Is í fírinne an scéil san Úcráin go bhfuil arm na Rúise ag teannadh lena línte ionsaithe ar an dá dhaingean dheireanacha sa Donbas atá fós i seilbh na hÚcráine, Kramatorsk agus Sloviansk.
Ceist ama anois é go mbeidh an Donbas ar fad i lámha na Rúise. Sin, dar liom, an fáth a bhfuil ceannairí na hEorpa, a sheachain rannpháirtíocht taidhleoireachta leis an Rúis le breis agus ceithre bliana anuas, ag trácht anois ar shos cogaidh – ní chun an cheist a réiteach ach chun am a cheannach le hathghrúpáil, le hatharmáil agus le leanúint den chogadh.
Agus is ionadh leo nach bhfuil suim ag an Rúis sa mholadh sin.
Le blianta beaga anuas, chonaiceamar ‘cruinnithe mullaigh síochána’ de chuid Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh [NATO] nár tugadh cuireadh chucu don Rúis, agus ag ar labhair ceannairí Eorpacha. ar nós iar-uachtarán na Polainne, faoin Rúis a bhriseadh síos ina stáit níos lú.
Anois is é soiléir go bhfuil NATO ag cailleadh an tseach-chogaidh, éilíonn an tAE ‘sos cogaidh neamhchoinníollach’. Ní togra síochána é seo ach iarracht chun cogadh fada a dhíol leis an bpobal.
Cén fáth a ndearna an tAE baghcat ar an taidhleoireacht ar feadh ceithre bliana go leith agus go leanann air á dhéanamh? Nach mbeadh sé ciallmhar plé a dhéanamh ar an teip struchtúr slándála uile-Eorpach a bhunú a bheadh inghlactha ag an dá thaobh tar éis an chogaidh fhuair?
Déanann an tAE iarracht cosc a chur ar a phobal féin fiú an cheist seo a phlé. Coinníonn an cogadh san Úcráin na Stáit Aontaithe san Eoraip, caomhnaíonn sé aontacht na hEorpa go sealadach agus cosnaíonn sé an scothaicme pholaitiúil ó bhrú ón bhfreasúra. Tá súil acu freisin go lagóidh an troid an Rúis mar iomaitheoir straitéiseach.
Dá mbuafaidís, bheadh na Stáit Aontaithe go láidir ar a gcúl ag na hEorpaigh agus an Úcráin leo ach má chailleann, fágfar an Eoraip gan ról soiléir ná gan aon tábhacht leo i ndomhan ilpholach. Níl aon phlean ann cad a dhéanfar má dhéantar síocháin.
Nuair a bhris réimeas Donald Trump le comhdhearcadh NATO maidir le baghcat ar an taidhleoireacht chun caibidlíocht a dhéanamh le deireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin, ba é príomhaidhm cheannairí na hEorpa ná na cainteanna sin a stopadh.
Rith ceannairí na hEorpa go Washington chun a áitiú gurb éard atá i gceist leis an tsíocháin ná ‘sos cogaidh neamhchoinníollach’ gan fiú socrú polaitiúil a phlé, agus mhéadaigh siad ar na hionsaithe domhain isteach sa Rúis chun an tuairim a dhíol gur féidir an Rúis a chloí.
D’éirigh le cur chuige cheannairí na hEorpa nuair a thosaigh Trump ag glacadh leis an scéal bréagach go raibh an lá leis an Úcráin. Cé gurbh í an aidhm thosaigh a bhí ag rTrump an cogadh san Úcráin a chríochnú nó é a fhágáil faoi hEorpaigh, is cogadh de chuid Trump anois é an seach-chogadh san Úcráin.
Dá mba í a sprioc ‘cabhrú leis an Úcráin’, ní bheadh NATO tar éis rialtas na hÚcráine a threascairt in 2014 in iarracht an Úcráin a tharraingt isteach i bhfithis NATO, rud nach raibh ag teastáil ach ó bheagán Úcránach.
Ní bheadh NATO tar éis Comhaontú Mhionsc a loit idir 2015 agus 2022; ní bheadh NATO tar éis brú a chur ar Zelensky fáil réidh leis an ardán ar son na síochána a bhí aige nuair a bhuaigh sé toghchán 2019. Ní bheadh NATO tar éis comhaontú Iostanbúl in 2022 a chur ó rath.
Nó, ar a laghad, bheadh deireadh curtha ag NATO leis an gcogadh i mí na Samhna 2022, ar mholadh an Ghinearáil Mark Milley, nuair is tréine a bhí an Úcráin.
Ina ionad sin, ciallaíonn ‘seasamh leis an Úcráin’ anois díbirt a dhéanamh ar dhídeanaithe Úcránacha agus maoiniú a dhéanamh ar earcaitheoirí míleata chun fir Úcránacha a sheilg ar na sráideanna agus iad a chur chun báis i gcogadh nach féidir leis an Úcráin a bhuachan.
Seans go bhfuil sé ródhéanach aon rud a shábháil don Úcráin. De réir mar a dhiúltaigh an Úcráin suí síos leis an Rúis chun síocháin a phlé, threisigh an Rúis a cuid téarmaí.
Tá a lán cainte ann faoi dhul chun cogaidh go díreach leis an Rúis. Ar dtús, níl sé ar chumas na hEorpa é sin a dhéanamh, ach fiú dá mbeadh cuimhnigh go bhfuil arm núicléach ag an Rúis. Ni féidir an Rúis a chloí gan cogadh núicléach, agus scriosfadh cogadh den chineál sin an domhan ar fad.
Fág freagra ar 'Níl aon phlean ag an AE faoi cad a dhéanfaidh siad má bhíonn síocháin san Úcráin'