‘Ár gCnoc Bréanainn’ – aiséirí i ndán do phictiúrlann an Phoenix i nDaingean Uí Chúis

Tá a gcuimhní féin ag gach éinne a chaith oíche riamh sa Phoenix sa Daingean - an chéad scannán, an chéad phóg, an chéad Toblerone, an chéad rince

‘Ár gCnoc Bréanainn’ – aiséirí i ndán do phictiúrlann an Phoenix i nDaingean Uí Chúis

Ar shlí ba é ár gCnoc Bréanainn é. Trasna an bhóthair díreach ónár dtighne, an foirgneamh ba mhó mistéir ar imeall na toinne i nDaingean Uí Chúis; Amharclann an Phoenix.

Scéal dearfach, i mo thuairim, do Chorca Dhuibhne, do Chúige Mumhan agus don tír ar fad go bhfuil cead pleanála faighte ag Yvonne McGuinness agus Cillian Murphy an tionscnamh athfhorbartha seo a chur chun cinn. Tá iarratas déanta acu, i bpáirt le Comhairle Contae Chiarraí, ar an gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe de chuid na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta. Tá sé i gceist acu cuideachta faoi theorainn ráthaíochta (CTR) a bhunú chun tionscnamh an Phoenix a riaradh.

Tugadh léargas ar a bhfuil beartaithe don láthair ag trí cinn de chruinnithe poiblí i samhradh na bliana anuraidh. Ba í Yvonne McGuinness a bhí ina Cathaoirleach agus bhí seans ag daoine pointí a ardú agus ceisteanna a chur i nGaeilge nó i mBéarla.

Táthar ag cur béime ar láthair i gcorplár bhaile an Daingin ina bhféadfaí úsáid a bhaint as d’iliomad rudaí. Thug ailtire an tionscnaimh, Andrew Clancy, léargas ar a gcuid pleananna foirgneamh nua a thógáil béal dorais leis an amharclann atá i Sráid na Dadhgaide le os cionn céad bliain.

Déanfar spás solúbtha den halla éisteachta atá sa Phoenix faoi láthair; beifear ábalta scannáin a thaispeáint, drámaíocht, ceol is rince a stáitsiú.

Tógfar foirgneamh nua in Abha na Dála ar aghaidh an tí seo againne ina mbeidh dhá stiúideo d’ealaíontóirí cónaitheacha. Beidh daoine, atá ina acmhainn, ábalta na stiúideonna agus an lóistín a thógaint ar cíos – rud a sholáthróidh ioncam don Ionad Ealaíon trí chéile.

Beidh pictiúrlann bheag daichead suíochán in airde staighre ina mbeidh spás do cineama na Gaeilge, an ceathrú cineama, agus cineama ealaíne. Tá béim ar an nGaolainn ag an lucht forbartha go dtí seo, foilsítear faisnéis go dátheangach faoin tionscnamh.

Tá gairdín céadfaí beartaithe lasmuigh sa chlós, bialann agus caifé. Ar an taobh thuaidh den chlós mar atá anois ann, tógfar dánlann agus tá seomraí oideachais agus spás d’imeachtaí pobail in airde staighre mar chuid de na pleananna. Caitear éagsúlacht agus roghanna difriúla a chruthú chun dul in iomaíocht leis an bhfón cliste.

Cillian Murphy agus Michael Francie Ó Súilleabháin. Pictiúr: Ted Creedon

Is ceist íogair í in Éirinn, struchtúr corparáideach agus rialachais eagraíochtaí i réimse na n-ealaíon, na siamsaíochta agus na meán. Leagtar freagracht agus ualach trom ar bhord stiúrthóirí, daoine a thugann a gcuid ama go deonach. Dúirt an t-ailtire, Andrew Clancy ag ceann de na cruinnithe poiblí go bhfuiltear ag féachaint ar struchtúir d’eagraíocht ealaíon i gcathair Ghent sa Bheilg agus in Barcelona. Is cosúil go bhfuil an dream atá i mbun forbartha an Phoenix airdeallach ar an riachtanas atá ann go bhféachfaí ar bhealaí nua chun a leithéid de thionscnamh a riaradh. Deir siad go dtabharfar an t-ionad nua thar n-ais do phobal Chorca Dhuibhne.

Tá mo thaithí féin ar Amharclann an Phoenix chomh fada sin ón rialachas, riaradh agus an saol corparáideach is atá an dá thaobh de Chuan an Daingin óna chéile.

Fuaireas blaiseadh de na freagrachtaí úd nuair a bhíos ar an mbord agus i mo chathaoirleach ar an Taibhdhearc idir 2016 – 2021. Spórt agus pléisiúr ar fad a bhain leis an seal a chaitheas sa Phoenix idir 1980 – 1986.

Tá a gcuid braistintí mothálacha pearsanta féin ag gach éinne a chaith oíche riamh san áit seo: an chéad scannán, an chéad phóg, an chéad Toblerone, an chéad rince, an bheirt a d’fháisc chun a chéile den chéad uair.

Spreagadh caisí mothúchán i bpobal Chorca Dhuibhne i mí na Samhna 2021 nuair a d’fhógair úinéirí an Phoenix, muintir Uí Shúilleabháin, nach rabhadar chun an áit a athoscailt tar éis na paindéime agus go gcuirfí bean scothaosta Shráid na Dadhgaide ar an margadh.

Tá ré nua ar leac an dorais. Deirtear gur trí mhóin a dhó a ghintí an fuinneamh chun an chéad teilgeoir a tháinig ón Iodáil a lasadh i bpictiúrlann an Daingin. Is fearas digiteach agus fuaim Dolby a chuirfidh cóir ar an Phoenix agus í ag éirí an athuair in aimsir seo na heagla, na héiginnteachta agus na bhfónanna cliste.

Fág freagra ar '‘Ár gCnoc Bréanainn’ – aiséirí i ndán do phictiúrlann an Phoenix i nDaingean Uí Chúis'