Gníomh seachas fógra ag teastáil le dul in ngleic leis an athrú aeráide

Teastaíonn beartas sóisialta uainn a rachaidh chun sochair dúinn go léir

Gníomh seachas fógra ag teastáil le dul in ngleic leis an athrú aeráide

Ar feadh an tsamhraidh, bhí an Eoraip ar lasadh, agus go leor heicteár foraoise, tailte fiáine agus fiú tailte talmhaíochta scriosta ag an tine. Chuir an triomach leis na hiarmhairtí eacnamaíochta a bhain leis an teocht an-ard, agus thit leibhéal ríthábhachtach na n-aibhneacha chomh híseal sin nárbh fhéidir an ghnáth-thrácht earraí a iompar, agus b’éigean stáisiúin núicléacha a dhúnadh mar gheall ar easpa uisce chun na gineadóirí a fhuarú.

Níor fhulaing Éire an oiread céanna leis an gcuid eile den Eoraip, ach fuair muid freisin teocht níos airde ná mar is gnách chomh maith le triomach, agus fadhbanna práinneacha ann maidir le soláthar farae d’eallach agus uisce do bheostoc.

Beidh tionchar tromchúiseach eacnamaíochta ag baint leis seo ar fad, agus an costas maireachtála á thiomáint níos airde fós. Tá rud amháin thar a bheith soiléir ó imeachtaí na bliana seo. Ní féidir fírinne an athraithe aeráide a shéanadh, ná ról ghníomhaíochtaí an duine ann maidir le hastaíochtaí gás díobhálach a mhéadú. Ach tá sé chomh soiléir céanna, in ainneoin go bhfuil tuiscint fhorleathan ann go bhfuil géarchéim ann don phláinéad féin, gur fíorbheagán atá á dhéanamh in Éirinn, san Eoraip agus ar fud an domhain n chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb.

Tá an tAE ag cúlú cheana féin (ar iarratas ó lucht déanta gluaisteán na Gearmáine ar fhág a n-easpa infheistíochta sa nuálaíochta gan chabhair iad nuair a tháinig iomaíocht ón tSín i margadh na ngluaisteán leictreach) ón gClár Glas a fógraíodh go hard.

Agus tá Éire chomh meata umhal agus gan cnámh droma sin nach féidir linn aon rud a dhéanamh gan cead roimh ré ó na hEorpaigh atá i gceannas.

Ach, fiú laistigh de na teorainneacha seo, in ainneoin na spriocanna uaillmhianacha a fhógraíonn an rialtas arís agus arís eile, is cosúil go bhfuiltear teoranta do ghealltanais seachas do ghníomhartha.

Ina bhfeachtas éadóchasach chun aon ghníomh fónta a sheachaint, molann stocairí ar son leasanna éagsúla go bhfuil Éire róbheag le difríocht a dhéanamh. Cén mhaith, a deir siad, d’Éirinn pian eacnamaíochta a fhulaingt nuair nach féidir lenár ngníomhartha an oiread sin tionchair a imirt?

Is gá pleanáil a dhéanamh don aistriú. Ní leor a dhearbhú go bhfuil fadhb ann.
Ar an drochuair, agus an Comhaontas Glas, faoi cheannaireacht Eamon Ryan sa rialtas, bhíothas sásta cuspóirí fiúntacha a dhearbhú gan aon phleanáil maidir le conas iad a bhaint amach nó an díobháil eacnamaíocha ar earnálacha éagsúla a mhaolú.

Mar shampla, admhaíonn gach duine go gcaithfimid astaíochtaí tocsaineacha ónár dtréada beostoic a laghdú. Ach conas a dhéanfaimid aistriú ó fhéarach go dtí saothrú talún agus ioncaim a choinneáil réasúnta seasmhach? Ní dhearna páirtí Ryan ná an rialtas – agus cinnte ní dhearna cumann na bhfeirmeoirí, an IFA – aon iarracht taighde a dhéanamh ar conas is féidir é sin a dhéanamh.

An príomhthionscnamh a cuireadh chun cinn ina ionad sin an cháin charbóin. Is é an smaoineamh a bhí ann dá ndéanfaí carranna príobháideacha níos costasaí go spreagfaí daoine le haistriú go dtí roghanna eile. Ach, i gceantair thuaithe na hÉireann, níl aon roghanna eile ann. Má tá ort carr a úsáid le dul ag obair, caithfidh tú carr a úsáid fiú má chosnaíonn sé níos mó ort.

Ní dhéanann an cháin charbóin faic chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Ní dhéanann sí ach costas maireachtála a mhéadú, agus a thabhairt le tuiscint go bhfuil rud éigin á dhéanamh.

Mar an gcéanna le tithe a théamh. Is bealach soiléir iad painéil ghréine chun úsáid breoslaí iontaise a laghdú, ach tá suiteáil córas painéil ghréine róchostasach don chuid is mó daoine.
Nár lige Dia go gcuirfeadh rialtas agus córas polaitíochta atá tiomanta don chaipitleachas agus don fhiontraíocht phríobháideach suim sa smaoineamh go ndéanfadh an stát na córais sin a chur ar gach díon sa tír.

Bheadh sé sin ina infheistíocht shóisialta a dhéanfadh sochar do chách, agus bheadh na costais maolaithe go pointe áirithe ag na laghduithe a bheadh ar na fíneálacha a ghearrfar orainn as gan na spriocanna laghdaithe breosla iontaise atá againn cheana a bhaint amach.

Ach níl plean den sórt sin ceadaithe ag an AE agus mar sin ní chuirfidh an rialtas suim ann.
I ndeireadh an lae, ní thabharfar aghaidh ar ghéarchéim an athraithe aeráide laistigh den chóras brabúis phríobháidigh. Teastaíonn beartas sóisialta uainn a rachaidh chun sochair dúinn go léir, agus má chiallaíonn sin rialtas nua, is é a thúisce is fearr é.

Fág freagra ar 'Gníomh seachas fógra ag teastáil le dul in ngleic leis an athrú aeráide'