Cuirfear tús an deireadh seachtaine seo leis an tSraith Náisiúnta FAI – roinn úr a thabharfaidh deis d’fhoirne sacair ar fud na tíre imirt in éadan a chéile sa tríú sraith de shraith sacair na hÉireann.
Cúig fhoireann déag a bheas ag imirt sa tsraith úr, iad roinnte ina dtrí ghrúpa agus imreofar cluichí i mBabhta 1 an Satharn beag seo.
Tá bóthar fada ó dheas le taisteal ag Cathal Mac Íomhair, fear óg as Glaise Chú, i nGaeltacht Dhún na nGall atá mar chuid d’fhoireann Letterkenny Rovers, a thabharfaidh aghaidh ar Salthill Devon sa Ghaillimh i nGrúpa 2 den tSraith Náisiúnta inniu, Dé Sathairn.
Bhí séasúr mór maith ag Mac Íomhair lena chlub áitiúil Gleann Átha Aontaithe i mbliana agus shínigh sé le Letterkenny Rovers le linn an tsamhraidh chun imirt ag leibhéal níos airde.
“Fuair mé an scéala le gabháil amach [go Leitir Ceanainn] thart fá lár mhí an Mheithimh agus cha raibh a fhios agam caidé a bhí mé ag siúl isteach ann. Tá an traenáil crua ach iontach maith agus cha dtig leat mórán a dhéanamh ciotach,” a dúirt sé.
Go dtí seo, tá achan rud ag dul go maith do Mhac Íomhair agus cé go bhfuil sé rud beag neirbhíseach faoin chluiche mór ar an Satharn, tá sé ag súil le toradh maith a fháil i nGaillimh.
“Tá tú i dtólamh ag gabháil a bheith neirbhíseach in éadan na bhfoirne mór cosúil le Salthill Devon ach tá cúpla cluiche [dúshláin] imeartha againn agus tá muid ag teacht le chéile anois go maith. Tá súil agam go mbeidh muid ar an taobh ceart den toradh Dé Sathairn,” a dúirt sé le Tuairisc.
Agus tús á chur leis an tsraith úr an deireadh seachtaine seo, dúirt Mac Íomhair, a imríonn i lár na páirce, go bhfuil achan fhoireann agus an dúshlán céanna rompu roimh na cluichí seo mar nach bhfuil a fhios ag foireann ar bith caide atá i ndán dóibh..
“Níl a fhios ag aon duine, ach b’fhéidir go bhfuil a fhios againne caidé atá ag na foirne as Dún na nGall.”
“Níl a fhios againn caidé atá ag gabháil a bheith acu [Salthill Devon] ach nuair atá tú ag gabháil isteach i Sraith Náisiúnta úr tá achan fhoireann ag gabháil a bheith chomh maith lena chéile agus caithfidh muid go díreach imirt ar an dóigh atá muid ag imirt le tamall,” a dúirt sé.
Bhí an méid a bhí le rá ag Mac Íomhair faoina chéad chluiche sa tSraith Náisiúnta ag teacht le tuairimí Calym Crowe, ó Choc na Cathrach sa Ghaillimh, atá mar chaptaen ar fhoireann Salthill Devon.
“Leis na foirne nua uilig atá sa tsraith seo níl cur amach againn ar fhoirne ar bith, mar sin beidh sé deacair go leor agus dúshlánach” a dúirt sé.
Dúirt sé gur chuala sé go bhfuil “go leor imreoirí nua” faighte ag Letterkenny Rovers agus gurb amhlaidh atá sé lena fhoireann féin.
“Tá go leor imreoirí imithe anois agus tá go leor imreoirí nua ag teacht isteach mar sin níl mórán ar eolas againn faoi aon fhoireann i ndáiríre,” a dúirt sé le Tuairisc.
Dúirt Crowe, a imríonn mar chosantóir, gur imir sé faoi naoi déag agus faoi sheacht déag le Gaillimh Aontaithe i Sraith na hÉireann, ach nach bhfuair sé deis an rud céanna a dhéanamh ag an leibhéal sinsir riamh.
“Is rud iontach é is dócha go bhfuil seans ag daoine nach raibh seans acu imirt ag an leibhéal sinsir riamh é sin a dhéanamh anois. Níor imir mé sinsear riamh mar sin tá mé ag tnúth go mór leis anois a bheith ag imirt sa chomórtas náisiúnta.”
“Is féidir le haon rud tarlú mar sin tá muid ag iarraidh dhul amach agus tús maith a bheith againn ar an Satharn,” a dúirt sé.
I mí Feabhra 2024 a thug an FAI le fios go mbeadh an tSraith Náisiúnta le bunú agus i mí na Nollag anuraidh fógraíodh na foirne uilig a bheadh páirteach sa chéad séasúr.
Séasúr gairid a bheas ann i mbliana agus tá súil ag an FAI séasúr níos faide a chruthú in 2027, áit a bheas deis ag foirne i Roinn 3 ardú céime a bhaint amach agus bogadh in airde go Roinn 2 de shraith náisiúnta sacair na hÉireann.
Fág freagra ar 'AGALLAMH: Beirt chainteoirí Gaeilge in aghaidh a chéile i Roinn úr de Shraith Sacair na hÉireann'