Minic a bhris béal duine a shrón. Bhí Príomh-Aire na Breataine, Andy Burnham, ag iarraidh caint faoin reifreann ar athaontú na hÉireann a chur ar an méar fhada nuair a dúirt sé nár bheocheist í. Cháin poblachtánaithe agus náisiúnaithe go géar é, iad ag meabhrú dó nach raibh sé de cheart aige foráil i gComhaontú Aoine an Chéasta, conradh idirnáisiúnta, a chur ar neamhní.
Ba é barúil an cholúin seo nach ag diúltú as éadan don reifreann a bhí an príomh-aire nua ach ag iarraidh an cheist a sheachaint – faoi láthair ar aon nós.
A mhalairt de thoradh a bhí ar a chaint mhístuama. Tharraing sí aird an Gordon Brown, Leo Varadkar, na meáin chumarsáide thuaidh agus theas agus na ngnáthvótóirí. B’éigean don rialtas a shoiléiriú gur ‘faoi láthair’ na focail a d’fhág Burnham ar lár. Tharraing an chonspóid aird ar an bhfadhb a bhaineann le téacs an Chomhaontaithe agus leis an Acht a thugann feidhm dó ; tá na critéir faoina ngairfeadh Stát-Rúnaí na Breataine an reifreann doiléir. Go deimhin is ar éigean is féidir critéir a thabhairt orthu.
Ní hé leas lucht aontaithe na hÉireann ná aontachtaithe an doiléire sin feasta.
Is é a leagtar amach:
‘1. Féadfaidh an Stát-Rúnaí, le hordú, a ordú go ndéanfar vótaíocht …ar dháta a bheidh sonraithe san ordú. 2….feidhmeoidh an Stát-Rúnaí an chumhacht faoi mhír 1[reifreann] más dealraitheach dó tráth ar bith gur dócha go gcuirfeadh tromlach de na daoine a vótálfadh in iúl gur mhian leo go scoirfeadh Tuaisceart Éireann de bheith ina chuid den Ríocht Aontaithe agus go mbeadh sé ina chuid d’Éirinn aontaithe’.
Ní léir cad is brí le ‘más dealraitheach dó’ ná céard atá i gceist le ‘tromlach de na daoine a vótálfadh’. An móramh seasta náisiúnach in Stormont, móramh buan i sraith pobalbhreitheanna a chuirfeadh ina luí ar Státrúnaí gur chóir reifreann a ordú?
Nó móramh daoine de chúlra Caitliceach san daonáireamh? Nó vóta san Tionól ag éileamh reifrinn? Luann saineolaithe éagsúla meascán de na coinníollacha sin. Tá deacrachtaí leo go léir, mar shampla, le vóta in Stormont.
Tá páirtithe in Stormont nach nglacann leis an lipéad náisiúnach nó aontachtach, agus cén léamh a bheadh ag Stát-Rúnaí ar a ndearcadh siúd?
Deir roinnt go gcothódh sé guagacht na critéir a shoiléiriú mar nach stadfadh Sinn Féin ach ag iarraidh na coinníollacha sin a bhaint amach is cuma cén dochar don tseasmhacht a dhéanfadh a dtóraíocht. Ní mór a rá go bhféadfadh an scéal céanna a bheith fíor faoi aontachtaithe ar an taobh eile den argóint.
Níl sé soiléir ach an oiread cé chomh neamhspleách nó chomh hoscailte is a bheadh Stát-Rúnaithe éagsúla. Conas is féidir cinneadh chomh tábhachtach sin a fhágáil faoi bhreithiúnas duine amháin bunaithe ar riachtanais nár fógraíodh riamh? Ó d’fhág an Comhaontú faoin Stát-Rúnaí (fireann, tabhair faoi deara, cé gurb í Mo Mowlam an Stát-Rúnaí a rinne an obair mhór roimh an gComhaontú) an bhfuil critéir leagtha amach ag an mBreatain ach iad coinnithe faoi rún ? Nó an bhfuil neamhaird déanta ag rialtas i ndiaidh rialtais in Westminster den ghnó agus iad ag rá ‘fan go fóill’. Níl sé de cheart acu an reifreann a cheilt go míréasúnach, le claonadh nó le faillí.
Léirigh reifreann an Bhreatimeachta an géarghá atá le réamhobair agus le hionracas. Tá roinnt oibre déanta ar an oileán seo ach go leor fós le déanamh chun go mbeadh a fhios ag daoine thuaidh agus theas céard a bheadh mar thoradh ar a vóta. Tá sé de cheart ag daoine ar an dá thaobh den cheist bhunreachtúil a fháil amach cé na téarmaí tagartha a bheadh acu siúd a d’ordódh an reifreann agus ba go leanfaí an próiseas go trédhearcach.
Chinntigh ráiteas scaoilte Andy Burnham gur beocheist a bhéas sna critéir feasta; tig leis féin agus a Stát-Rúnaí Chris Bryant iad féin a ullmhú do na cruacheisteanna as seo amach. Ní hionann foilsiú na gcritéir agus dáta vótála a fhógairt ach cuid riachtanach é de phróiseas fadtéarmach. Tá sé in am an dúrún a scaoileadh nó, níos cirte seans, tabhairt faoin obair riachtanach i gcomhar le rialtas na Éireann chun na critéir a bheachtú.
Fág freagra ar 'Tá sé in am an dúrún a bhaineann leis an reifreann faoin teorainn a scaoileadh'