Léirigh vóta sa Dáil agus reifreann san Íoslainn an dá thaobh den daonlathas

Bhí toradh na vótála sa Dáil ar bhreosla soiléir roimh ré ach tá dearcadh mhuintir na hÍoslainne ar bhallraíocht san AE éiginnte

Léirigh vóta sa Dáil agus reifreann san Íoslainn an dá thaobh den daonlathas

Tar éis suí speisialta na Dála Dé hAoine tá moill curtha ar an ardú ar phraghsanna peitril agus díosail a bhí le teacht i bhfeidhm ar an gcéad lá de Dheireadh Fómhair.

Níor chuir rún an rialtais ná toradh na vótála (104-49) iontas ar dhuine ar bith, go háirithe agus fonn ar an rialtas agóidíocht a chuirfeadh isteach ar reáchtáil cruinnithe Eorpacha a sheachaint.

Is de réir a chéile, idir mí na Samhna agus mí Feabhra, a chuirfear deireadh leis na beartais a laghdaigh an dleacht mháil ar bhreosla. Níl san abairt sin áfach ach plean an rialtais.

I bhfírinne beidh a chur i bhfeidhm ag brath go hiomlán ar an Uachtarán Donald Trump, ar lucht ceannais na hIaráine agus ar mheon na ndaoine neamhthofa a bhlocáil bóithre agus calafoirt i mí Aibreáin.

Níl smacht ag an rialtas ar cheannairí na Stát Aontaithe agus na hIaráine. Ó ghéilleadar, áfach, d’agóid na mblocálaithe – ina measc duine a mhaígh go raibh ‘greim sna magairlí’ acu ar an tír – níl smacht iomlán ag an rialtas ar chúrsaí abhus ach oiread.

Is é bun agus barr a gcur chuige – gan é a rá – praghsanna breosla a choimeád faoi €2 an lítear. Tabharfar tosaíocht don aidhm sin agus srian á choimeád arís ar chaiteachas eile.

Ní hionann sin agus a rá nach gá costais bhreosla a choinneáil chomh híseal agus is féidir. Ach scanraigh an dream blocála iad ar dhóigh a mhaireann i gcuimhne gach Teachta Dála mar gheall ar an dochar as cuimse a bhí na lucht na blocála lántoilteanach a dhéanamh.

“Tá a fhios againn go léir cén fáth go bhfuilimid anseo,” a dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Ivana Bacik sa Dáil, “toisc go bhfuil faitíos ar an rialtas go rachfaí i mbun móragóidíochta arís.”

Dúirt an Tánaiste agus Aire Airgeadais, Simon Harris go raibh sé mímhacánta a rá go mbeadh sé ar chumas rialtais ar bith tír a chosaint go hiomlán in éadan ghéarchéim dhomhanda fuinnimh.

“Ní heol do dhuine ar bith cá mbeidh praghas na hola i mí na Samhna ná i mí Feabhra,” a dúirt Simon Harris.

Dhiúltaigh an rialtas díospóireacht a cheadú ar leasú a mhol Sinn Féin a chuirfeadh cosc ar ardú ar bith ar chánacha fuinnimh fad a bheadh praghsanna ard. Seift a chuirfeadh brú níos mó ar chaiteachas dá gcuirfí i bhfeidhm í.

Vótáil seasca Teachta i bhfabhar an leasaithe agus nócha Teachta ina choinne.

Níor mhair an cruinniú speisialta den Dáil ach 105 nóiméad. Tosóidh téarma an fhómhair ar an 16 Meán Fómhair.

Is spéisiúla agus is éiginnte an toradh a bheidh ar chinneadh a dhéanfar san Íoslainn áit a bhfuiltear ag vótáil inniu (Dé Sathairn) i reifreann ar mholadh go gcuirfí tús le comhráite leis an Aontas Eorpach.

Dáiríre ní rogha shimplí amháin ach péire, b’fhéidir, atá le déanamh ag muintir na hÍoslainne. Má vótálann siad i bhfabhar idirbheartaíocht a thosú leis an AE caithfear an margadh ballraíochta a dhéanfar a chur faoina mbráid i reifreann eile.

Thug pobalbhreitheanna le fios le linn an fheachtais go raibh móramh beag i bhfabhar mholadh an rialtais agus gan ach dhá phointe faoin gcéad idir an dá thaobh i suirbhé a foilsíodh an tseachtain seo caite.

Is i gcomhréir beagnach leis an deighilt tuairimíochta i measc vótálaithe atá an tuairimíocht san Althing, parlaimint na hÍoslainne.

Tá dhá pháirtí atá i gcomhrialtas, na Daonlathaithe Sóisialta agus na Liobrálaigh, ag moladh go rachfaí i mbun cainteanna leis an AE. Tá Páirtí an Phobail atá ina dteannta sa chomhrialtas ina choinne sin, chomh maith le páirtithe uile an fhreasúra.

Tá go leor Íoslannach a bhfuil baint acu le tionscal na hiascaireachta in aghaidh na gcainteanna leis an AE. Ní nach ionadh tharla gur ó ghabháil thrálaeir na tíre a thagann daichead faoin gcéad d’easpórtálacha na tíre agus nach léir d’iascairí ach dochar dá ngnó dá mbeidís faoi smacht chomhpholasaí iascaireachta an AE.

Cuirfidh iascairí na hÉireann spéis ar leith i dtoradh an reifrinn mar gheall ar leath-thairiscint a rinne coimisinéir iascaigh an Aontais, Costas Kadis a thug cuairt ar an Íoslainn i mí Aibreáin. D’fhéadfaí géilleadh do na hÍoslannaigh, a dúirt sé, maidir le cuid den chomhpholasaí.

Má thugtar tacaíocht sa reifreann, tacaíocht do mholadh an rialtais go gcuirfí tús le cainteanna ballraíochta, d’fhéadfadh ‘má’ eile dul chun tairbhe dár n-iascairí féin.

Ní foláir do bhallstáit an AE toiliú d’aon ghuth maidir le ballraíocht bhallstáit nua – cinneadh a thabharfadh seans ar a laghad don rialtas athrú a lorg ar fheidhmiú an chomhpholasaí i bhfarraigí na hÉireann.

Déan talamh slán de nó (más fearr leat ainmfhocal níos oiriúnaí), déan farraige shlán de go mbeadh iascairí na hÉireann ag iarraidh go ngéillfí dóibh ar dhóigh a chuirfeadh feidhmiú an chomhpholasaí abhus ar bhonn cothrom le cibé socrú a thairgfí d’iascairí na hÍoslainne.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha, Þorgerður Katrín Gunnarsdóttir, le seirbhís nuachta politico.eu nach ionann an cás i bhfabhar ballraíochta agus céim i leataobh ó na Stáit Aontaithe. Is ballstát i NATO an dá thír.

“Tá an rud céanna á dhéanamh ag an Íoslainn agus atá á dhéanamh ag tíortha eile,” a dúirt sí, “agus muid ag cur tacaíocht bhreise faoinár socruithe cosanta.”

Tá ballraíocht san AE molta ag rialtas na hÍoslainne mar bheartas a neartódh flaitheas na tíre, ach tá na páirtithe atá ina coinne ag moladh coinneáil amach as an Aontas ar an gcúis chéanna.

Cibé toradh a fhógrófar faoi dheireadh an chomhairimh i Reykjavik go déanach oíche Dé Sathairn nó go moch Dé Domhnaigh, is le díospóireacht agus le vótáil amháin a bheidh a rogha déanta ag muintir na hÍoslainne.

Is bua nach beag é don daonlathas agus gan aon bhlocáil déanta ar aon bhóthar, calafort ná ionad ola sula ndearna an pobal a rogha.

Fág freagra ar 'Léirigh vóta sa Dáil agus reifreann san Íoslainn an dá thaobh den daonlathas'