Tá cead pleanála faighte ag ionad nua fiontraíochta 1,500m² i nGaeltacht na nDéise. Beidh an spás nua ar fáil do leithéidí Nemeton TV agus Na Bróga Dearga chomh maith le comhlachtaí nua. Beidh gTeic, caifé agus oifig Chomhlucht Forbartha na nDéise sa lárnionad nua freisin chun “mol pobail agus cultúir” a chruthú i Rinn Ó gCuanach.
Tá fáilte mhór curtha ag Údarás na Gaeltachta roimh an scéala go bhfuil an cead pleanála faighte don ionad agus deir siad go bhfeidhmeoidh an áit “mar phointe fócais d’fhiontar, cultúr agus turasóireacht sa cheantar”. Maíonn an tÚdarás freisin go bhfuil “sprioc fostaíochta” suas le 50 post lánaimseartha ag an ionad sa cheantar beag Gaeltachta.
“Cuirimid fáilte roimh fhógra an lae inniu. Tá Gaeltacht na Rinne mar eiseamláir ó thaobh na fostaíochta de i gceantar ina bhfuil úsáid na Gaeilge ar bhonn laethúil ag fás.
“Beidh deis an obair cheannródaíoch atá ar bun ann ó thaobh na nuálaíochta go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta a chur i dteannta áiseanna den chéad scoth ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga oibre agus a mheallfaidh tuilleadh fostaíochta inbhuanaithe chuig Gaeltacht Phort Láirge,” a dúirt Tomás Ó Síocháin, príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.
Tá an tÚdarás ag súil go dtabharfaidh an t-ionad nua “daoine le chéile chun borradh a chur faoi fhiontraíocht agus cultúr” i nGaeltacht na nDéise i spás “úrnua atá in oiriúint do na comhlachtaí agus do riachtanais an phobail”.
Chomh maith le hoifigí do Nemeton, Comhlucht Forbartha na nDéise, agus Na Bróga Dearga, tá sé i gceist “amharclann faoin aer” a lonnú san ionad nua agus “spás oscailte” a d’fhéadfaí a úsáid “d’ócáidí pobail agus do thaispeántais ealaíon”.
“Tá sé seo ar na bacáin le tamall fada, táimid ag caint air le fiche bliain nó níos faide. Fuarthas cead pleanála cúig bliana déag ó shin, ach ansin tháinig an titim eacnamaíochta agus deineadh dearmad air. Thóg sé cúig nó sé bliana le teacht chuig an staid seo anois.
“Tá éileamh ann ón bpobal dó seo, agus ticeálfaidh sé an-chuid boscaí – beidh áit don phobal ann, beidh áit do na comhlachtaí, agus tá an dá rud an-tábhachtach,” a dúirt Mícheál Ó Drisleáin, bainisteoir feidhmeach Chomhlucht Forbartha na nDéise le Tuairisc.
Dúirt sé go mbeidh cosúlachtaí áirithe, ó thaobh an ghnó de, ag an bhforbairt nua i bPort Láirge le Campas Íosagáin a osclaíodh i gCorcaigh i mbliana ach nach bhfuil eiseamláir sa Ghaeltacht fós de na háiseanna pobail atá beartaithe don ionad nua.
“Ceann de na ganntanais is mó [atá sna Déise] faoi láthair ná na háiseanna pobail agus gnó. Tá na foirgnimh atá ag Nemeton ag teacht chuig deireadh ré anois agus níor mhaith linn go n-imeodh comhlacht chomh maith sin as an áit, agus táimid ag iarraidh comhlachtaí eile fós a mhealladh.
“Is páirc ghlas atá ann faoi láthair, atá in áit iontach. Tá sé díreach i lár na háite i mBaile na nGall, tá an siopa Spar taobh leis agus an pháirc CLG trasna an bhóthair uaidh,” a dúirt Ó Drisleáin.
Is é an chéad chéim eile a bheidh ann anois ná maoiniú a fháil, a dúirt sé, agus súil aige go bpléifear an cheist áirithe sin ag cruinniú de chuid Bhord Údarás na Gaeltachta i mí Mheán Fómhair na bliana seo.
“Táimid ag teacht go dtí an pointe go mbeidh maoiniú le ceadú. Measaimid go mbeidh tuairim is €11 milliún i gceist leis an togra ar fad agus is dócha go bpléifidh bord an Údaráis an cheist ag cruinniú i mí Mheán Fómhair. Beimid ag lorg tairiscintí nuair a bheidh an maoiniú faighte agus cuirfear tús leis an obair i lár na bliana seo chugainn. Bliain go leith nó mar sin a thógfaidh an obair thógála agus bheimis ag súil go mbeadh an áit oscailte faoi dheireadh 2029,” a dúirt Ó Drisleáin.
Fág freagra ar 'Cead pleanála ceadaithe d’ionad fiontraíochta i nGaeltacht na nDéise'