níl cúis ar bith ann nach mbeadh dairteanna ar S4C agus, sa chás go raibh tú ag foghlaim na teanga, ba mhór an gar é le snas a chur ar do chumas comhaireamh a dhéanamh i mBreatnais agus ar do mhata ó mheabhair.
Bíodh sin mar atá, níl eolas ar bith agamsa ar an chluiche ach amháin gur imir an Príomhoifigeach Oibriochtaí, Miles O’Brien (Colm Meaney), agus an Príomhoifigeach Leighis, an Dochtúir Julian Bashir (Alexander Siddig), an cluiche le chéile ar Deep Space Nine. Faraor, fuair O’Brien amach go raibh Bashir ag bualadh bob air; rinneadh innealtóireacht ghéiniteach ar Bashir agus é ina bhuachaill óg, rud a d’fhág go raibh buanna ar leith fisiciúla agus éirimiúla aige.
Sacar a bhí ag BBC Alba le sceideal an tSathairn a líonadh; cluiche idir Ross County agus East Kilbride i Sraith a hAon, sraith shóisearach de chuid na hAlban. Ní raibh an chuma ar an staid go raibh sí ag cur thar maoil le lucht leanúna an dá fhoireann ach bhí tráchtaireacht bhríomhar ar siúl i nGàidhlig agus Béarla. Rinne na peileadóirí a ndícheall ar an pháirc agus rinne BBC Alba a ndícheall cúpla focal Gàidhlig a chur ar fáil do dhaoine nach raibh eolach ar an teanga.
Faraor, is beag draíocht a bhain leis an chluiche féin, dá ionraice na peileadóirí. Ach is beag draíocht a bhaineann le sacar na hAlban faoi láthair: bhí an-droch-chomórtas ag an fhoireann náisiúnta i gCorn an Domhain agus tá mórán foirne de chuid na hAlban – Hibs, Motherwell agus Rangers – dumpáilte amach as comórtais shóisearacha na hEorpa le seachtain nó dhó anuas.
(Agus, sea, níl dearmad déanta agam ar an LASKadh a fuair na Ceiltigh i Sraith na Seaimpíní san Ostair.)
Agus TG4? An rogha is saoithiúla ar fad, déarfainn, nó peil Mheiriceánach na gcoláistí, beo as Baile Átha Cliath, a bhí mar ofráil acusan; Aer Lingus a bhí i mbun urraíochta ar an ócáid, rud a d’fhág go raibh beagán den tSean-Ghaeilge mar bhónas breise againn. Murab ionann agus cás an tsacair in Albain, bhí staid an Aviva lán go doras.
Eolas dá laghad ar an dá fhoireann ní raibh agam ach bhí Bill Bilichick, fear mór na bPatriots in NFL Mheiriceá, ina phríomhchóitseálaí ar ollscoil amháin. Bhí an tráchtaireacht bheo i mBéarla ach bhí míreanna fite fuaite le hagallaimh i nGaeilge bhreá eolach. Iarracht mhacánta a bhí ann freastal ar an dá thrá; Béarla do lucht leanúna an chluiche agus cúpla focal Gaeilge do dhaoine a bíos ag súil le cúpla focal Gaeilge ar TG4.
Ar an drochuair, ba doiligh domsa an léim shamhlaíoch a thabhairt idir Béarla agus Gaeilge sa chás seo. Samhlaím an pheil Mheiriceánach, agus cláracha teilifíse ficsean-eolaíochta, leis an Bhéarla. Níl mé in ann m’intinn a lúbadh fada go leor le glacadh leis an dá sheánra a bheith i nGaeilge.
Chonaic mé eagrán de Star Trek: Voyager tráth a raibh dubáil déanta air auf Deutsch. Ní thiocfadh liom amharc air dá mhéid mo dhúil in Voyager agus sa Ghearmáinis; bhí an rud ar fad as alt. Gach aon uair a chuala mé an fhoireann ag beannú “Kapitänin” do Kathryn Janeway, smaointigh mé ar Das Boot agus cogadh na nÚ-Bhád san Atlantach.
Ach sin mise.
Gaeilge agus peil Mheiriceánach? Sin burgar tuí domsa; níl blas ar bith agam air. Ach, lena gceart a thabhairt do na stáisiúin, rinne siad iarracht filíocht na dteangacha Ceilteacha a chur le Béarla an chultúir chomhaimseartha.
Caithfear an sceideal a líonadh agus níl dlí ar an riachtanas.
Fág freagra ar 'Lugh Lámhfhada agus sceideal Lúnasa le líonadh'