Tá Conradh na Gaeilge “fós i mbun machnaimh” faoin gcéad chéim eile a thabharfaidh siad tar éis don Bhreitheamh Gerry McAlinden a rá san Ard-Chúirt nach dtabharfaidh sé ordú a chuirfeadh iachall ar Fheidhmeannas an Tuaiscirt straitéis Ghaeilge a fhorbairt.
An tseachtain seo caite, rialaigh an Breitheamh McAlinden go raibh an Feidhmeannas fós ag sárú an dualgais dhlíthiúil atá air straitéis Ghaeilge a chur i bhfeidhm ach go bhfuil an Roinn Pobal “ag déanamh a ndíchill” í a fhorbairt.
Admhaíodh sa chúirt nach mbeadh an straitéis ann sula dtiocfadh deireadh le téarma seo an Fheidhmeannais ag tús an tsamhraidh seo chugainn.
“Tá Conradh na Gaeilge fós i mbun machnaimh ar na roghanna atá ar fáil dúinn agus an breithiúnas seo anois foilsithe agus más gá triailfidh muid gach bealach dleathach atá ar fáil dúinn chun cinntiú go gcomhlíonfar an dualgas reachtúil agus go nglacfar le Straitéis don Ghaeilge ó thuaidh sna míonna atá romhainn,” a dúradh Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, inniu.
Dúirt sé go bhfuil “an-imní go deo” ar an eagraíocht nach mbeidh dréacht den straitéis réidh roimh dheireadh théarma an Fheidhmeannais agus gur “údar mór buartha” é nár cuireadh miontuairiscí ná comhfhreagras a bhain leis an gceist ar fáil le linn na héisteachta.
“Tá obair na gcapall déanta ag réimse d’eagraíochtaí teanga le beagnach cúig bliana anuas chun moltaí suntasacha a dhéanamh don straitéis seo, moltaí a dhéanfadh difear mór do thuismitheoirí, do theaghlaigh, do scoileanna, pobail agus don stát féin mar gheall ar chun chun cinn na teanga,” a dúirt sé.
Mhaígh sé gur léir ó imeachtaí na héisteachta cúirte nach bhfuil “forbairt na straitéise seo mar thosaíocht reatha” ag an Aire Pobal Gordon Lyons. Dúirt Mac Giolla Bhéin go gcuireann an Conradh “fáilte” roimh mholtaí an Bhreithimh McAlinden gur gá dréacht na straitéise a chríochnú le cur ar fáil don Fheidhmeannas nua a thoghfar i mí na Bealtaine seo chugainn, ach gur gá go mbeadh an dréacht sin “fiúntach agus láidir”.
Ba é cinnedh na seachtaine seo caite an tríú huair atá an Breitheamh McAlinden tar éis rialú in aghaidh an Fheidhmeannais. Ba é Conradh na Gaeilge a thug an Feidhmeannas os comhair na cúirte mar gheall ar an “teip leanúnach” glacadh le straitéis don teanga. An babhta deireanach seo, bhí athbhreithniú breithiúnach á dhéanamh ar an Aire Lyons féin mar chuid d’imeachtaí na cúirte.
Rialaigh an Breitheamh McAlinden gur theip ar Lyons freagra ceart a thabhairt ar iarratais a Roinne féin aighneachtaí a fhaomhadh faoi na freagrachtaí agus faoi na gníomhartha sular tháinig deireadh leis an éisteacht i lár an tsamhraidh.
Lorg Conradh na Gaeilge ordú speisialta ón gcúirt ach dhiúltaigh an Breitheamh McAlinden é sin a thabhairt mar gheall ar iarrachtaí oifigigh na Roinne agus meitheal oibre thrasrannach an straitéis a fhorbairt agus a chríochnú.
Gealladh an straitéis ar dtús faoi Chomhaontú Chill Rímhinn in 2006 ach níor tosaíodh ar an dréachtú go dtí 2020. Níor cuireadh dréachtchóip den straitéis os comhair an Fheidhmeannais go fóill.
Mhaígh Uachtarán Chonradh na Gaeilge ,Ciarán Mac Giolla Bhéin níos luaithe i mbliana go raibh an straitéis “nach mór críochnaithe” sular ceapadh Gordon Lyons ón DUP ina Aire Pobal dhá bhliain ó shin ach nach bhfuil aon dul chin cinn déanta ó shin.
Thug Conradh na Gaeilge dhá chás eile faoin ábhar céanna chun na hardchúirte, in 2017 agus in 2022. Sa dá chás sin dearbhaíodh gur theip ar an bhFeidhmeannas a ndualgas dlí a chomhlíonadh.
Fág freagra ar 'Conradh na Gaeilge ‘i mbun machnaimh’ faoin gcéad chéim eile tar éis rialú san Ard-Chúirt in aghaidh Fheidhmeannas an Tuaiscirt'