An Roinn Pobal ‘ag déanamh a ndíchill’ straitéis Ghaeilge a fhorbairt do Stormont – Breitheamh Ard-Chúirte

Tá sé ráite ag breitheamh Ard-Chúirte den tríú huair go bhfuil an dualgas dlí atá ar Fheidhmeannas Stormont á shárú aige

An Roinn Pobal ‘ag déanamh a ndíchill’ straitéis Ghaeilge a fhorbairt do Stormont – Breitheamh Ard-Chúirte

Tá Feidhmeannas Stormont fós ag sárú an dualgais dhlíthiúil atá air straitéis Ghaeilge a chur i bhfeidhm, de réir rialú a rinneadh san Ard-Chúirt i mBéal Feirste.

Dúirt an Breitheamh Gerry McAlinden, áfach, gur léir go bhfuil an Roinn Pobal “ag déanamh a ndíchill” leis an straitéis don Ghaeilge a fhorbairt, cé gur admhaíodh sa chúirt nach mbeadh an straitéis ann sula dtiocfadh deireadh le téarma seo an Fheidhmeannais ag tús an tsamhraidh an bhliain seo chugainn.

Mhol an breitheamh san éisteacht a bhí ar siúl an tseachtain seo an obair “dhíograiseach” atá ar siúl ag stiúrthóir de chuid na Roinne Pobal maidir le dréachtstraitéis a thabhairt chun críche.

Seo an tríú huair atá an Breitheamh McAlinden tar éis rialú in aghaidh an Fheidhmeannais. Ba é Conradh na Gaeilge a thug an Feidhmeannas os comhair na hArd-Chúirte mar gheall ar an “teip leanúnach” glacadh le straitéis don teanga. An babhta seo bhí athbhreithniú breithiúnach á dhéanamh ar an Aire Pobal, Gordon Lyons, féin mar chuid de na himeachtaí cúirte.

Cé go ndúirt an Breitheamh McAlinden go bhfuil an Feidhmeannas ag sárú a dhualgais, níor thug sé ordú a chuirfeadh iachall air straitéis a réiteach ná plean a cheapadh le straitéis a réiteach. Dúirt sé freisin, áfach, go raibh an chaoi ar theip ar an Aire Pobal freagairt ar an bpróiseas trasrannach “mídhleathach” agus “neamhréasúnta”.

Rialaigh sé gur theip ar an Aire Lyons freagra ceart a thabhairt ar iarratais a Roinne féin aighneachtaí a fhaomhadh faoi na freagrachtaí agus faoi na gníomhartha sular tháinig deireadh leis an éisteacht i lár an tsamhraidh.

Lorg Conradh na Gaeilge ordú speisialta ón gcúirt ach dhiúltaigh an Breitheamh McAlinden é sin a thabhairt mar gheall ar iarrachtaí oifigigh na Roinne agus meitheal oibre thrasrannach an straitéis a fhorbairt agus a chríochnú.

Gealladh an straitéis ar dtús faoi Chomhaontú Chill Rímhinn in 2006 ach níor tosaíodh ar an dréachtú go dtí 2020. Níor cuireadh dréachtchóip den straitéis os comhair an Fheidhmeannais go fóill.

Mhaígh Uachtarán Chonradh na Gaeilge ,Ciarán Mac Giolla Bhéin níos luaithe i mbliana go raibh an straitéis “nach mór críochnaithe” sular ceapadh Gordon Lyons ón DUP ina Aire Pobal dhá bhliain ó shin ach nach bhfuil aon dul chin cinn déanta ó shin.

Thug Conradh na Gaeilge dhá chás eile faoin ábhar céanna chun na hardchúirte, in 2017 agus in 2022. Sa dá chás sin dearbhaíodh gur theip ar an bhFeidhmeannas a ndualgas dlí a chomhlíonadh.

Fág freagra ar 'An Roinn Pobal ‘ag déanamh a ndíchill’ straitéis Ghaeilge a fhorbairt do Stormont – Breitheamh Ard-Chúirte'