Scannán Gaeilge eile curtha chun cinn le dul san iomaíocht do ghradam Oscar

Fógraíodh ar maidin go bhfuil an scannán ‘Aontas’ roghnaithe ag IFTA mar iontráil na hÉireann sa chatagóir ‘Príomhscannán Idirnáisiúnta is Fearr’

Scannán Gaeilge eile curtha chun cinn le dul san iomaíocht do ghradam Oscar

Tá an scannán Gaeilge Aontas le dul in iomaíocht ar son na hÉireann do ghradam Oscar.

Fógraíodh ar maidin go bhfuil an scannán roghnaithe ag IFTA mar iontráil na hÉireann sa chatagóir ‘Príomhscannán Idirnáisiúnta is Fearr’.

Is é Aontas an cúigiú scannán Gaeilge atá roghnaithe ag IFTA chun dul in iomaíocht do na Oscars ó 2020. Ba iad Arracht, Foscadh, An Cailín Ciúin, agus Kneecap na scannáin eile. Ghnóthaigh An Cailín Ciúin ainmniúchán Oscar in 2023.

Rachaidh Aontas in iomaíocht leis na scannáin idirnáisiúnta uile eile a chuirfear chun cinn agus súil acu áit a fháil ar ghearrliosta 15 scannán a fhógrófar ar an 15 Nollaig. Fógrófar ansin ar an 21 Eanáir na cúig scannán a bhfuil ainmniúchán faighte acu don ghradam Oscar. Fógrófar buaiteoir an ghradaim ag an searmanas mór ar an 14 Márta.

Is é Damian McCann a stiúir an scannán agus Carrie Crowley, Bríd Brennan agus Eva-Jane Gaffney atá sna príomhróil. Insítear sa scannán scéal triúr ban a thugann faoi chomhar creidmheasa a robáil.

“D’eascair Aontas as comhrá a bhí agam le mo mháthair inar chuir sí síos go mion ar an dóigh a ndéanfadh sise banc a robáil. Ón chomhrá sin, tháinig scannán chun cinn a chuaigh i bhfeidhm ar lucht féachana timpeall an domhain,” a dúirt Damian McCann.

Léiríodh Aontas le tacaíocht ó TG4, BBC Gaeilge agus Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann.

Fuair an scannán ainmniúchán i sé rannóg ag gradaim IFTA i mbliana, ainmniúchán sa rannóg ‘Scannán na Bliana’ ina measc. Tá 13 duais buaite aige ag féilte scannán in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Deirdre Ní Choistín go dtugann an dea-scéal is déanaí do scannán Gaeilge spreagadh d’earnáil chruthaitheach na Gaeilge.

“Rinne An Cailín Ciúin gaisce stairiúil ag na Academy Awards in 2023, léiriú eile ar an gcaoi is féidir le scéalta nua-cheaptha i nGaeilge dul i bhfeidhm go mór ar lucht féachana ar fud an domhain mhóir. Tagann Aontas sna sála ar an ngaisce sin agus is léiriú eile é ar an tallann chruthaitheach d’ardchaighdeán atá ag obair inár n-earnáil léiriúcháin neamhspleách,” a dúirt Ní Choistín.

Fág freagra ar 'Scannán Gaeilge eile curtha chun cinn le dul san iomaíocht do ghradam Oscar'