Saothar ealaíne a d’eascair as saol na cosmhuintire agus iompú na láí

Tá an taispeántas ‘The Green Loy’ le feiceáil i gCora Droma Rúisc faoi láthair

Saothar ealaíne a d’eascair as saol na cosmhuintire agus iompú na láí

‘The Dock’ an t-ainm atá ar an dánlann i gCora Droma Rúisc a bhfuil The Green Loy ar siúl inti le mí anuas. Tagairt do stair agus do shuíomh an fhoirgnimh in éineacht is ea an t-ainm céanna. Ar aghaidh duga cúrsóirí ar bhruach na Sionainne atá ‘The Dock’, agus ba mar theach cúirte a tógadh é i dtús an 19ú haois. Ní dá ndeoin féin a thaobhaíodh muintir na háite an gabhann, ar ndóigh. Ach tháinig athrú saoil i gceist in imeacht na mblianta fada atá caite ag an abhainn ag sníomh léi thar an duga. Is le fonn atáthar ag triall air ar an aimsir seo, agus saothair ealaíne a fáisceadh as saol na cosmhuintire i lár an aonaigh ann.

Is as Liatroim mé féin, agus is uncail liom duine de léiritheoirí The Green Loy, Vincent Woods. Is dóigh mar sin gur beag an t-iontas gur thaitnigh an taispeántas go mór liomsa. Ach ní hé go gcaithfeá ceangal pearsanta a bheith agat leis an áit le go bhfeicfeá lorg láimhe duine muinteartha leat féin is tú ag breathnú ar na saothair éagsúla atá ar taispeáint. Orthu sin tá cathaoir adhmaid, drisiúr, láí, agus coca féir. Torthaí éagsúla iad sin ar mhianach ealaíonta an duine, mianach a bhíonn ina orlaí trí ghníomhartha cruthaitheacha, más chun freastal ar riachtanais phraiticiúla féin a thugtar fúthu. Rud uilíoch é sin nach mbaineann le haon cheantar ar leith, agus b’aitheantas náisiúnta don taispeántas gur thug Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly ‘The Dock’ uirthi féin agus í ar cuairt chuig Cora Droma Rúisc i mí Iúil.

Tá go dtí an 22 Lúnasa agatsa le cuairt a thabhairt ar thaispeántas ‘The Green Loy’ i gCora Droma Rúisc thú féin. Má thagann tú le cé ag an duga idir seo agus sin, is éard a fheicfeas tú ar dhul isteach sa taispeántas duit an chathaoir adhmaid ‘The Leitrim Chair’, coca féir taobh thiar di sin, agus an múrphictiúr ‘Turn of the Loy’ ar a chúl sin aríst (ó lámh Charles Perpoil, Seán Rynn agus Miriam de Búrca na trí shaothar sin faoi seach). Sa bpictiúr, tá garraí nuathreafa agus eitrí trína lár san áit ar oibríodh an láí. Trasna na spéire os cionn an gharraí, tá siotaí gaoithe ag ropadh leo, an duilliúr scuabtha acu de na crainnte loma ar chaon taobh den bhanda caol talún.

‘The Leitrim Chair’, ‘This is a Poem’, agus ‘Turn of the Loy’. Pictiúr: John Woods

Maidir leis an gcoca féir, mura mbeadh i gceist ach é a bheith istigh i ndánlann, bheadh athrú feidhme bronnta air, ach oiread leis an bhfoirgneamh féin. Ní acmhainn phraiticiúil é níos mó, ach saothar ealaíne. Tá an t-athrú sin á fhógairt orainn ag an teideal atá ar an saothar, ‘This is a Poem’, agus léiriú físiúil ar an athrú céanna is ea go bhfuil an chruach fhéir neadaithe idir an chathaoir is an pictiúr. Ar an gcaoi sin, is píosa snoite siúinéireachta agus cuireadh chun machnaimh in éineacht í cathaoir Liatroma. De bharr gur os a comhair sin atá an coca féir, tugtar ar an lucht féachana breathnú ar an gcoca mar phíosa ealaíne a bhfuil áit a dhiongbhála bronnta anois air, taobh le pictiúr a suífeá síos le lán na súl a bhaint as in ionad dá leithéid.

An té a dhéanfadh sin, spreagfaí meascán mothúchán ann agus é ag breathnú roimhe. Ar leibhéal amháin, is éard atá sa bpictiúr sin cúlra an choca féir, íomhá mhealltach den tírdhreach lena samhlaíonn muintir na háite a leithéid. Le mo chuimhne féin bhí na cocaí féir níos forleithne ná mar atá anois, iad scaipthe thall is abhus san iliomad garraí ar shleasa na gcnoc, a ndroim chuartha i dtiúin le topagrafaíocht na ndroimníní. Ach ní idéalachas ná caitheamh i ndiaidh an tseansaoil atá i gceist leis an íomhá seo. Tuartha oilc iad an chuma bhagarthach atá ar an spéir stoirmiúil, is an drochbhail atá ar na crainnte. Tá an dúlra buailte tinn, ar nós mar atá sa bhfíorshaol in aimsir seo na géarchéime aeráide. Eascraíonn gné thábhachtach d’éifeacht an phictiúir as an tinneas sin a bheith sínte suas le nósanna inbhuanaithe lucht iompaithe láí. Más áil linn go dtiocfaidh an chruinne slán, beidh orainn filleadh ar nósanna inbhuanaithe muid féin.

An sceitse ar ar bunaíodh an múrphictiúr

Táthar ann i gcónaí a bhfuil mioneolas acu ar na nósanna sin, gan amhras. Duine acu sin an fear meánaosta a sheas os comhair ‘This is a Poem’ agus a dúirt, is é ag breathnú ar an gcuailín beag le hais an choca mhóir, ‘I like the somachán.’ De réir fhoclóir Uí Dhónaill, úsáidtear an focal sin mar ainm ceana ar ghasúir phlucacha. An síneadh a bhain muintir Liatroma as an bhfocal, is deas mar a léiríonn sé a raibh de chion acu ar an ábhar as a ndéantaí idir chuailíní beaga is a macasamhla mór-scála. Cion é sin a bhí tuillte go maith, nuair a chuimhníonn tú ar chomh tábhachtach is a bhí an t-ábhar céanna. Nach éard a bhíodh i ndán dó na beithígh a choinneáil ag imeacht le linn an gheimhridh. Agus leabhrán an taispeántais á chur i dtoll a chéile, ní raibh aon chaint ar na somacháin, ach scríobhadh an méid seo ann: ‘How we see, what we name, what is made with love and deep attention are at the heart of life and art.’ Diabhal blas níos fearr a léireos an cion is an t-ainmniú sin ná na cuimhní geala ar na patacháin de chuail bheaga.

Ach oiread leis an bhfear a bhain sásamh as an somachán, chuaigh The Green Loy i gcion go mór ar m’athair. Cuireadh grianghraf dó chugam, é ina sheasamh taobh le trí láí, agus straois go bun na gcluas air. Ar an mballa os a chionn tá dán a chum Vincent, deartháir leis, in ómós dá ndeaide is don ghlúin lenar bhain sé. Murab ionann agus ‘This is a Poem’, dán traidisiúnta i bhfoirm focla é seo!

An dán ‘Poet’s Truth’ le Vincent Woods, agus trí láí le Anthony Brennan. Pictiúr: John Woods

Ní cheapfainn gur cuimhní geala amháin ba chúis leis an ríméad a chuir The Green Loy ar m’athair, iarfheilméara a chloígh cuid mhór le nósanna talmhaíochta den sórt a chleachtadh glúin a dheaide-sean, is nár lig uirlisí meicniúla lena ais ariamh. Tógáil chroí dósan é athrú feidhme a bheith bronnta ar chleachtais dá leithéid, sa gcaoi gurb é an mianach cruthaitheach a bhain leo atá anois in uachtar. Murab ea, nó dá mba taobh le feidhm phraiticiúil iad, ba ghearr eile gur leis an seansaol amháin a shamhlófaí iad. An talamh-scríbhinn a breacadh leis an láí, éilíonn sí machnamh agus grinnléamh, agus tá aird chuí á tabhairt uirthi a bhuíochas don taispeántas seo.

Na hathruithe feidhme ar fad atá luaite agam – baineadh siad leis an gcúirt a ndearnadh dánlann di, nó leis an gcoca a ndearnadh dán de – cuireann siad i gcuimhne dom gur gníomh claochlaitheach é déanamh an choca féir é féin. Shílfeá gur imeartas focal é ‘turning the loy’, mar níl a fhios cén t-iompú a bhíodh i gceist: d’iompaítí an láí, d’iompaíodh an féar ina choca, agus d’iompaíodh sé sin ina bheatha i ndúluachair na bliana. Ba chlaochlú eile fós an bleán, an t-im, is an bainne sa deireadh thiar. Ar an gcaoi sin, dhéantaí todhchaí den aimsir a bhí.

Sin é atá i ndán do choca féir The Green Loy freisin: beathóidh sé an t-am atá le teacht. Cuimhníodh muid go bhfuil an chéad ghlúin eile i measc lucht féachana an taispeántais seo chomh maith. Nár dheas dá gcothódh cruthaitheacht a sinsir comhbhá iontu ina leith siúd atá ag tagtha go hÉirinn sa tóir ar shaol nua agus iad beo ar an ngannchuid. Dá fhad óna ndúchas iad sin, tá go leor acu níos gaire ná muid féin do shaol an dreama a chuaigh romhainn, dream ar mb’ealaíonta leo a mbeatha a thabhairt i dtír.

Go deimhin féin, ach póstaer an taispeántais a iompú ar a thaobh, is geall le bratach ón domhan Arabach é, gona láí chorránchruthach is a réiltín. Is iomaí bád ó na críocha sin atá tagtha le cé i gCora Droma Rúisc agus sna bólaí máguaird le scaitheamh de bhlianta anuas. Is tráthúil go bhfuil an chosúlacht sin ar an bpóstaer, ós taispeántas é seo a thugann orainn scód a ligean lenár samhlaíocht, agus fáiltiú roimh an ilbhríochas.

Is féidir teacht ar thuilleadh eolais faoin taispeántas ‘The Green Loy’ ar shuíomh idirlín ‘The Dock’.

Póstaer an taispeántais

Fág freagra ar 'Saothar ealaíne a d’eascair as saol na cosmhuintire agus iompú na láí'